Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Tiocfaidh mé ar ais air sin, le toil an Chathaoirligh. Maidir leis an bpointe a rinne an Seanadóir maidir le hollscoileanna a bheith ag rith a gcuid scrúduithe féin, táim sean go leor chun cuimhneamh a bheith agam nuair a bhí an matric ann. Nuair a críochnaíodh leis an ardteistiméireacht, bhí ar an duine ansin tabhairt faoi sraith scrúduithe eile do na hollscoileanna, agus caithfidh mé a rá gur chuir sé sin go mór leis an mbrú. Ní dóigh liom go raibh aon cheist faoi laghdú ar an mbrú de bharr a leithéid a bheith ar fáil. Chun an fhírinne a rá, ba chóir go mbeadh an deis ag gach duine rochtain a bheith acu dul ar an ollscoil dá mba mhian leo, tríd an ardteistiméireacht. Tá an-mhuinín ag an bpobal as scrúdú na hardteistiméireachta faoi láthair agus tá sé an-chothrom dar leo freisin má chuirtear ceist orthu ina leith. Dá bhrí sin dá mba rud é go raibh na hollscoileanna ag eagrú cúrsaí éagsúla nach mbeadh clúdaithe i gceart ag na múinteoirí i ngach aon scoil, bheadh sé an-chasta ar fad agus bheadh mórán scoláirí nach dtabharfadh faoi sin nó nach mbeadh ábalta déileáil leis an mbrú sin.

Maidir le pointe an tSeanadóra go mbeadh cúrsaí airithe ar ardleibhéal agus go mbeadh gá le spreagadh sa Ghaeilge ann, tá an Seanadóir ag déanamh talamh slán de ansin go bhfuil gairmeacha áirithe atá oiriúnach le Ghaeilge a bheith ag duine. Is é an rud atá cruthaithe againn, ámh, sna Gaelcholáistí ná an méid Gaeilge atá ag teastáil le freastal ar na Gaelcholáistí féin, mar nílimid in ann síceolaithe nó teiripeoirí urlabhra nó daoine mar sin a fháil atá cumasach sa teanga. Is dóigh liom go bhfuil réimse gairmeacha i bhfad níos leithne go mba chóir go mbeadh daoine sa phobal in ann freastal ar dhaoine ina dteanga dhúchais féin iontu. Is iad dochtúirí, síceolaithe, innealtóirí agus gach saghas duine atá i gceist agus ní ceart go mbeadh sé teoranta. Tá a fhios ag aon duine atá ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát nó taobh amuigh den Stát faoi láthair cé chomh deacair is atá sé é sin a dhéanamh agus nár cheart dúinn pointí nó dreasacht, más maith leis an gcomhchoiste an focal sin, nó spreagadh a thabhairt díreach do dhaoine atá chun dul le bunmhúinteoireacht, mar atá luaite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar cheann de na bearta.