Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtosach báire, gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcuir i láthair. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, tá an t-ábhar seo pléite go maith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge roimhe seo. Seasann dhá abairt amach as na cuir i láthair go léir. Mar a dúirt Fíona Uí Uiginn, caithfimid freastal ar riachtanais foghlama gach dalta sa tír. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur cóir freastal ar chearta teanga gach duine sa tír. Mar a tharlaíonn, tá beirt Dhéiseach anseo: Sorcha Ní Chéilleachair agus mé féin. Ní mar an gcéanna na riachtanais a bhí againn nuair a bhíomar sa mheánscoil. Tá Gaeilge ag Sorcha Ní Chéilleachair ó dhúchas agus d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i gcathair Phort Láirge, i scoil nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin inti i ndáiríre. Ní mar an gcéanna na riachtanais foghlama a bhí againn ach tá na cearta teanga sin fós ann di agus dom féin araon. Is fadhb amháin atá agam maidir leis an gcóras T1 agus T2 é sin. Ní thugann sé deis do gach dalta sa tír an t-ábhar céanna a dhéanamh. Braitheann sé ar Ghaelscoil a bheith sa cheantar. Táim féin i mo chónaí i dTrá Mhór agus níl meánscoil lán-Ghaeilge ann. Má chuirtear i bhfeidhm an córas T1 agus T2, is amhlaidh nach mbeidh deis ag dalta i dTrá Mhór an cúrsa T1 sin a dhéanamh.

Tá fadhb eile agam maidir le cúiteamh nó pointí bónais a chur ar fáil. Caithfimid a bheith macánta. Ní féidir a rá go dtabharfadh daltaí faoi ábhar níos dúshlánaí gan cúiteamh ná spreagadh éigin. De bharr sin, aontaím go mór leis an méid atá leagtha amach ag Fíona Uí Uiginn sa phlécháipéis agus an dá rogha atá ann. Ceapaim féin go mbeadh sé sin i bhfad níos fearr. Tá muintir na Gaeilge ag caint le haon ghuth amháin ar an ábhar seo agus ó thaobh an phróiseas comhairliúcháin de. Caithfear na coscáin a bhrú. Níl go leor taighde déanta againn go dtí seo ar an tsraith shóisearach. Ba chóir fanacht go dtí go bhfuil an taighde sin déanta.

Cuirfidh mé ceist ar Julian de Spáinn. Tá an t-ábhar seo pléite go maith ag an gcoiste Gaeilge, go háirithe agus muid ag plé Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Táim ag tagairt don cheist chroílárnach sin: céard is inniúlacht ann? Baineann sé seo leis an FTCE. Níl a fhios agam an bhfuil eolas ag an ngnáthdhuine sa tsráid faoin gcreat comónta sin agus na féidearthachtaí atá ann óna thaobh, go háirithe agus muid ag iarraidh an sprioc earcaíochta atá sa Bhille a bhaint amach. Ba mhaith liom deis a thabhairt don chonradh labhairt faoi sin. Tá a fhios agam go bhfuil taighde déanta ag Ollscoil Mhá Nuad faoi seo. Conas gur féidir linn é sin a dhéanamh níos fearr sna scoileanna? Cad iad na féidearthachtaí a bheidh ann do dhaltaí má úsáidfimid an fráma comónta sin?