Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Mr. Andrew Munro:

Caithfimid sean-charbhat na scoile a chaitheamh.

Tá an ceart ag an Teachta faoi mhuinín. Dá mbeadh níos mó muiníne ag baill na foirne ina gcuid Gaeilge, bheidís sásta ról na dteagmhálaithe a dhéanamh agus déileáil le custaiméirí trí Ghaeilge. Tá scéal maith agam ó mo rannán féin sa Roinn, i rúnaíocht an Rialtais. Tá ball den fhoireann ansin atá sásta glacadh leis an gcomhfhreagras foirmeálta, is é sin na set pieces a chuireann muid chuig Áras an Uachtaráin. Dúirt sí liom cúpla mí ó shin nach raibh an mhuinín aici a bheith ina teagmhálaí, ach nuair a chonaic sí an fógra faoin gcúrsa traenála, dúirt sí go ndéanfadh sí é. Tá sé á dhéanamh aici faoi láthair agus nuair atá sé críochnaithe aici, beidh sí sásta a bheith ina teagmhálaí. Tá an ceart ag an Teachta gur ceist mhuiníne é do dhaoine.

An chéad phointe eile a bhí ag an Teachta ná conas comhfhreagras i nGaeilge a mhealladh chuig an Roinn. Tá sé tábhachtach fógraíocht a dhéanamh go bhfuilimid sásta glacadh le comhfhreagras i nGaeilge agus b’fhéidir gur chóir dúinn scríobh ar na fógraí sin go bhfuilimid dáiríre faoi freisin. B’fhéidir go bhfuil bealaí eile ann chun an teachtaireacht sin a chur amach chuig daoine. Tógfaidh mé an cheist sin ar ais chuig an líonra Gaeilge sa Roinn agus pléifimid é. Tá figiúirí agam maidir leis an ábhar seo agus is féidir liom iad a roinnt leis an gcoiste. Rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe suirbhé sásamh custaiméirí, a foilsíodh an tseachtain seo caite. Tá na figiúirí seo taobh istigh den margin of error ach tá ardú beag tagtha ar an méid daoine atá ag iarraidh seirbhísí a fháil ón Státseirbhís i nGaeilge, ó 2% in 2017 suas go 3% i mbliana. De réir an tsuirbhé seo, tá 84% dóibh siúd sásta nó breá sásta leis an tseirbhís a fhaigheann siad. Chun comhfhreagras a mhealladh i nGaeilge, an rud is tábhachtaí ná seirbhís thapa d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine. Tá na figiúirí seo an-bheag, ach má deir an 3% sin lena gcairde gur féidir seirbhís a fháil ón Státseirbhís i nGaeilge de chaighdeán cuibheasach maith, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar inspioráid don phobal níos mó seirbhísí a lorg trí Ghaeilge.