Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh gach duine. Gabhaim buíochas leis an Teachta Corcoran-Kennedy. Bhí nóiméad dá ham ag teastáil uainn chun tús ceart a chur leis an gcruinniú ach tá córam againn anois agus, mar sin, is féidir léi imeacht más mian léi. An t-ábhar atá os ár gcomhair inniu ná na cuspóirí agus na bearta atá á gcur i gcrích ag Roinn an Taoisigh i leith na Gaeilge agus seirbhísí dátheangacha. Is ábhar thar a bheith tábhachtach é. Is í Roinn an Taoisigh an Roinn is tábhachtaí ó thaobh ceannaireachta de. Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair.

I dtús báire, tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ní mór dom é sin a léamh amach. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim céad míle fáilte roimh an Uasal Andrew Munro agus roimh an Uasal Sinéad Nic Coitir. Mar a dúirt mé, táimid ag tnúth lena gcur i láthair.

Mr. Andrew Munro:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an cuireadh teacht agus labhairt leis an gcomhchoiste. Ar an gcéad dul síos, gabhann an Ard-Rúnaí a leithscéal nach féidir leis bheith anseo inniu. Is rúnaí cúnta an Rialtais mé. In éineacht liom tá oifigeach Gaeilge na Roinne, Sinéad Nic Coitir.

Mar is eol don chomhchoiste, ní sholáthraíonn Roinn an Taoisigh mórán seirbhísí díreach do bhaill den phobal i gcomparáid, mar shampla, leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Níl oifigí poiblí no cuntar poiblí again. Go formhór tugaimid seirbhísí do, agus bíonn muid i dteagmháil go rialta le, Ranna eile Rialtais agus brainsí eile den Stát, Tithe an Oireachtais agus Áras an Uachtaráin san áireamh. I gcuid mhaith de riarachán foirmeálta an Stáit, úsáidimid an Ghaeilge. Mar shampla, nuair a fhaigheann muid Bille ó Chléireach na Dála agus é á thairiscint againn go foirmeálta chuig an Uachtarán faoi Alt 25 den Bhunreacht, scríobhann muid chuige i nGaeilge. Déanann muid gach iarracht seirbhísí mar sin a sholáthar ar ardchaighdeán. Tá roinnt mhaith dualgais fhoirmeálta mar sin, atá luaite inár bhfreagra ar an gceistneoir, a chomhlíonann muid i nGaeilge amháin, nó le Gaeilge mar an phríomhtheanga in úsáid. Is éard atá i gceist ná barántais cheapacháin do bhreithiúna, oifigigh airm, litreacha creidmheasa d'ambasadóirí agus fógraí don Iris Oifigiúil.

I gcás ceann amháin de na dualgais fhoirmeálta is tábhachtaí atá againn, glaoimid ar chabhair ó na Thithe. An mhí seo caite, chuireamar cóip nua den Bhunreacht, leis na leasaithe ar fad a deineadh ó 1999 ar aghaidh, isteach ina hiris in oifig iriseoir na Cúirte Uachtaraí chun Alt 25(5) den Bhunreacht a chomhlíonadh. Bhíomar ag ullmhú an chóip sin le trí bliana, nó níos mó, agus ag fanacht ar bhriseadh idir na reifrinn ar fad chun é a rollú sa Chúirt Uachtarach. Bhí an-chuid oibre le déanamh chun an téacs a ullmhú agus a dheimhniú. Le comhairle an Ard-Aighne, agus in aontú leis an bPríomh-Bhreitheamh, d’athraíomar ón gcló Gaelach chuig an gcló rómhánach don eagrán rollaithe don chéad uair. Níor athraigh muid an ceartlitriú; tá sé sin díreach mar an gcéanna is a bhí sé nuair a vótáil na daoine air in 1937. Ní fhéadfaimid an obair sin a dhéanamh gan an chabhair mhillteanach a bhfuaireamar ó Vivian Uíbh Eachach agus an fhoireann i Rannóg Aistriúcháin na dTithe. Ba mhaith liom mo bhuíochas agus buíochas an Taoisigh agus na Roinne i leith na hoibre ar fad a rinneadar a chur ar an taifead anseo inniu.

Tá an Roinn tiomanta a dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Mar chuid den phróiseas fórsa saothair a phleanáil, tá dhá phost Gaeilge ainmnithe sa Roinn in oifig phríobháideach an Taoisigh agus i bpreasoifig an Rialtais. Tá seachtar den fhoireann le Gaeilge líofa ar fáil mar teagmhálaithe chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tacaítear le baill den fhoireann trí chúrsaí Gaeilge a chur ar fáil trí chlár foghlamtha agus forbartha na Roinne. Faoi láthair tá ceathrar sa Roinn ag staidéar don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Mar chuid den chlár ionduchtaithe do bhaill foirne nua, tugtar eolas dóibh ar an scéim teanga agus bíonn seisiún eolais don fhoireann uilig ar an scéim mar chuid de chlár bliantúil foghlamtha agus forbartha na Roinne. Tháinig an scéim teanga atá againn faoi láthair i bhfeidhm i mí Iúil na bliana seo agus beidh sé éifeachtach go dtí Iúil 2022. Tá oifigeach Gaeilge, atá anseo in éineacht liom inniu, ainmnithe atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ár scéime teanga. Tuairiscíonn sí go rialta chuig ceann na ngnóthaí corparáideacha agus chuig an líonra Gaeilge. I measc na rudaí a phléitear ag cruinnithe an líonra Gaeilge tá seirbhísí aistriúcháin, an suíomh Idirlín, traenáil, fiosrúcháin agus gearáin ón bpobal, an scéim teanga oifigiúla, tuarascáil an Choimisinéir Teanga, ról na ndaoine teagmhála, agus araile.

Ó thaobh foilseacháin, cáipéisí, comharthaí agus araile a chur ar fáil trí Ghaeilge, cé nach bhfoilsímid mórán bileoga eolais agus duilleoigíní, foilsímid i nGaeilge iad. Samplaí den saghas rud sin ná an bhileog eolais do chuairteoirí chuig Tithe an Rialtais agus na duilleoigíní le haghaidh insealbhú an Uachtaráin agus cuairt an Phápa. Idir 2016 agus 2018 d'fhoilsímid 36% de phreasráiteas agus 13% d'óráidí i nGaeilge. In 2018 bhí 0.3% de chásanna comhfhreagras i nGaeilge, is ionann sin agus 86 litir as timpeall 26,000. Tá ábhar buan ar an láithreán gréasáin gov.ie/taoiseachar fáil i nGaeilge, agus tá sé á thabhairt suas chun dáta faoi láthair ag seirbhís eolais an Rialtais. In 2018 agus 2019, i dteannta leis na cáipéisí atá riachtanach le foilsiú i nGaeilge faoin Acht, d'fhoilsíomar tuarascálacha ar Éire dhomhanda agus ar dhul chun cinn; "Do Ghnólacht a Ullmhú do Brexit – Céimeanna Praiticiúla"; agus ábhar maidir leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2019.

Stopfaidh mé ansin mar is fearr dóthain ama a fhágáil do bhaill an chomhchoiste ceisteanna a chur. Déanfaidh muid gach iarracht na ceisteanna a fhreagairt anseo inniu agus is féidir liom scríobh chuig an gcomhchoiste tar éis an chruinnithe le haon eolas breise, más cuí. Táim sásta aon mholtaí atá ag an gcomhchoiste maidir lenár seirbhísí a fheabhsú a chloisteáil agus táim ag súil leis na moltaí sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud le rá ag an Uasal Nic Coitir ag an bpointe seo? Níl. A fhad is atáim ag fanacht ar na Teachtaí Dála agus an Seanadóir, cuirfidh mé roinnt ceisteanna. Is maith an rud go bhfuil seachtar le Gaeilge sa Roinn, ach as cé mhéad atá an seachtar sin? Is dócha go bhfuil an céatadán sin íseal go leor. An gcuirfidh an toscaireacht é sin i gcomhthéacs?

Maidir le caighdeán, an bhfuil an líofacht ag an seachtar sin? De réir mar a thuigim sa bhreis air sin tá ceathrar eile i mbun foghlama. An é sin an scéal agus cén céatadán atá i gceist leis sin?

