Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Mr. John MacGabhann:

Go dtí seo, ní raibh plé rómhór againn ar a leithéid de sheift ach tá sé cloiste againn ó chuid de na baill gur chóir a leithéid sin de chóras a chur i bhfeidhm. Ar bhealach, b’fhéidir go mbeadh sé níos fírinní le rá go raibh an comhrá againn maidir leis an teastas sóisearach, mar tá comhrá ann le blianta anuas faoi chúrsaí gearra a chur ar fáil a bheadh sa bhreis ar chúrsa iomlán, mar shampla, sa Fhraincis, sa teicneolaíocht nó pé rud eile, agus an Ghaeilge san áireamh chomh maith. Níl a fhios agam go dtí seo an ndeachaigh aon scoil ag múineadh cúrsa mar sin. Faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire tá an fhéidearthacht ann leathnú amach sa teastas sóisearach agus a leithéid a dhéanamh, ach bheadh sé thar a bheith deacair é a chur in amchlár. Is spás thar a bheith cúng é amchlár na scoile agus sin an deacracht ba mhó a bhí le feiscint agus muid ag labhairt faoi chúrsaí gairide don teastas sóisearach. Bheadh sé níos casta fós ag leibhéal na hardteistiméireachta ach b’fhiú machnamh a dhéanamh ar an tseift sin. B’fhéidir go dtiocfadh sé salach ar chuid de na rudaí atá ar siúl i láthair na huaire, ach tá seans ann go dtabharfadh sé deis dúinn nach bhfuil againn i láthair na huaire chomh maith. Bheadh ar an Teachta labhairt leis na daoine atá i gceannas ar amchláir, agus is grúpa diongbháilte iadsan.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.