Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir le hathbhreithniú atá le déanamh ar an ardteist ina iomláine, tuigimid é sin agus feicimid é sin. Mar a dúirt an Seanadóir, tá an tuarascáil leis an Aire faoi láthair. Is é an áit as a bhfuil mise ag teacht ná go bhfuil rud níos mó i gceist ná díreach an ardteist amháin. D’fhéadfaí a rá gurb é sin an chéim dheireanach san aistear a bhíonn ag an dalta ó thús go deireadh.

Nuair a thagann sé go dtí an Ghaeilge, sílim go bhfuil deis ann le féachaint ar an teanga ina hiomláine ó thús go deireadh in ionad a bheith ag breathnú díreach ar an ardteist agus na hathruithe a thiocfaidh uirthi. Má tá córas curtha ar bun atá ag breathnú ar an nGaeilge ó réamhscoil ar aghaidh go dtí bunscoil agus meánscoil agus ansin isteach go dtí an tríú leibhéal, beidh córas mar sin in ann tabhairt faoi aon athrú eile a thiocfaidh faoin ardteist go ginearálta, ach ba chóir go n-aithneodh sé sin go bhfuil deis an-mhaith againn go mbeidh aon chúrsa amháin nó aon dréimire amháin. Má chuirtear leis an bhfráma é, agus tagann sé go dtí an pointe eile a bhí ag an Seanadóir, dhéanfaí é ar bhealach cothrom, thabharfadh sé deis chothrom do dhaoine an Ghaeilge a bheith acu agus dhéanfaí freastal orthu ar an gcumas atá acu freisin.

Mar a luaigh mé níos luaithe, agus ní rachaidh mé i bhfad scéal leis, dá mbeadh an fráma in úsáid, mar shampla, d’fhéadfaí freastal ar an dalta a thagann isteach sa chúrsa déanach. Faoi láthair, deirtear leis nó léi suí ar chúl an tseomra agus nach bhfuil sé nó sí chun an Ghaeilge a dhéanamh. Cén fáth nach féidir leo tosú agus A1 a bhaint amach ar an bhfráma? D’fhéadfadh siad a bheith bródúil as. Bhíomar ag caint faoin turas saoil sin ó thaobh foghlaim na Gaeilge de. D’fhéadfadh an foghlaimeoir lag a bhfuil deacrachtaí scríbhneoireachta aige nó aici an scrúdú béil a dhéanamh amháin don ardteist agus pointí a fháil ansin.

Tá an-chuid solúbthachta ag baint le cuid de na moltaí atáimid ag cur chun cinn a bheadh níos cothroime ná an córas nach bhfuil solúbtha faoi láthair. Is fiú dúinn bheith ag breathnú air sin fiú lasmuigh de na hathruithe atá le teacht ar an ardteist. Sílim go bhfuil ceist níos leithne ann faoi conas gur féidir linn an Ghaeilge a cheangal ó thús go deireadh tríd an gcóras ar fad.