Mr. Andrew Munro:

Is céatadán 3% den Roinn an seachtar sin. Tá thart ar 250 duine ag obair sa Roinn san iomlán agus is é sin, comhairleoirí polaitiúla san áireamh freisin. Taobh amuigh de sin tá ceathrar eile nach bhfuil ina dteagmhálaithe faoi láthair agus atá ag déanamh an chúrsa foghlama. Tá tús curtha le cúrsa nó clár foghlama do thionscnóirí faoi láthair freisin do dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu nó atá gan Ghaeilge. Táimid ag iarraidh an méid sin daoine atá sásta seirbhísí a sholáthar a mhéadú. I mbliana táimid tar éis duine amháin a earcú tríd an gcóras earcaíochta chun cur leis an seachtar sin. Táimid ag déanamh roinnt iarrachtaí chun an líon sin a mhéadú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén grád atá ag an seachtar sin? Gabh mo leithscéal ach an bhfuil dualgais faoi leith acu ó thaobh na Gaeilge de?

Mr. Andrew Munro:

Tá dhá phost atá ainmnithe agus riachtanas Gaeilge i gceist leo. Tá post amháin in oifig phríobháideach an Taoisigh agus tá an post eile in oifig preasa an Rialtais. Tá na daoine eile scaipthe thart timpeall na Roinne agus tá gráid dhifriúla acu ach tá siad sásta cabhair a thabhairt mar theagmhálaithe. B'fhéidir go mbeidh siad ag cabhrú le rannáin eile den Roinn agus ag déileáil le fiosrúcháin nó le baill den phobal ach tá siad scaipthe timpeall na Roinne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus cad iad na gráid atá i gceist?

Mr. Andrew Munro:

Tá gráid dhifriúla ó rúnaí cúnta síos go dtí-----

Ms Sinéad Nic Coitir:

Príomhoifigeach cúnta, oifigeach cléireachais agus oifigeach feidhmiúcháin. Tá réimse maith ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil? B'fhéidir go mbeidh an toscaireacht in ann teacht ar ais chugainn agus an réimse sin a chinntiú dúinn.

Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh teacht isteach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal Munro as an méid a dúirt sé. Tá ceist agam faoin líon atá ag obair sa rannóg. Tá sé sa cheistneoir ar aon chaoi. Tá sé ráite ansin gur 3% atá i gceist. Níl an Roinn as alt leis na Ranna eile ar fad leis an líon sin. Is fadhb trasna an státchórais an easpa leibhéil Ghaeilge atá ann, nó b’fhéidir cumas Gaeilge seachas leibhéal, i gcomhthéacs a bheith ag déileáil leis an bpobal. Luaigh mé maidir le Ranna eile gur easpa muiníne atá i gceist uaireanta, seachas nach bhfuil Gaeilge líofa ag na baill nó Gaeilge oibre acu chun déileáil leis an bpobal. An cheist atá ann ná conas daoine a mhealladh snas a chur ar an méid Gaeilge atá acu agus ardú muiníne a thabhairt dóibh as a gcumas féin. Níl a fhios agam conas é sin a dhéanamh. Dá mbeadh sé sin triailte tharlódh ardú.

Chomh maith leis sin - luaigh mé é seo anseo cheana - is é ceann de na fadhbanna más Gaeilgeoir duine, go ndéantar go minic nach luaitear é sin ar eagla go mbeadh an duine curtha isteach sa chúinne mar Ghaeilgeoir san oifig, agus ansin díríonn an duine sin isteach ar rud éigin eile. B'fhéidir le céatadán níos airde go mbeadh daoine sásta an cumas Gaeilge atá acu a léiriú.

Tuigim nach bhfuil mórán i gceist ó thaobh déileáil leis an bpobal ach tá go leor i ndáiríre, agus luaigh an tUasal Munro an comhfhreagras agus an céatadán beag bídeach atá ann ó Ghaeilgeoirí nó atá as Gaeilge. An cóir go mbeadh feachtas ann ar bhonn an státchórais i gcoitinne ag lorg go mbeadh comhfhreagras ann? Tá a fhios agam go bhfuil an fógra ann go bhfáiltítear roimh chomhfhreagras i nGaeilge. Léim a leithéid agus i gcoitinne is i nGaeilge a dhéanaim mo chuid comhfhreagrais sa chás sin, ach i gcónaí bím ag rá liom féin an gcuirfidh sé sin moill leis. Bíonn deifir ar dhaoine, go háirithe sa lá atá inniu ann. An bhfuil aon bhealach nó straitéis nó ar fhéach an Roinn ar conas comhfhreagras, ar an bhfón nó ar ríomhphost nó pé bealach, a mhealladh ón bpobal chun go mbeadh níos mó Gaeilge ag teacht isteach agus ansin go mbeadh na Gaeilgeoirí ag díriú isteach air?

Maidir le han-chuid den stuif a luaigh an tUasal Munro-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal a bheith ag cur isteach ar an Teachta ach tá vótáil ar siúl anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----is stuif oifigiúil é, litreacha seasta iad nó litreacha a bhaineann le hambasadóir, mar shampla. Tógtar amach bun-litir agus athraítear an dáta.

Mr. Andrew Munro:

Tuigim.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach tá vótáil ar siúl. Beidh sos cúig nóiméad i gceist.

Chuaigh an comhchoiste ar fionraí ar 4:26 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 4.45 p.m.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím gach duine ar ais. Tá brón orm gur chuir mé isteach ar an Teachta agus é ag cur ceisteanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé críochnaithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá liosta de na ceisteanna againn.

Mr. Andrew Munro:

Is maith an rud é go bhfuil seans agam ceisteanna a fhreagairt ó iar-scoláire eile Choláiste Eoin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid i ngach áit.

Mr. Andrew Munro:

Caithfimid sean-charbhat na scoile a chaitheamh.

Tá an ceart ag an Teachta faoi mhuinín. Dá mbeadh níos mó muiníne ag baill na foirne ina gcuid Gaeilge, bheidís sásta ról na dteagmhálaithe a dhéanamh agus déileáil le custaiméirí trí Ghaeilge. Tá scéal maith agam ó mo rannán féin sa Roinn, i rúnaíocht an Rialtais. Tá ball den fhoireann ansin atá sásta glacadh leis an gcomhfhreagras foirmeálta, is é sin na set pieces a chuireann muid chuig Áras an Uachtaráin. Dúirt sí liom cúpla mí ó shin nach raibh an mhuinín aici a bheith ina teagmhálaí, ach nuair a chonaic sí an fógra faoin gcúrsa traenála, dúirt sí go ndéanfadh sí é. Tá sé á dhéanamh aici faoi láthair agus nuair atá sé críochnaithe aici, beidh sí sásta a bheith ina teagmhálaí. Tá an ceart ag an Teachta gur ceist mhuiníne é do dhaoine.

