Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Ba mhaith liom tacú leis an méid atá ráite ag Julian de Spáinn ansin. Luaigh an Seanadóir O’Reilly na silos atá ann agus is dóigh liom go bhfuil an ceart aici. Go dtí pointe, tá na dréachtsonraíochtaí silo iontu féin. Tá ceist na Gaeilge sa chóras oideachais i bhfad níos leithne ná cuid mhór de na ngnáth-ábhar eile. Caithfear é a shuí i gcomhthéacs. Maidir le polasaí don oideachas lán-Gaeilge, a ndearna Caoimhín Ó hEaghra trácht air, níl aon trácht sna dréachtsonraíochtaí ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, mar shampla. Níl an t-athbhreithniú déanta ar an sraith shóisearach. Níl aon chaint ar an bhfráma tagartha. Níl aon chaint ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ar bhealach, nuair atá sonraíocht nó curaclam nua á shamhlú don Ghaeilge san ardteist, caithfear é a shuí sa phictiúr iomlán, polasaithe éagsúla an Stáit a chomhtháthú leis, agus an nuálaíocht atá ag tarlú maidir le múineadh teanga agus leis an bhfráma tagartha a thabhairt isteach.

Déarfainn festina lente. Gluaisfimis ar aghaidh go mall ag cur na rudaí seo ar fad san áireamh agus b’fhéidir cuid acu a chur i gcrích i dtosach. Is cinnte gurb é an chéad rud a chaithfear a chur i gcrích ná an t-athbhreithniú ar an sraith shóisearach agus an fhoghlaim atá le déanamh as sin a chur san áireamh sula dtéann muid ar aghaidh chun aon athrú a dhéanamh ar an ardteist. Má dhéanaimid silo leis féin é, ní oibreoidh sé. Mar a dúirt Julian de Spáinn, caithfidh sé a bheith i gcomhthéacs polasaí iomlán an Stáit i leith na teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.