Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 November 2021
Joint Oireachtas Committee on Education and Skills
An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé
Mr. Julian de Spáinn:
Aontaím leis an Teachta nach bhfuil mórán eolais ann sa ghnáthphobal faoin FTCE faoi láthair. É sin ráite, tá an fráma sin á úsáid níos mó agus níos mó nuair atá tagairt déanta do chaighdeáin teanga agus poist á bhfógairt. Nuair a bheidh an fráma ceangailte le hearcaíocht don earnáil phoiblí agus nuair a bheidh leibhéal roghnaithe - agus de réir na cainte air sin táthar ag dul i dtreo B2 - athróidh sé sin an cluiche. Tuigfidh daoine níos mó agus níos mó an tábhacht a bhaineann leis an bhfráma. Tuigfidh siad freisin, mura bhfuil sé ceangailte leis an gcóras oideachais, nach ndéanann sé aon chiall go mbeidh a leithéid ann san earnáil phoiblí gan an córas oideachais a bheith ag freastal air sin. Mothaím go bhfuil deis faoi leith ann le breathnú ar an bhfráma. Mar a dúirt an Teachta, caithfear breathnú ar dtús ar an athbhreithniú ar an tsraith shóisearach mar bhí an fráma luaite leis sin ach, mar a deirim, ní dóigh liom gur cuireadh i bhfeidhm é. Caithfear breathnú air sin. Óna bheith ag labhairt leis na saineolaithe atá ag plé leis an bhfráma faoi láthair, tá a fhios agam gur rud é atá an-mhaith don Ghaeilge nach bhfuil ann do roinnt mhaith eile de na hábhair sa chóras oideachais ná go dtosaítear ar an nGaeilge sa réamhscoil agus leantar léi tríd an mbunscoil, an meánscoil agus an tríú leibhéal. Tá deis againn an rud ar fad a cheangal le chéile le córas amháin agus dréimire faoi leith. Óna leibhéal ar an bhfráma, féadfaidh a fhios a bheith ag daoine cá bhfuil daoine ó thaobh a gcumas Gaeilge labhartha agus scríofa. Mothaím go dtabharfadh sé sin muinín sa bhreis do dhaltaí amach anseo ó thaobh an cumas Gaeilge de. Bheadh sé bunaithe níos mó ar chumarsáid sa teanga. Leis an bhfráma, is féidir freastal ar an gcainteoir dúchais nó ar an gcainteoir atá lag tríd na próifílí teanga a chuirtear i bhfeidhm.
Tá an oiread sin buntáistí nó féidearthachtaí chun feabhas bainteach le córas éagsúil a thabhairt isteach. Mar a dúirt mé níos luaithe, táim buartha go rachaidh muid síos bóthar an ruda choimeádaigh agus shábháilte, rud nach bhfuil mórán difir idir é agus an rud atá ann faoi láthair, in ionad breathnú ar aghaidh agus féachaint ar cad atá ag tarlú sa chuid eile den domhan. Tá an fráma in úsáid níos mó agus níos mó. Nach bhféadfaidh muid breathnú ar é sin a thabhairt isteach?
Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe a bhí ag an Seanadóir Mullen maidir leis na saineolaithe agus an CNCM. Sa tuairisc seo a bhí ann maidir leis an gcóras T1 agus T2, táimid tar éis teacht ar roinnt daoine atá thar a bheith eolach faoi na hábhair seo. Ba bhreá liom dá mbeadh an Roinn Oideachais sásta coiste comhairleach a chur ar bun ar maidin leis na saineolaithe sin chun breathnú ar pholasaí don Ghaeilge ó thús go deireadh agus an fráma, a rud a thit amach sa tsraith shóisearach agus na múnlaí nua atá molta ag daoine maidir leis an ardteistiméireacht a thógáil san áireamh agus teacht ar ais le rud éigin comhtháite a dhéanann ciall.
No comments