An chéad phointe eile a bhí ag an Teachta ná conas comhfhreagras i nGaeilge a mhealladh chuig an Roinn. Tá sé tábhachtach fógraíocht a dhéanamh go bhfuilimid sásta glacadh le comhfhreagras i nGaeilge agus b’fhéidir gur chóir dúinn scríobh ar na fógraí sin go bhfuilimid dáiríre faoi freisin. B’fhéidir go bhfuil bealaí eile ann chun an teachtaireacht sin a chur amach chuig daoine. Tógfaidh mé an cheist sin ar ais chuig an líonra Gaeilge sa Roinn agus pléifimid é. Tá figiúirí agam maidir leis an ábhar seo agus is féidir liom iad a roinnt leis an gcoiste. Rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe suirbhé sásamh custaiméirí, a foilsíodh an tseachtain seo caite. Tá na figiúirí seo taobh istigh den margin of error ach tá ardú beag tagtha ar an méid daoine atá ag iarraidh seirbhísí a fháil ón Státseirbhís i nGaeilge, ó 2% in 2017 suas go 3% i mbliana. De réir an tsuirbhé seo, tá 84% dóibh siúd sásta nó breá sásta leis an tseirbhís a fhaigheann siad. Chun comhfhreagras a mhealladh i nGaeilge, an rud is tábhachtaí ná seirbhís thapa d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine. Tá na figiúirí seo an-bheag, ach má deir an 3% sin lena gcairde gur féidir seirbhís a fháil ón Státseirbhís i nGaeilge de chaighdeán cuibheasach maith, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar inspioráid don phobal níos mó seirbhísí a lorg trí Ghaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá gur freagracht na finnéithe é comhfhreagras a mhealladh, ach ba chóir é a bheith i gcúl a gcinn acu. B’fhéidir gur rud é do na heagraíochtaí Gaeilge nó gníomhairí Gaeilge é. Bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge agus a leithéid blianta ó shin chun Gaeilgeoirí nó iad siúd a bhí báúil don Ghaeilge a mhealladh chun na seirbhísí a lorg sa chéad áit agus leanúint leis. Fadó, bhíodh daoine níos fearr as dá lorgóidís seirbhísí ó na cigirí cánach as Gaeilge, mar go raibh cigire ann le Gaeilge a bhí an-phearsanta, agus bheadh an duine céanna ann thar na blianta a thuig pé ceist chánach. Bhí buntáistí ag baint le Gaeilge a úsáid sa chóras Stáit. Níl mé ag rá gur chóir an sampla sin a lua, ach tá an ceart ag an Uasal Munro go gcuidíonn sé daoine a mhealladh má tá seirbhís mhaith á fáil acu. An pointe a bhí agam ó thaobh na seirbhísí maithe ná go raibh drogall ar dhaoine seirbhísí a lorg as Gaeilge thar na blianta toisc go gcothódh sé moill go minic. Má tá go leor teagmhálaithe le Gaeilge sna Ranna agus go bhfuil daoine sásta an tseirbhís sin a chur ar fáil, ar a laghad léiríonn sé sin nach mbeidh moill ann agus go mbeidh daoine sásta. Ba chóir craobhscaoileadh nach mbeidh moill i gceist má lorgaíonn daoine seirbhís as Gaeilge.

Mr. Andrew Munro:

Aontaím leis sin agus is féidir linn é a phlé leis an líonra. B’fhéidir go bhfaighidh duine freagra níos tapúla má dhéanann sé nó sí comhfhreagras i nGaeilge, mar go dtéann an comhfhreagras sin ag grúpa beag atá ainmnithe agus go bhfaighimid céatadán chomh híseal faoi láthair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an tuairisc agus as an gcur i láthair. Tá fáilte roimh na finnéithe.

Tuigim nach bhfuil cuntar tosaigh ag Roinn an Taoisigh, mar atá ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochtaí agus Coimirce Sóisialaí agus Ranna eile, agus nach bhfuil an teagmháil chéanna leis an bpobal aici ach tá ról ceannaireachta faoi leith ag an Roinn anseo agus ar fud na cruinne. Tá roinnt eolais againn mar gheall ar úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus i measc an phobail ach cad iad na hiarrachtaí a dhéanann an Roinn chun an Ghaolainn a chur os comhair pobail ar fud na cruinne nuair a théann an Taoiseach thar lear, nó nuair a bhíonn teagmháil ag an Roinn le daoine lasmuigh den tír, chun chur in iúl go bhfuil níos mó ná an Béarla amháin againn sa tír seo agus go bhfuil an Ghaolainn againn chomh maith? Cad iad na hiarrachtaí a dhéanann an Roinn chun é sin a chur os comhair ambasadóirí nó daoine a mbíonn an Taoiseach ag labhairt leo lasmuigh den tír? Cad iad na hiarrachtaí a dhéanann an Roinn ansin? An dtabharfaidh an toscaireacht cúpla sampla dom? Tá sé an-tábhachtach chun go bhfeicfeadh daoine go bhfuil an Ghaolainn ar chomhchéim i ngach aon slí. Caithfear an Ghaolainn a úsáid i measc pobal na cruinne nuair a théann an Taoiseach nó aon oifigeach ón Roinn thar lear.

Tá scéim teanga nua curtha i bhfeidhm ag an Roinn. Tá sé sin aontaithe le cúpla mí anuas. Is dócha gurb é an tríú scéim faoin tráth seo.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Is é ár gceathrú scéim.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfadh na finnéithe cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta trí na scéimeanna sin? Cad iad na rudaí breise atá sa scéim seo nach raibh in aon cheann eile? An é go bhfuil aon chúlú i gceist? An bhféadfaidís cúpla sampla a thabhairt chun go bhfeicfimid aon dul chun cinn atá á dhéanamh ann?

Tuigim go bhfuil an Ghaolainn ag thart ar 3% d'fhoireann na Roinne as thart ar 250 duine. Luaigh an tUasal Munro go bhfuil cuid de na daoine sin ina mbaill den fhoireann pholaitiúil. Bhraithfinn go mbeadh níos mó gluaiseachta ag teacht ar an scéal sin amach ansin. An bhfuil an seachtar uilig ar an an bhfoireann bhuan, na daoine a bhíonn ann i gcónaí, nó an bhfuil cuid acu sa ghrúpa polaitiúil? Ba mhaith liom soiléiriú air sin. Cén ról atá ag an Roinn maidir le Gaolainn a chur os comhair an phobail ar an suíomh Idirlín gov.ie, ar Twitter agus sna meáin éagsúla eile?

Mr. Andrew Munro:

Níl aon bhriseadh síos nó níl figiúirí againn maidir leis na hóráidí a dhéanann an Taoiseach nuair a théann sé thar lear. Tá figiúirí faoin gcéatadán de na hóráidí a fhoilsíonn muid i nGaeilge inár bhfreagraí. Níl a fhios agam go díreach mar ní théim leis, ach ceapaim go n-úsáideann an Taoiseach beagáinín Gaeilge ag tús a óráidí nuair atá sé thall sna Stáit Aontaithe d'fhéile Naomh Pádraig, mar shampla, chun taispeáint go bhfuil Gaeilge ag an tír. Ag an am céanna, tá sé ag déileáil le lucht éisteachta ansin nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Ní dóigh liom go bhfuil ann ach cúpla focal chun óráid a oscailt ach níl aon fhigiúirí agam air sin. Níl siad agam.

Ó thaobh oifigigh eile na Roinne ag dul thar lear, ní théimid thar lear gan an Taoiseach. Téann cúpla oifigeach leis chuig Comhairle na hEorpa agus chuig na Stáit Aontaithe ach ní théann móran oifigigh thar lear gan an Taoiseach. Ní déileálaimid leis an Aontas Eorpach, mar shampla, ag an leibhéal céanna le Ranna eile.

Ó thaobh scéim teanga na Roinne, is fíor a rá nach bhfuil mórán athrú ón scéim dheireanach agus an scéim atá ann faoi láthair. Tá an bhéim curtha againn ar an scéim a chur i bhfeidhm níos fearr. Táimid ag iarraidh líon na dteagmhálaithe a mhéadú agus na cuspóirí atá ann a chomhlíonadh níos fearr seachas iad a athrú. Ní athraíonn mórán d'obair na Roinne ó rialtas go rialtas. Níl aon seirbhísí nua don phobal á gcur ar fáil againn. Táimid dírithe ar an bplean a chur i bhfeidhm níos fearr seachas é a athrú.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá sé sin fíor. Rinne Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán ar chéad agus dara scéim na Roinne. Rinneadh an faireachán deiridh in 2013. Bhí moltaí éagsúla ag an oifig agus chuir muid iad i bhfeidhm. Mar a dúirt an tUasal Munro, bhí an bhéim ar an gcóras a chur ag obair go maith. Sa scéim a bhí againn in 2016, d'ardaigh muid bunchéatadán na bpreasráitis ba chóir a bheith dátheangach ó 20% go 30%. Tá an fíorfhigiúir i bhfad níos airde ná sin. Chuir muid líonra Gaeilge ar bun faoin scéim dheiridh in 2016. Tá an líonra ag cur béime ar na córais atá againn a chur ag obair níos fearr.

Mr. Andrew Munro:

Ó thaobh líon foirne na Roinne, luaigh mé an figiúr 220. Tá na comhairleoirí polaitiúla san áireamh san fhigiúr sin ach is Státseirbhísigh bhuana de chuid na Roinne an seachtar ar luaigh mé iad. Níl na comhairleoirí polaitiúla san áireamh sa 3%.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

So tá an Ghaolainn ag seachtar as, b'fhéidir, 200.

