Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 June 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé
Ms Anne Loughnane:
Tá sé pléite againn ar shlí agus tá sé sa chomhrá atá ar siúl. Bhíomar ag caint faoi seo níos luaithe. Ba cheart go mbeadh seans ag na daltaí go léir an T1 a dhéanamh má theastaíonn uathu, pé áit sa tír a bhfuil siad nó pé saghas scoil ina bhfuil siad. Bheadh sé an-deacair go praiticiúil do mhúinteoirí an dá ghrúpa a bheith sa rang céanna. Cúrsa ar leith a bheadh i T1 nó T2. Tá na fadhbanna sin go léir ag baint leis agus caithfimid iad a oibriú amach sula rachaimid ar aghaidh leis an rud seo. Má thagann T1 isteach, ní féidir a rá go bhfuil sé do na Gaelcholáistí agus na Gaelscoileanna amháin. Mar a luaigh an Teachta, tá daoine an-mhaith agus an-láidir in aon rang ar bith timpeall na tíre. Tagann an grá sin ón dúchas atá acu nó pé rud agus b’fhéidir nach raibh seans acu dul chuig Gaelcholáiste. Ní féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir na daoine seo gan an seans a thabhairt dóibh. Tá sé an-deacair le déanamh amach ó thaobh uimhreacha an líon múinteoirí sa scoil agus líon na ndaltaí sa rang. Tá sé an-chasta.