Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

An rud a chuaigh i bhfeidhm ormsa sa phlécháipéis atá ag Fíona agus Áine ná go ndearna siad comparáid le córais eile ar fud an domhain. B’fhéidir gur luaigh Áine é seo nuair a bhí sí ag labhairt leis an gcoiste an tseachtain seo caite. Bhreathnaigh sí ar 12 tír eile.

Ní raibh rud chomh lom nó chomh easnamhach in aon cheann de na tíortha sin nuair a bhí siad ag athrú sin i gcomhthéacs na sonraíochtaí atá acu siúd ar na scrúduithe. Tá go leor in easnamh ann. Maidir leis an páipéar scrúdaithe, tá nós nach bhfuil Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag labhairt leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, nó an bealach eile thart, agus go bhfuil go leor fágtha ar lár ar chóir a bheith san áireamh. Tá go leor frustrachais ag baint leis sin mar ní féidir le daoine i ndáiríre aighneacht cheart a scríobh nuair nach dtuigeann siad ina iomlán céard atá i gceist leis na sonraíochtaí atá os a gcomhair freisin.

Tá rud amháin eile a luaigh an Seanadóir Mullen ansin nuair a d’fhiafraigh sé dínn an bhfuil siad ag éisteacht. Beidh sé sin le feiceáil agus is í sin an cheist, b’fhéidir, is mó a bheidh ann ag éirí as an gcomhairliúchán seo. Domsa agus ó gach duine a ndeachaigh mise ag labhairt ar an ábhar seo, lasmuigh den CNCM, níor chuala mé duine ar bith ag tacú leis na moltaí atá ann leis an T1 agus T2. Cad a tharlóidh leis an gcomhairliúchán seo? Mar chuid den chomhairliúchán seo, tá suirbhé i gceist agus níl aon solúbthacht leis maidir le múnlaí eile nó cur chuige difriúil. Tá an suirbhé comhlánaithe ag an oiread sin céad múinteoir agus eile agus mothaím go bhfuil sé go hiomlán easnamhach mar phróiseas. D’fhéadfaí é sin a úsáid agus luach sa bhreis nó áirithe a chur leis sin a thiocfadh chun tosaigh ar na haighneachtaí, mar shampla. Caithfimid a bheith an-chúramach faoi sin.

Mar a luaigh mé níos luaithe, táim buartha go dtiocfaidh siad ar ais le tweaking. Cheana féin tá caint ar chomhairliúchán ar cén saghas ábhar litríochta a bheadh in úsáid don ardteistiméireacht in ionad a bheith ag breathnú ar na mórcheisteanna atá ag teacht chun cinn ón bpobal agus ó go leor daoine ag iarraidh an é seo an múnla nó an cur chuige ceart. Le bheith dearfach seachas a bheith diúltach, cé gur thosaigh próiseas a shílim go raibh go hiomlán lochtach ar an oiread sin leibhéal éagsúil, ag éirí as go bhfuil an próiseas sin tosaithe, b’fhéidir go bhféadfaimid rud maith a bhaint amach as má éistear leis na moltaí atá ag teacht chun tosaigh agus má chuirtear comhairliúchán ceart ar bun i ndiaidh na Nollag ag breathnú ar mhúnlaí éagsúla. Caithfear é sin ar fad a dhéanamh, ámh, i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an tsraith shóisearach chomh maith. Caithfear foghlaim ón rud a cuireadh i bhfeidhm a bhí an-chuid míshástachta leis ó thaobh an bhealaigh a cuireadh i bhfeidhm é agus ó thaobh an ruda ann féin atá ann. Luaigh mé ach sampla amháin, is é sin an fráma, nach bhfuil á úsáid i gceart, i ndáiríre. Tá sé easnamhach agus tá deis caillte ansin. Caithfear é sin a chur san áireamh ach caithfear próiseas comhairliúcháin nua a chur ar bun a bheidh dírithe ar an rud atá ag teacht chun cinn ón bpobal, ní tweaking ar an moladh T1 agus T2.