Mr. Andrew Munro:

Thart air sin. Bhí ceist eile ag an Teachta faoi gov.ie. Tá Office of the Government Chief Information Officer, oifig sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, i bhfeighil an tsuímh iomláin. Tá coiste ann air a bhfuil baill na Ranna ar fad. Tá muidne i bhfeighil an phíosa sin de gov.iea bhaineann lenár Roinn. Is líonra é do 17 Roinn an Rialtais. Táimid i bhfeighil gov.ie/taoiseach, an chuid sin a bhaineann le Roinn an Taoisigh. Tá an 17 suíomh ag bogadh go shuíomh amháin chun an custaiméir a chur i lár an website. Tá sé dírithe ar chustaiméirí. Tá leathanaigh ann atá dírithe ar fheirmeoirí, mar shampla, seachas ar sheirbhísí de chuid Roinne amháin. Is é sin an t-athrú atá i gceist. Tá customer-focused experience i gceist. Tá codanna beaga den líonra dírithe ar sheirbhísí na Roinne ach, go ginearálta, tá sé dírithe ar éileamh an phobail. Tá leathanach ann do ghnólachtaí, tá leathanach d'fheirmeoirí, agus mar sin de. Cuireann an coiste comhairle ar Office of the Government Chief Information Officer maidir le conas é seo a chur le chéile ach níl mórán den website bainteach go díreach le Roinn an Taoisigh. Tá ábhar buan na gcodanna atá bainteach leis an Roinn ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá dúshláin ag baint le hathrú ó 17 suíomh Idirlín go dtí suíomh amháin ó thaobh na n-ábhar atá ann i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá próiseas ar bun againn, táimid ag iarraidh é a uasdatú agus an t-ábhar buan sin i nGaeilge a cheartú.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceithre ábhar difriúil ann. Ba mhaith liom filleadh ar an ról ceannaireachta ar dtús, go háirithe nuair a théann an Taoiseach thar lear nó aon phlé a bhíonn ag an Roinn lasmuigh den tír. Tuigim go mbeidh tíortha ann agus nach dtuigfidh daoine Gaolainn ann ach tá tíortha ann chomh maith agus ní thuigfidh daoine Béarla ann. Sa chás sin, tá an Ghaolainn ar chomhchéim agus is féidir leis an Taoiseach, an Roinn agus na hoifigigh an Ghaolainn a chur ar chomhchéim agus chun cinn ansin. An ndéantar sa Roinn aon tomhas nó aon mheas ar an méid Gaolainne a úsáidtear? Braithim nach bhfuil an Roinn ag glacadh leis an deis ansin chun an Ghaolainn a chur os comhair pobal ollmhór agus chun a chur ina luí orthu go bhfuil teanga eile anseo. Ba chóir go mbeadh iarracht níos mó á dhéanamh ansin. Tuigim go mbeidh tús na hóráide trí Ghaeilge, ach seachas sin ba chóir go mbeadh iarracht níos mó ann chun a chinntiú go mbeadh a fhios ag daoine ar fud na cruinne nach Béarla amháin atá ann agus go bhfuil Gaolainn ann chomh maith agus beidh a fhios ag muintir na hÉireann agus ag Gaeilgeoirí in Éirinn go bhfuil an Ghaolainn ar chomhchéim leis an mBéarla agus go bhfuil gach iarracht á déanamh í a chur chun cinn. Glacaim leis go bhfuil céimeanna dearfacha tógtha sa bhaile chun an Gaolainn a chur chun cinn.

Luaigh an tUasal Munro an líonra Gaolainne. Cad go díreach é sin agus conas a oibríonn sé? Cén tairbhe atá ann? Luaigh an tUasal Munro an scéim teanga agus dúirt sé nach raibh an Roinn ag leagan síos rudaí nua ann ach ag déanamh níos mó den rud céanna agus ag ardú spriocanna faoi leith. Tar éis trí nó ceithre huaire a bheith mórthimpeall, shamhlódh duine go mbeadh cúpla rud go bhfacthas nach raibh ag feidhmiú agus go mba chóir go bhfágfaí ar leataobh iad agus go bhfacthas go bhfuil rudaí eile ag feidhmiú go maith. Cad iad na feabhsúcháin atá déanta ar an scéim ón uair a thosaigh an Roinn leis? An féidir cúpla sampla a thabhairt den tairbhe gur baineadh as na trí scéim roimhe seo? Tagraím do gov.ieagus úsáid na Gaolainne ar an Idirlíon. Tuigim ón Uasal Munro gurb é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá i bhfeighil ar an suíomh sin. Caithfidh go mbeadh ról ceannaireachta arís ag Roinn an Taoisigh nó an mbíonn ar an Roinn fíorú a dhéanamh ar an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe chun breis Gaolainn a chur chun cinn ann? An lorgaíonn an Roinn sin breis ábhar ó Roinn an Taoisigh? Cad iad na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn chun a chinntiú go bhfuil an Ghaolainn á cur chun cinn ansin, in ainneoin is gur leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an suíomh? Tá an ról ceannaireachta ag Roinn an Taoisigh fós. An féidir cúpla sampla a thabhairt de na hiarrachtaí a rinneadh chun breis Ghaolainn a chur chun cinn ansin?

Mr. Andrew Munro:

B'fhéidir nár mhínigh mé go rómhaith é ach bhí mé díreach ag míniú gur athraigh muid ó 17 leathanach go dtí leathanach amháin. Aontaím leis an Teachta go bhfuil ról ceannaireachta againn ar bhealach chun eiseamláir mhaith a thabhairt ó thaobh na n-ábhar a chuirimid suas ar gov.ieagus déanaimid gach iarracht an t-ábhar buan a chur suas agus níos mó ná atá leagtha amach inár scéim a chur suas. Déanaimid iarracht níos mó cáipéisí ná an íosmhéid a chur suas i nGaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil siad an t-ábhar ar gov.iego léir dátheangach?

Mr. Andrew Munro:

Níl sé go léir dátheangach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén céatadán atá i gceist?

Mr. Andrew Munro:

Na hábhair bhuana-----

Ms Sinéad Nic Coitir:

Ba chóir go mbeadh na hábhair bhuana dátheangach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir go mbeadh.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá siad dátheangach. Tá sé sin sa scéim. Braitheann teanga na gcáipéise ar cén saghas cáipéise atá i gceist. Caitheann na tuarascálacha bliantúla a bheith i nGaeilge de réir an Achta agus tá siad i nGaeilge. Tá na cáipéisí eile nach gá a bheith i nGaeilge chomh maith le Béarla ar an suíomh gréasáin i mBéarla amháin. Fuaireamar comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga gur chóir go mbeadh gach rud a bhí ar an leagan Béarla ar an leagan Gaeilge chomh maith chun nach mbeadh daoine ag dul ó thaobh amháin go taobh eile i gcónaí. Mar sin, tá a lán Béarla ar an taobh Gaeilge dá bharr toisc go bhfuil preasráitis nó cáipéisí éagsúla ann i mBéarla amháin. Ach tá an t-ábhar buan i nGaeilge agus i mBéarla.

Mr. Andrew Munro:

Chuir an Teachta Aindrias Moynihan ceist orainn mar gheall ar an ról atá againn mar cheannairí agus ó thaobh eiseamláir a thabhairt. Bhí mé ag labhairt le déanaí le ceannaire preasoifig an Rialtais faoin athrú go dtí gov.ieagus na dúshláin atá ann an t-ábhar atá i mBéarla a athrú chuig an framework nua. Dúirt mé go mba chóir go mbeadh béim ar na hábhair atáimid ag cur amach i nGaeilge freisin agus go mbeadh sé sin uasdátaithe. Tá siad chun é sin a phlé leis an gcoiste comhairle atá ann le haghaidh gov.ie. Luaigh mé leis an bhfoireann ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí freisin go mba chóir dúinn agus dóibh caighdeán ard ó thaobh an ábhair agus ó thaobh mhéid na n-ábhar atá ar shuíomh Idirlíon an dá Roinn sin-----

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbíonn ar an Roinn dul sa tóir orthu go minic? An mbíonn pushback nó an nglacann siad leis an gcomhairle?

