Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí ceithre ábhar difriúil ann. Ba mhaith liom filleadh ar an ról ceannaireachta ar dtús, go háirithe nuair a théann an Taoiseach thar lear nó aon phlé a bhíonn ag an Roinn lasmuigh den tír. Tuigim go mbeidh tíortha ann agus nach dtuigfidh daoine Gaolainn ann ach tá tíortha ann chomh maith agus ní thuigfidh daoine Béarla ann. Sa chás sin, tá an Ghaolainn ar chomhchéim agus is féidir leis an Taoiseach, an Roinn agus na hoifigigh an Ghaolainn a chur ar chomhchéim agus chun cinn ansin. An ndéantar sa Roinn aon tomhas nó aon mheas ar an méid Gaolainne a úsáidtear? Braithim nach bhfuil an Roinn ag glacadh leis an deis ansin chun an Ghaolainn a chur os comhair pobal ollmhór agus chun a chur ina luí orthu go bhfuil teanga eile anseo. Ba chóir go mbeadh iarracht níos mó á dhéanamh ansin. Tuigim go mbeidh tús na hóráide trí Ghaeilge, ach seachas sin ba chóir go mbeadh iarracht níos mó ann chun a chinntiú go mbeadh a fhios ag daoine ar fud na cruinne nach Béarla amháin atá ann agus go bhfuil Gaolainn ann chomh maith agus beidh a fhios ag muintir na hÉireann agus ag Gaeilgeoirí in Éirinn go bhfuil an Ghaolainn ar chomhchéim leis an mBéarla agus go bhfuil gach iarracht á déanamh í a chur chun cinn. Glacaim leis go bhfuil céimeanna dearfacha tógtha sa bhaile chun an Gaolainn a chur chun cinn.

Luaigh an tUasal Munro an líonra Gaolainne. Cad go díreach é sin agus conas a oibríonn sé? Cén tairbhe atá ann? Luaigh an tUasal Munro an scéim teanga agus dúirt sé nach raibh an Roinn ag leagan síos rudaí nua ann ach ag déanamh níos mó den rud céanna agus ag ardú spriocanna faoi leith. Tar éis trí nó ceithre huaire a bheith mórthimpeall, shamhlódh duine go mbeadh cúpla rud go bhfacthas nach raibh ag feidhmiú agus go mba chóir go bhfágfaí ar leataobh iad agus go bhfacthas go bhfuil rudaí eile ag feidhmiú go maith. Cad iad na feabhsúcháin atá déanta ar an scéim ón uair a thosaigh an Roinn leis? An féidir cúpla sampla a thabhairt den tairbhe gur baineadh as na trí scéim roimhe seo? Tagraím do gov.ieagus úsáid na Gaolainne ar an Idirlíon. Tuigim ón Uasal Munro gurb é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá i bhfeighil ar an suíomh sin. Caithfidh go mbeadh ról ceannaireachta arís ag Roinn an Taoisigh nó an mbíonn ar an Roinn fíorú a dhéanamh ar an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe chun breis Gaolainn a chur chun cinn ann? An lorgaíonn an Roinn sin breis ábhar ó Roinn an Taoisigh? Cad iad na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn chun a chinntiú go bhfuil an Ghaolainn á cur chun cinn ansin, in ainneoin is gur leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an suíomh? Tá an ról ceannaireachta ag Roinn an Taoisigh fós. An féidir cúpla sampla a thabhairt de na hiarrachtaí a rinneadh chun breis Ghaolainn a chur chun cinn ansin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.