Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Teachta O’Sullivan as na ceisteanna sin. Ní rachaidh mé i bhfad scéil leo ach is é an chéad rud a luaigh sé ná an scrúdú béil. Níl a fhios agam an féidir scrúdú a dhéanamh níos mealltaí agus b’fhéidir go mbeimis ag imeacht ón gcóras atá ann ina bhfuil an-chuid foghlama de ghlanmheabhair á úsáid. I gcuid de na teangacha eile agus, fiú amháin, de na córais atá acu ar fud na hEorpa, cuirtear iallach ar scoláirí nó ar mhic léinn breathnú ar ghrianghraif nó ar phíosa gairid iriseoireachta nó scríbhneoireachta nach bhfuil feicthe acu cheana féin. Tugtar tamall beag dóibh breathnú agus machnamh a dhéanamh air agus ansin caithfidh siad a bheith in ann comhrá a láimhseáil bunaithe ar an méid sin. Is rogha amháin a bheadh ansin, b’fhéidir.

Maidir leis an gceist a d’ardaigh an Teachta faoi chúrsaí idirbhliana agus turais chun na Gaeltachta, rinne Julian de Spáinn tagairt ansin don tuarascáil atá ar bhord an Aire maidir leis na leasuithe ardteistiméireachta. Beidh le feiceáil an mbeidh gnéithe laistigh den tuarascáil sin a dhéanann tagairtí sonracha do chreidiúnú nó do theistiú éigin mar chuid den tsraith shinsearach a bhainfeadh le gníomhaíochtaí na hidirbhliana. B’fhéidir go mbeadh féidearthachtaí ansin. Ní leor an turas amháin agus bheadh gá le measúnú de chineál éigin ionas go bhfeadfaí creidiúnú éigin a bhronnadh ar dhaoine.

Is í earcaíocht na hearnála poiblí an rud deiridh a ndearna an Teachta tagairt dó. Chun freagra gonta a thabhairt ar an gceist sin, ní dóigh liom go bhfuil dóthain á dhéanamh againn. Tá roinnt de na pointí a ardaíodh inniu maidir le hailíniú i gcomhthéacs an fhráma tagartha ann chomh maith leis sin atá luaite agam féin cúpla geábh ag an bpointe seo. D’fhéadfaí, nuair atáthar ag déanamh anailíse ar na sonraí a eascraíonn ón gcomhairliúchán, breathnú ar dheiseanna a bheadh ann díriú isteach ar ghnéithe feidhmeacha a bhainfeadh leis an nGaeilge, conas a bhfeadfaí déileáil leis an nGaeilge mar theanga soláthair oibre, agus féachaint ar na scileanna cuí sin a bheith mar chuid de shonraíocht a thiocfadh chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.