Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Teachta as an gceist sin ar chathair Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an ngéarchéim atá ansin i dtaca le Gaelcholáistí. Tá an ghéarchéim chéanna ar fud na tíre, má smaoinítear air. Luadh níos túisce an fáth leis seo. Tá deacracht cinnte le bunú Gaelcholáistí mar gheall ar an gceist a ardaíonn an Roinn faoi inmharthanacht agus an bhfuil dóthain Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal chun tacú le hinmharthanacht meánscoil i gceantar tuaithe.

Tá polasaí ag an Stát go mbeidh 400 scoil ilchreidmheach sa tír seo faoin mbliain 2030 ag an mbunleibhéal. Tá iarratas déanta againn, is é sin ag an bhForas Pátrúnachta, agus ag daoine eile san earnáil Ghaeilge ag fiosrú cén fáth nach bhfuil an polasaí ag an Stát go mbeadh 400 bunscoil lán-Ghaeilge ag an Stát chomh maith. Cén fáth nach bhfuil sé sin ainmnithe agus curtha síos mar sprioc? Is féidir é a dhéanamh go héasca mar tá an straitéis ann ó thaobh na scoileanna ilchreidmheacha. Má táimid ag iompú scoil isteach ina scoil ilchreidmheach, d'fhéadfadh sí a bheith ina scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge ar dtús. Chiallódh sé sin go mbeadh breis scoileanna i gceantair tuaithe chun tacú le inmharthanacht meánscoil lán-Ghaeilge.

Chun tacú leis sin freisin, tá múnla nua á chur chun cinn ag an bhForas Pátrúnachta do cheantair thuaithe nó ceantair ina bhfuil líon beag Gaelscoileanna, agus is satailít de mháthairscoil lán-Ghaeilge ag an meánleibhéal a bheadh ann. Is é an meon atá againn ná go ndeir an taighde linn go seolfaidh 55% de thuismitheoirí a gcuid páistí chuig Gaelscoil, do Ghaelcholáiste nó d’oideachas lán-Ghaeilge, má tá ceann gar dóibh. Má bhunaímid meánscoileanna lán-Ghaeilge agus má thugaimid agus an Roinn na hacmhainní dóibh chun iad a fhorbairt, fásfaidh an t-éileamh de réir a chéile agus beidh inmharthanacht i gceist maidir leo.

Go tapa, maidir leis an bpointe a rinne an Teachta freisin faoin nGaeilge agus turais chuig an nGaeltacht ag páistí na hidirbhliana, aontaím leis sin ach tá sé ceangailte leis an líofacht agus chaithfí ceangal éigin a bheith ann. Is é sin an chaoi a thiteann Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha isteach go láidir chun tacú le cumarsáid agus forbairt na cumarsáide agus gnéithe áirithe den teanga nach bhfuilimid in ann freastal orthu faoi láthair.