Mr. Andrew Munro:

Tharla an exchange sin le ceannaire na preasoifige i gcomhthéacs an athraithe go dtí gov.ieagus an suíomh leathanach amháin. Tá siad sásta an bhéim a chur ar ábhar buan a bheith ann i nGaeilge ó na Ranna ar fad. Is féidir linn agus is féidir leis an OGCIO súil a choimeád air. Tiocfaidh mé ar ais chuig an gcoiste faoi gov.ie agus Roinn an Taoisigh ach is féidir linn é a phlé arís nuair atá na fadhbanna atá ann faoi láthair ceartaithe.

Tagraím don phointe a rinne an Teachta Moynihan mar gheall ar óráidí thar lear. Níl na figiúirí agam go cruinn le haghaidh cé mhéad óráidí a osclaíonn an Taoiseach as Gaeilge nuair atá sé i Meiriceá nó san Eoraip. Tá figiúirí don mhéid óráidí atá aistrithe go Gaeilge. Nílim anseo chun freagairt ar son an Taoisigh ach déanann sé iarracht ó thaobh an méid óráidí a dhéanann sé i nGaeilge de. Nuair a bhí cruinniú Rialtais thuas i dTír Chonaill i rith an tsamhraidh, bhí cuid mhaith de na briefing notes a thug muid dóibh ar fáil i nGaeilge mar eiseamláir do na hAirí eile go mba chóir agus gur féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Moynihan sásta leis na freagraí sin?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard faoin líonra Gaolainn agus an fhorbairt ar an scéim?

Mr. Andrew Munro:

Cabhraíonn an líonra Gaeilge leis an oifigeach Gaeilge monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime. Tá muidne chun dul ar ais agus na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta Ó Snodaigh a phlé leo, mar shampla. Is iadsan a chabhraíonn leis an scéim a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm. Is comhairleoirí iad don Roinn ar conas seirbhísí níos fearr a chur i bhfeidhm. An bhfuil aon ról foirmeálta eile ag an líonra?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Chuaigh muid i dteagmháil leis an líonra nuair a bhí an scéim nua á hullmhú againn. Is iad na teagmhálaithe na daoine atá on the ground. Muna bhfuil rud ag obair i gceart, bheadh a fhios acu sin agus b'fhéidir nach mbeadh a fhios agamsa. Má tá fadhb ann, cuireann siadsan é sin in iúl dúinn agus déanfaimid déileáil leis sin chomh luath agus is féidir. Tá daoine eile ann ón bpreasoifig, ón rannóg gnóthaí corparáideacha, ó oifig an Taoisigh agus mar sin. Is iad siúd is mó a bhíonn ag déileáil le Gaeilge. Bíonn smaointe acu nach mbeadh agamsa, mar shampla. B'fhéidir go mbeadh fadhb ann go mbeadh mise ag iarraidh déileáil léi agus nuair a phléann an líonra í tagaimid ar réiteach. Tá sé an-úsáideach domsa agus don Roinn i gcoitinne ó chuireadh ar bun é.

Mr. Andrew Munro:

Ní féidir liom níos mó a rá leis an Teachta ó thaobh na scéimeanna de. Tá an bhéim ar an scéim atá againn a chur i bhfeidhm níos fearr agus is iad na hathruithe ón seanscéim ná gur chuir muid an líonra i bhfeidhm.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá athrú tagtha ar mhéid na bpreasráiteas chomh maith.

Mr. Andrew Munro:

An céatadán atá sa scéim ná 30% ach feicfidh na baill ó na figiúirí go bhfuilimid ag cur 37% de na preasráitis amach trí Ghaeilge.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Bhí 42% de na preaseisiúintí i nGaeilge i mbliana.

Mr. Andrew Munro:

D'fhéadfaimis breathnú air sin don scéim nua ach ar bhealach tá an bhéim ní hamháin ar mhéid na bpreasráiteas agus ar mhéid na n-óráidí agus mar sin de ach ar an gcaighdeán freisin. Tá sé tábhachtach an caighdeán a choimeád ard ag an am céanna.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile agam ar ábhar atá bainteach leis seo. Beidh na Ranna éagsúla ag dul i mbun a ngnó féin agus d'fhéadfadh rud a bheith ag tarlú i Roinn amháin a bheadh ag teacht salach ar Roinn eile ó thaobh chúrsaí Gaolainne de. Mar shampla, bhí sé le feiscint mar gheall ar an díolúine sa Ghaolainn leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeadh ról ceannaireachta aici maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Shamhlódh duine go mbeadh co-ordination éigin ar siúl maidir lena leithéid. An mbeadh a leithéid ag teacht trí Roinn an Taoisigh? Conas a dhéanfaí láimhseáil air sin? Tuigim gur beag co-ordination a bhí ann. Conas go scaoilfí lena leithéid tarlú nó an bhfuil aon struchtúr ar fáil chun a chinntiú nach mbeadh rud i Roinn amháin ag cur isteach ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge nó rud a bheadh ar siúl ag Roinn eile? Bheinn ag súil le go mbeadh ról ceannaireachta ag an Taoiseach mar gheall air sin agus go mbeadh a leithéid ag teacht tríd an Roinn. Cad go díreach a tharlódh ansin nó cad a tharla?

Mr. Andrew Munro:

Is é an córas is bunúsaí atá againn chun co-ordination a dhéanamh idir na Ranna difriúla ná trí cruinnithe Rialtais. Má tá rud tábhachtach go leor chun go mbeadh ar Roinn amháin é a thabhairt go cruinniú Rialtais, caithfear an dréachtmheamram a chur timpeall chuig na Ranna eile agus bíonn deis acu observations a chur ar an memo. Ní chuimhin liom ar tháinig na proposals ón Roinn Oideachais agus Scileanna timpeall agus ní chuimhin liom go díreach cad iad na observations a bhí ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mar sin ní féidir liom an cheist a fhreagairt ar an bpointe sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeadh deis ag Roinn an Taoisigh observations a chur isteach ann, go háirithe nuair atá an ról ceannaireachta sin ag an Taoiseach maidir leis an straitéis chun co-ordination a dhéanamh uirthi?

Mr. Andrew Munro:

Bímid an-chúramach ag cur observations isteach ar aon mheamram ag teacht chuig an Rialtas mar tá muidne ag obair do chathaoirleach an Rialtais. De ghnáth, ní chuirimid observations foirmeálta ar aon mheamram atá ag teacht chuig an Rialtas ach cuirimid glao gutháin ar na hoifigigh agus b'fhéidir go gcuirfeadh muid ceist nó dhó orthu ar thug siad aird go leor don mhéid a tháinig ó Roinn faoi leith, mar shampla. It is a delicate job a bheith ag tabhairt observations do na Ranna eile nuair atá Roinn an Taoisigh ag obair don Taoiseach. Sin an bealach a dhéanaimid é ach ní cuimhin liom an meamram sin ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé cúpla ceist agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta ansin. Is iontach go bhfuil an caidreamh seo ar siúl trí Ghaeilge. Diaidh ar ndiaidh, is rud neamhghnách é sin sa seomra seo faraor agus gabhaim buíochas do na finnéithe as sin. Mar a dúirt mé cheana, tá ról faoi leith ag Roinn an Taoisigh agus tá ceannaireacht ag teastáil.

Maidir leis an líonra, sa ráiteas tosaigh dúirt an tUasal Munro: "I measc na rudaí a phléitear ag cruinnithe an Líonra Gaeilge tá seirbhísí aistriúcháin, an suíomh idirlíon... [agus] tuarascáil an Choimisinéir Teanga". Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil 2018 go raibh díomá air ó thaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla de. Tá a fhios agam nach bhfuil ról faoi leith ag Roinn an Taoisigh ach ar phlé an Roinn an méid sin? Dúirt sé chomh maith: "B’ábhar díomá dom, áfach, nár tapaíodh an deis an bhliain a mharcáil ar bhealach a d’fhágfadh rian buan go reachtúil, trí na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú". Tá sé luaite go sonrach aige ina thuarascáil bhliantúil agus tá mír faoi leith aige ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Ar phlé an Roinn an tuarascáil agus an mhír sin?

