Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis an gceist mhaith sin a chuir an Seanadóir, luafaidh mé rud amháin a bheidh bainteach leis. Tá eolas breise sa cháipéis a bhí Fíona Uí Uiginn ag labhairt faoi ar conas a dhéanfar an t-athailíniú leis an bhfráma tagartha. Is é ceann de na rudaí is mó a athródh, más rud é go rabhamar chun an fráma a úsáid agus ag teacht tríd an gcóras ar fad, ná go mbeadh béim i bhfad Éireann níos mó ar an gcumarsáid. Tá na cúrsaí atá ar fáil ó Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad faoi láthair, mar shampla, do dhaoine fásta ag baint úsáid as an bhfráma tagartha ar nós an chúrsa: Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, mar a ghlaoitear air. Tá sé sin thar a bheith dírithe ar an teanga chumarsáide. Is é buntáiste eile a dtagann ón bhfráma tagartha ná gur féidir le duine a bheith ar leibhéal níos airde, mar shampla, sa teanga labhartha ná mar atá sé nó sí sa teanga scríofa. Ie é sin ceann de na rudaí a bheadh an-solúbtha agus b’fhéidir go dtabharfadh sé an-mhisneach do dhaltaí freisin má thuigeann siad go bhfuil ag eirí leis nó léi i labhairt na Gaeilge ach b’fhéidir go gcaithfidh an dalta feabhas a chur ar a chuid nó a cuid Gaeilge scríofa nó ar ghnéithe eile. Athródh córas mar sin an chaint i dtaca le foghlaim na Gaeilge más rud é go raibh a fhios ag daoine go raibh sé bunaithe freisin ar rud, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na hEorpa. Is maith le daoine a thabhairt faoi deara go bhfuil siad ina gcuid de rud níos mó agus b’fhéidir go gcabhródh sé sin leis.

Ar an taobh eile den bhfráma tagartha freisin, tá próifíl teanga a chuirtear san áireamh maidir leis an gcur chuige a bhíonn ann leis na réimsí daltaí éagsúla. D’fhéadfadh an próifíl a bheith ag freagairt do na riachtanais atá ag na daltaí atá san áireamh do pé leibhéal atá i gceist leis an bhfráma tagartha agus é bunaithe ar cén grúpa dalta a bheadh i gceist.