Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 18 June 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Ba mhaith liom teacht isteach ar an ábhar sin. Tagraím don fhoireann tacaíochta breise nach múinteoirí iad a bhíonn ag scoileanna. Táimid ag caint mar gheall ar na cúntóirí riachtanais speisialta, agus d'fhéadfaimis a bheith ag caint mar gheall ar an rúnaí scoile chomh maith nó an feighlí scoile nó duine ar bith. Is faoi na boird bhainistíochta go huile agus go hiomlán a dheimhniú, nuair a bhíonn na ceapacháin sin á dhéanamh, go bhfuil siad ag fáil daoine agus ag lorg daoine go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil Gaeilge riachtanach do na poist sin. Ní féidir a bheith ag feidhmiú mar chúntóir riachtanais speisialta i suíomh lán-Ghaeilge gan Gaeilge a bheith ag duine, agus is faoi na boird bhainistíochta é sin. Tá cead ag na boird sin a chinntiú go bhfuil Gaeilge líofa ag na daoine atá á gceapadh sna poist sin.
Tagraím d'oideachas speisialta i gcoitinne. Bíonn seimineár laethanta fhorbairt ghairmiúil leanúnacha don luath-thumoideachas, don fhóineolaíocht nó don fhoghraíocht trí mheán na Gaeilge, agus don sealbhú scileanna litríochta trí mheán na Gaeilge. Is rud nua é seo do go leor scoileanna Gaeltachta mar go raibh siad ag sealbhú a gcuid scileanna litríochta trí Bhéarla roimhe seo. Mar a deirim, beidh an tacaíocht sin ar fáil go leanúnach do na scoileanna sin. Is gá é seo a thógáil céim ar chéim leis na scoileanna chun a chinntiú go bhfuil a gcuid muiníne ag méadú an t-am ar fad agus go bhfuil siad á n-oiliúint chomh maith agus gur féidir leo ar an ábhar seo.
Gan dabht, bíonn gá le tuilleadh taighde agus forbairt sa bhreis a dhéanamh ar an ábhar sin mar is ceist thar a bheith leochaileach atá ann maidir le sealbhú teanga do dhaltaí go bhfuil riachtanais speisialta acu. Bíonn ar na scoileanna agus na tuismitheoirí díriú go príomha ar an rud is fearr don dalta. Breathnaítear ar gach uile dhalta mar dhalta aonar agus déantar plean aonar amach don dalta sin agus don suíomh ina bhfuil sé nó sí.
No comments