Mr. Andrew Munro:

Níor phléamar an mhír sin den tuarascáil ach tá an ceart ag an gCathaoirleach nach bhfuil ról díreach againn an Bille sin a chur chun cinn. Tá mé féin i mo bhall den Government legislation committee agus tá sé á phlé againn ansin go rialta. Tá an tAire ag cur béim-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam.

Mr. Andrew Munro:

Chun an phríomhcheist a bhí ag na gCathaoirleach a fhreagairt, ní dóigh liom gur phléigh muid é sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní mór dom a rá gur ábhar díomá é sin dom mar tá sé ráite ag Roinn an Taoisigh go ndearnadh plé ar thuarascáil an Choimisinéir Teanga do 2018.

Mr. Andrew Munro:

Phléigh muid í chomh fada agus a bhfuil an tuarascáil dírithe orainne mar Roinn.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Phléigh muid an cur síos a bhí ann ar na heagraíochtaí go raibh gearán déanta fúthu agus an córas a bhí ag an gCoimisinéir é sin a scrúdú-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Sinéad Nic Coitir:

-----agus an saghas rud a bhí feidhm aige leis. Deis foghlamtha a bhí ann ar cad ba chóir dúinn a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Bhíomar ag plé na tuarascála ó thaobh seirbhísí custaiméirí de.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gur fiú dul ar ais agus breathnú ar an tuarascáil arís mar tá sé ráite go soiléir ag an gCoimisinéir Teanga gur ábhar díomá dó é. Tá rud eile fógartha aige ó thaobh RTÉ de.

Ar phléigh na finnéithe é sin? Ar tháinig an easpa clár Gaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil ar RTÉ, agus nach raibh RTÉ ag comhlíonadh a dhualgais, suas mar ábhar?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Ní bhaineann sé sin leis an Roinn, mar sin níor tháinig sé suas.

Mr. Andrew Munro:

Is iad seirbhísí na Roinne fócas an líonra. Is fócas leathan atá i gceist.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Díríonn an líonra ar an tseirbhís a chuireann an Roinn ar fáil dá custaiméirí amháin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le custaiméirí, dúirt an tUasal Munro ina ráiteas tosaigh nach ndéanann an Roinn mórán teagmhála leis an bpobal, i gcodarsnacht le Ranna eile. Bíonn caidreamh á dhéanamh, áfach, ó thaobh Twitter agus tweets. Cé mhéad de na teachtaireachtaí sin a théann amach i nGaeilge?

Mr. Andrew Munro:

Níl na figiúirí sin againn anseo, ach is féidir liom an t-eolas sin a fháil agus é a sheoladh ar ais ag an gcoiste.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloisimid go minic, ó gach Roinn agus eagraíocht a thagann os ár gcomhair, go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeltachta de. In ainneoin chuile rud eile, tá géarchéim ann. An aontaíonn na finnéithe leis sin?

Mr. Andrew Munro:

Tá an tAire Stáit freagrach as polasaí na Gaeilge-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní féidir aon rud a rá.

Mr. Andrew Munro:

-----mar sin ní féidir liom aon fhreagra difriúil a thabhairt.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim, ach sin mo thuairim agus deirtear é go minic. Tuigim an deacracht atá ag an Uasal Munro, ach tá sé ráite ag an gcoiste seo go minic go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de agus, níos tábhachtaí, tá sé ráite ag an lucht acadúil a tháinig os ár gcomhair. Ní mór dom a rá go poiblí go bhfuil éacht déanta ag an Taoiseach ó thaobh na Gaeilge de. An chéad chéim eile ná leanúint ar aghaidh, na cluasáin a úsáid sa Dáil agus ligean do na Teachtaí Dála atá Gaeilge acu í a úsáid. D’fhéadfadh sé iad a fhreagairt i mBéarla más gá, ach ba chóir ar a laghad a bheith mar eiseamláir agus ómós a thaispeáint don Ghaeilge. Sin mo mholadh don chéad chéim eile don Taoiseach. Ba chóir dó leanúint ar aghaidh agus a chur in iúl go bhfuil sé fós ag streachailt, ach gur fiú é.

An bhfuil ionadaíocht ó chuile Roinn ar an líonra?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá ionadaíocht ann ó roinnt rannóga laistigh den Roinn. Is líonra inmheánach é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá brón orm, ní dhearna mé é sin soiléir. Is grúpa inmheánach sa Roinn é an líonra, d’fhoireann na Roinne-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Roinn an Taoisigh.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Sea. Ní dhéileálann sé le ceisteanna móra, ach le conas a chuireann an Roinn an tseirbhís ar fáil trí Ghaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Tuigim anois.

Tá rudaí faoi leith luaite sa mheasúnú riosca náisiúnta. An bhfuil an Ghaeilge mar chuid den mheasúnú sin?

Mr. Andrew Munro:

Ní cuimhin liom go bhfuil. Tá sé sin foilsithe againn, mar sin is féidir é-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbaineann sé sin leis na finnéithe?

Mr. Andrew Munro:

Is rannóg polasaí eacnamaíochta na Roinne a chuireann é sin amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfadh na finnéithe seiceáil an bhfuil an Ghaeilge mar chuid den mheasúnú agus a theacht ar ais chugainn?

Mr. Andrew Munro:

Ní dóigh liom go bhfuil sí, ach is féidir liom a theacht ar ais ag an gcoiste maidir leis sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An gá don Ghaeilge a bheith mar pháirt de?

Mr. Andrew Munro:

Sin ceist. Cuirimid an risk assessment sin le chéile tar éis teagmháil le stakeholders agus comhairle leis na Ranna eile. Is aggregation de na odds ar fad é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is bailiúchán é.

Mr. Andrew Munro:

Sea, bailiúchán dóibh siúd. D’fhéadfadh muid a lán rudaí a chuir isteach ann, ach tá filtering i gceist. Níor chuala mé aon duine ag rá gur chóir dúinn fadhbanna na Gaeilge a chur isteach sa risk assessment sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaidh an tUasal Munro ar ais chugainn maidir leis sin.

Mr. Andrew Munro:

Tiocfaidh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le ról réamhghníomhach, is iontach an rud é go bhfuil seachtar le Gaeilge ar an bhfoireann, ach níl ansin ach 3% den fhoireann iomlán sa Roinn. An bhfuil sé sin ceart?

Mr. Andrew Munro:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén spriocanna nó cuspóirí atá ag na finnéithe chun an uimhir sin a mhéadú? Cén sort slat tomhais agus tréimhse ama atá i gceist? Bhí an Teachta agus na finnéithe ag labhairt faoi mhuinín níos luaithe, agus is cinnte go bhfuil easpa muiníne ann. Tá a fhios agam é sin. Mar a dúirt an Teachta, tá ról faoi leith ag Roinn an Taoisigh maidir le ceannaireacht a thaispeáint chun daoine a mhealladh agus buntáistí a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Teastaíonn pacáiste go géar chun daoine a mhealladh. Cad atá i gceist ansin agus cad iad na spriocanna agus cuspóirí atá ag na finnéithe?

Mr. Andrew Munro:

Táimid dírithe ar uimhir na dteagmhálaithe a mhéadú. Luaigh mé traenáil agus cúrsaí Gaeilge le haghaidh tosaithe cheana. Ó thaobh seirbhísí don phobal, is féidir turas go Tithe an Rialtais a chur in áireamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, mar shampla. Rudaí mar sin, na-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag caint faoin bhfoireann.

