Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní gá gur freagracht na finnéithe é comhfhreagras a mhealladh, ach ba chóir é a bheith i gcúl a gcinn acu. B’fhéidir gur rud é do na heagraíochtaí Gaeilge nó gníomhairí Gaeilge é. Bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge agus a leithéid blianta ó shin chun Gaeilgeoirí nó iad siúd a bhí báúil don Ghaeilge a mhealladh chun na seirbhísí a lorg sa chéad áit agus leanúint leis. Fadó, bhíodh daoine níos fearr as dá lorgóidís seirbhísí ó na cigirí cánach as Gaeilge, mar go raibh cigire ann le Gaeilge a bhí an-phearsanta, agus bheadh an duine céanna ann thar na blianta a thuig pé ceist chánach. Bhí buntáistí ag baint le Gaeilge a úsáid sa chóras Stáit. Níl mé ag rá gur chóir an sampla sin a lua, ach tá an ceart ag an Uasal Munro go gcuidíonn sé daoine a mhealladh má tá seirbhís mhaith á fáil acu. An pointe a bhí agam ó thaobh na seirbhísí maithe ná go raibh drogall ar dhaoine seirbhísí a lorg as Gaeilge thar na blianta toisc go gcothódh sé moill go minic. Má tá go leor teagmhálaithe le Gaeilge sna Ranna agus go bhfuil daoine sásta an tseirbhís sin a chur ar fáil, ar a laghad léiríonn sé sin nach mbeidh moill ann agus go mbeidh daoine sásta. Ba chóir craobhscaoileadh nach mbeidh moill i gceist má lorgaíonn daoine seirbhís as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.