Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Dr. Harold Hislop:

Luaigh an Teachta na hoileáin agus na scoileanna ar na hoileáin chomh maith. Glacaim go hiomlán leis an méid a bhí á rá aige mar gheall ar an bhfeabhas a chuireann sé ar Ghaeilge na mic léinn nach as an nGaeltacht iad. Tá cara de chuid an teaghlaigh agam féin agus tá a hiníon ag freastal ar an scoil ar na hoileáin. Arís, níl an Ghaeilge ina theaghlach sa bhaile ach tá an-suim aici sa Ghaeilge agus is iontach an jab atá déanta aici agus ag an scoil chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tugann sé seans do na scoileanna ar na hoileáin. Ós rud é go bhfuil níos mó mic léinn acu, tá seans acu réimse níos leithne d'ábhair a chur ar fáil do na mic léinn. Tá buntáistí ag baint leis na scoileanna ar na hoileáin, ní hamháin do na mic léinn atá ag teacht isteach ar na hoileáin chomh maith. Cuid mhaith de na scoileanna atá ag gníomhú linn ar an scéim e-hub ná ceann de na scoileanna atá ar na hoileáin. Ní raibh an fhisic le fáil sa scoil sin riamh roimhe ach anois beidh sé ar fáil don ardteistiméireacht ag an ardleibhéal an bhliain seo chugainn. Tá an cuma ar an scéal go bhfeidhmeoidh an scéim sin, agus tá beirt mhúinteoir againn, duine lonnaithe i gCorca Dhuibhne agus duine eile i nGaillimh. Tá siad ag múineadh na ceachtanna seo ar líne. Tá súil againn go gcuirfear feabhas ar réimse na n-ábhar agus ar an réimse eolais atá ar fáil ag na mic léinn, fiú ar na hoileáin agus ar scoileanna beaga iargúlta cosúil leo thart timpeall na Gaeltachta.

Tabharfaidh an Dr. Kirk an t-eolas ar líon na ndaltaí agus araile atá ar na hoileáin sin don Teachta.