Mr. Andrew Munro:

Is an traenáil an rud is tábhachtaí, ionas go mbeidh muinín ag daoine a bheith mar theagmhálaithe.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá méadú tagtha ar líon na dteagmhálaithe. Ní raibh ann ach beirt nó triúr cúpla bliain ó shin, mar sin tá méadú suntasach tagtha orthu. Nuair a thagann duine nua isteach sa Roinn, buaileann duine ón roinn gnóthaí corparáideach leo. Má tá ainm i nGaeilge nó cáilíocht Gaeilge acu, fiafraítear orthu an mbeadh suim acu roinnt oibre a dhéanamh i nGaeilge, nó bheith ina dteagmhálaí. Má tá, cuirtear iad i dteagmháil liomsa agus labhraím leo faoi. Táimid réamhghníomhach sa bhealach sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh teacht isteach. Tiocfaidh mé ar ais maidir le mo cheisteanna féin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an tUasal Munro Vivian Uíbh Eachach agus an fhoireann sa rannóg aistriúcháin, agus mhol sé iad. Braitheann go leor Ranna ar rannóg an aistriúcháin chun obair a dhéanamh nár chóir di a bheith ag déanamh, mar tá jab eile aici. Tá an rannóg iontach ag an jab sin agus tá éacht déanta aici thar na blianta. Cé mhéad a bhraitheann Roinn an Taoisigh ar rannóg an aistriúcháin? Má bhíonn gach Roinn ag brath uirthi, ar chóir dúinn níos mó baill foirne a chur ar fáil di chun an obair sin a dhéanamh? Má lorgaíonn muid níos mó comhfhreagrais, tiocfaidh níos mó oibre agus níos mó éilimh ar na Ranna difriúla, rud a bheadh go maith. Caithfidh an fhoireann cheart a bheith taobh thiar den rannóg chun an obair a dhéanamh, an comhfhreagras a bheith cruinn agus na foirmeacha agus rudaí eile a thagann ón Stát a bheith foirfe ó thaobh na Gaeilge de.

Mr. Andrew Munro:

De ghnáth ní bhraithimid ar rannóg an aistriúcháin. Chuamar chuici an uair a luaigh mé mar gur aistriúchán den Bhunreacht a bhí i gceist agus shíl muid gur chóir go mbeadh na haistritheoirí is fearr sa tír a bheith ag obair air. Níl cáilíochtaí ag aistritheoirí de ghnáth chun déileáil le Billí agus Achtanna, agus nuair atá an Bunreacht i gceist, caithfimid a bheith an-chúramach go bhfuil an caighdeán an-ard agus ceart. Sin an fáth gur lorg muid cabhair na rannóige. Seo an chéad uair a chur muid isteach in iris sa Chúirt Uachtarach é ó 1999. Ní dhéanann muid rómhinic é, agus tá sé an-tábhachtach mar sin, de bharr gurb é an leagan oifigiúil ar a mbraitheann an Stát ar fad agus na cúirteanna. Sin an t-aon uair gur bhraith muid ar rannóg an aistriúcháin, chomh fada is eol domsa. Nuair a theastaíonn seirbhísí aistriúcháin uainn, úsáidimid comhlachtaí eachtrannacha nó ár n-oifigigh féin sa líonra.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh sé níos éasca athrú a dhéanamh gach uair atá reifreann againn anois toisc go bhfuil an cló athruithe agus go bhfuil sé ar líne? Ar chóir go mbeadh an Bunreacht ar fáil do na cúirteanna beagnach láithreach tar éis reifrinn?

Bíonn sé dréachtaithe ionas gur féidir é a athrú. Ní cóir go mbeadh aon mhoill ann. Ní gearán é seo. Glacaim gur chóir go mbeadh sé seo ag tarlú go huathoibríoch. B'fhéidir nach ceist don fhinné seo é seo ach don rannóg ach is iad na finnéithe seo atá i gceannas ar an mBunreacht.

Mr. Andrew Munro:

Táimid i bhfeighil eagráin an phobail nó “popular” a chur amach agus déanaimid go rialta é. Tá eagrán le cur amach againn chun toradh an reifrinn is déanaí a chur isteach ann. Caithfimid a bheith an-chúramach maidir leis an eagrán a gcuirtear ina iris sna cúirteanna uachtaracha. Cuirfimid é sin síos ar vellum agus tá an ceartlitriú san eagrán sin díreach mar an gcéanna leis an eagrán ar vótáil na daoine air ó 1937 ar aghaidh.

Maidir le heagrán don phobal, tá an ceartlitriú athraithe go dtí an ceartlitriú nua-aimseartha. Ní féidir brath air go hoifigiúil ar an gcaoi chéanna. Is jab profléitheoireachta ollmhór atá ann, go formhór. Nuair a leagtar amach ar an leathanach é, bíonn na bristeacha idir na halt in áiteanna difriúla. Is é sin an fáth gurb é an phrofléitheoireacht an chuid is deacra faoin jab seo seachas an t-aistriúchán féin.

Cheap mé go raibh cúig nó sé tréimhse profléitheoireachta i gceist sular chuireamar os comhair Ard-Rúnaí na Roinne é. Bhí ar an Ard-Rúnaí dul tríd agus gach leathanach a shíniú. Ina dhiaidh sin bhí ar an bPríomh-Bhreitheamh an rud céanna a dhéanamh, ansin an Taoiseach agus ansin an tUachtarán. Tá an-chuid seiceála agus deimhnithe le déanamh. Tá cóip de agam anseo agus mura mhiste leis an gcoiste is féidir liom í a thaispeáint don chruinniú agus breathnú uirthi tar éis an chruinnithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ná bí buartha mar níl mé chun í a shíniú.

Mr. Andrew Munro:

Lá éigin, b’fhéidir.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Lá éigin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam agus beimid críochnaithe ansin.

Maidir leis an suíomh Idirlín gov.ie, tá píosa ar leith ag an Roinn air sin. An raibh aon phlé nó cén uair ar thosaigh é sin nó an dtéann sé sin fada siar?

Mr. Andrew Munro:

Ní cuimhin liom go beacht.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Thosaigh sé dhá bhliain nó trí bliana ó shin, b'fhéidir.

Mr. Andrew Munro:

Thosaíomar ag labhairt faoi ag an am sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Trí nó ceithre no cúig bliana mar sin, tuigim.

Mr. Andrew Munro:

Tá gach Roinn ann le sé mhí nó le deich mí anuas nó mar sin. Is féidir liom é sin a fháil amach don choiste.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ceart go leor. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach an raibh an Roinn bainteach leis ón tús? An raibh comhairle tugtha ag an Roinn do na daoine a bhí taobh thiar de maidir leis an dualgas go mbeadh an suíomh iomlán dátheangach?

Mr. Andrew Munro:

Bhí a fhios againn ón tús mar tá sé leagtha amach i scéim na dteangacha oifigiúla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin ach níl an suíomh iomlán dátheangach.

Mr. Andrew Munro:

Níl sé iomlán dátheangach. Tá an t-ábhar buan a bhaineann leis an Roinn dátheangach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir mar a thuigim, níl sé agus tá daoine ag rá liom nach bhfuil sé.

Mr. Andrew Munro:

Tá naisc bhriste ann i mBéarla agus i nGaeilge mar d'athraíomar an sean-ábhar trasna ó leathanaigh eile. In áiteanna éigin den suíomh tá na naisc bhriste i nGaeilge agus i mBéarla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad is ciall le naisc bhriste?

Mr. Andrew Munro:

Broken links agus hyperlinks atá i gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Cén fáth a bhfuil siad briste?

Mr. Andrew Munro:

Nuair a athraíodh an seanábhar ó na seanleathanaigh ón 17 suíomh deiridh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An rud gearrthéarmach é sin?

Mr. Andrew Munro:

Is fadhb ghearrthéarmach é sin in áiteanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé atá i gceannas monatóireacht a dhéanamh ar an suíomh sin i Roinn an Taoisigh?

Mr. Andrew Munro:

Government Information Service, GIS, agus an phreasoifig.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Gaeilge ag an duine sin?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá Gaeilge ag an duine sin.

Mr. Andrew Munro:

Tá oifigeach Gaeilge againn sa phreasoifig.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ról faoi leith ag an duine sin monatóireacht a dhéanamh ar an suíomh seo.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá an ról ag na Ranna más rud é go bhfuil ábhar acu ar gov.ie/taoiseach-----

Mr. Andrew Munro:

Tá ról ag an líonra ach tá an dualgas ar na Ranna sa chéad áit.

Ms Sinéad Nic Coitir:

-----é a chóiméad cothrom le dáta i nGaeilge agus i mBéarla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach níl sé cothrom le dáta i nGaeilge agus i mBéarla, an bhfuil sé? Is e an rud atá á iarraidh agam a fháil amach an bhfuil duine ansin, is cuma cén teideal atá ag an duine, agus tá ról faoi leith ag an duine a chinntiú go bhfuil an suíomh seo cothrom le dáta i mBéarla agus i nGaeilge agus nach bhfuil naisc bhriste i gceist. An bhfuil duine faoi leith ann?

Mr. Andrew Munro:

Tá dualgais ar daoine éigin. Mar a dúirt an tUasal Nic Coitir, tá dualgas ar an rannóg lena mbaineann an t-ábhar a chinntiú go bhfuil sé ceart ach tá dualgais freisin ar an líonra Gaeilge monatóireacht a dhéanamh uirthi.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh an Roinn in ann breathnú air sin.

Mr. Andrew Munro:

Deirim go bhfuilimid ag breathnú air sin. Tá na fadhbanna ar eolas againn. Táimid tar éis labhairt le preasoifig an Rialtais faoi sin chun na fadhbanna seo a dheisiú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh siad réitithe i gceann cúpla seachtain?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Chomh fada agus is eol domsa níl fadhb ag baint le leathanaigh ár Roinne ar an suíomh gréasáin sin maidir le hiad gan a bheith i nGaeilge. Is é an rud atá ann faoin suíomh gréasáin sin ná go bhfuil eolas ann ó gach Roinn, nó ón gcuid is mó de na Ranna, agus tá sé deacair uaireanta a fhios a bheith ag an duine cé lena mbaineann an leathanach. Bhí an fhadhb seo againn mar bhí daoine ag scríobh chugainn maidir le leathanaigh nár bhain linne ar chor ar bith agus nach rabhamar in ann a aistriú agus bhí orainn dul i dteagmháil leo. Táimid ag dul i dteagmháil go rialta le hOifig an Office of the Government Chief Information Officer, OGCIO, maidir le rudaí a chur i nGaeilge agus é a choinneáil cothrom le dáta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an rud, go bhfuil bearna ansin.

Mr. Andrew Munro:

B'shin an fáth a raibh mé ag labhairt le ceannaire an GIS ag a bhfuil teachtaireachtaí ó na Ranna éagsúla ag teacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má théim féin amárach nó i gceann coicíse, an mbeidh mé in ann gach rud a fháil i bhfoirm dhátheangach?

Mr. Andrew Munro:

Ní féidir liom a rá go díreach cathain a mbeidh na fadhbanna atá ann ceartaithe ach ba chóir go mbeadh an t-ábhar buan a bhaineann leis na Ranna éagsúla clúdaithe faoi na scéimeanna teanga. Cuirtear preasráitis agus rudaí mar sin amach agus ní aistreofar 100% de na preasráitis sin go Gaeilge ach tá an t-ábhar buan-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Chuala mé é sin. Tá mé ag smaoineamh ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Is é príomhthéama na straitéise ná an Ghaeilge a normalú agus í a dhéanamh níos feiceálaí ar chuile leibhéal. Bhí coiste faoi leith i gceist leis an Taoiseach. Tuigim nach féidir lenár bhfinnéithe caint faoi pholasaí ach bhí coiste ann agus an Taoiseach i gceannas air chun an straitéis a chur chun cinn. Níl sé sin ann níos mó. Cé atá i gceannas chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus gan í a imeallú? Is í an teanga náisiúnta í agus príomhtheanga na tíre. Tá dualgas orainn go léir, go háirithe ar Roinn an Taoisigh, í a normalú agus a dhéanamh níos feiceálaí.

Mr. Andrew Munro:

Is é an rud is fearr is féidir linn a dhéanamh ná na ceisteanna atá curtha ag an gCathaoirleach faoin suíomh Idirlín a fhreagairt agus na freagraí a chur ar ais chuici agus leagfaimid amach na céimeanna a thógfaimid chun na fadhbanna sin a bhaineann le gov.iear fad a dheisiú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hamháin an suíomh ach is í an Ghaeilge go ginearálta féin atá i gceist. An dtuigeann an rúnaí cúnta an pointe atá i gceist agam? Is normalú atá i gceist leis. Is iontach go bhfuil seachtar sa Roinn ach ní féidir an Ghaeilge a normalú le seachtar, cé gur tús maith é.

Mr. Andrew Munro:

Is é sin an jab atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla i ndáiríre agus ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis na scéimeanna teanga. Is é sin an córas chun brú a chur ar-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé chun teacht ar ais air sin mar go bhfuil teipthe go huile is go hiomlán ar na scéimeanna teanga. Ní mise atá á rá sin ach an Coimisinéir Teanga féin. Is é sin an fáth go bhfuil gá le Bille nua. Faraor, tá ar an Roinn leanúint ar aghaidh leis an scéim atá ann ach tá teipthe go huile is go hiomlán.

Cén obair réamhghníomhach atá á dhéanamh ag an Roinn ó thaobh an Bhille nua a bheidh ann? Beidh caighdeán agus córas iomlán difriúil i gceist.

An bhfuil aon réamhobair déanta ag an Roinn? B’fhéidir go gcuirfidh mé an cheist seo ar an oifigeach teanga.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá an dréacht-Bhille léite agam ach caithfimid fanacht go dtí go bhfeicfimid cén caighdeán a bhainfidh lenár Roinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tá súil agam go bhfuil na córais atá againn faoi láthair daingean go leor chun déileáil leis na caighdeáin a leagfar síos faoin mBille. Muna bhfuil déanfaimid an obair gur gá a dhéanamh chun na caighdeáin sin a bhaint amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na dúshláin a fheiceann an tUasal Nic Coitir - críochnóidh mé leis an gceist seo - maidir leis an mBille nua agus an méid atá léite aici? Beidh earcaíocht 20% de na fostaithe nua i gceist agus caighdeáin i gceist seachas scéimeanna teanga.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Níl a fhios agam, chun a bheith macánta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Is ceist é a bhaineann leis na rialacha atá ann a chur i bhfeidhm sa Roinn ach ní féidir liom tuairimíocht a dhéanamh maidir leis an mBille.

Mr. Andrew Munro:

Is dúshlán dúinne é an earcaíocht faoi láthair chun foireann nua a fháil le cáilíochtaí sa Ghaeilge. Bhí an t-ádh linn ar bhealach go bhfuaireamar baill nua i mbliana. Is é sin an fáth go bhfuil an bhéim á cur againn ar an traenáil agus ar an oideachas i measc na mball atá againn agus an mhuinín atá acu an Ghaeilge a úsáid a fheabhsú agus a mhéadú. I ndáiríre, tá sé an-deacair daoine a earcú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin agus is é sin an fáth ar cuireadh an cheist ach tá gá le réamhsmaoineamh réamhghníomhach. Beidh rudaí ag athrú, b’fhéidir níos moille ná mar a cheapaimid, ach beidh. Dá réir, beidh ar gach Roinn, go háirithe Roinn an Taoisigh, breathnú ar na dúshláin agus ar na fadhbanna agus ar céard atá le déanamh. Is é an réiteach is éasca, dar liom, ná daoine a mhealladh le buntáistí, le bónais agus chun ranganna a chur ar fáil i bhfad níos éasca ná mar atá siad i láthair na huaire, chun tógáil ar an ndea-thoil atá ann. Ba mhaith liom plean a fheiceáil ó Roinn an Taoisigh ó thaobh na rudaí sin.

Mr. Andrew Munro:

Okay.

Ms Sinéad Nic Coitir:

Tuigim.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith lenár bhfinnéithe aon rud eile a rá? Chuir mé cúpla ceist ach tá mé críochnaithe anois. Gabhaim buíochas mór leis an Uasal Munro agus leis an Uasal Nic Coitir. Bhí sé sin cabhrach dúinn. Tá na finnéithe chun teacht ar ais chugainn maidir le rud nó dhó, maidir leis na teachtaireachtaí i nGaeilge-----

Mr. Andrew Munro:

Cinnte, is iad na rudaí sin ná na tvuíteanna, national risk assessment agus aon fhigiúirí ar úsáid na Gaeilge thar lear. Céard eile a bhí i gceist?

Ms Sinéad Nic Coitir:

Is é sin maidir leis na gráid atá bunaithe ag an-----

Mr. Andrew Munro:

Is é sin cinnte é, na gráid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas mór leo. Bhí ceithre rud i gceist is dóigh liom.

Gabhaim buíochas leis na bhfinneithe.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 5.43 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.05 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 17 Nollaig 2019.