Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Le freagra a thabhairt ar an gceist a cuireadh maidir le céatadáin. Tagraím do sholáthar na dtéacsleabhar ag leibhéal na bunscoile. Ó thaobh na gnáthábhair de, tá soláthar 100% ann. Ní hamháin sin, i roinnt ábhar ar nós na matamaitice agus an oideachas sóisialta, imshaol agus eolaíochta, tá rogha ábhar ann ó thaobh an tsoláthair sin. Táimid ag cur leis an soláthar leabhair léitheoireachta an t-am ar fad. Tá clár luathléitheoireachta, clár fónaic agus mar sin de.

Maidir leis an teagasc Críostaí, bhíodh fadhbanna leis an sraith Beo go Deo ach tá muidne tar éis a bheith ag obair ar an tsraith I nGrá Dé agus tá an-chúram déanta d'oiriúnacht na teanga ansin lena chinntiú go bhfuil sé aoisoiriúnach agus go mbeadh na páistí agus a gcuid múinteoirí in ann déileáil leis. Ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta, tá an scéal níos dúshlánaí mar go bhfuil na hábhair ar fad sa tsraith shóisearach tar éis athrú le cúpla bliain anuas. Táimid ag iarraidh coimeád suas leis na hathruithe sin. Do na príomhábhair, tá leabhair nua ag dul leis na sonraíochtaí nua ar fáil. Tá gach iarracht déanta an Ghaeilge iontu a bheith aoisoirúnach agus gan a bheith róchasta. Ag an am céanna, caithfidh na scoláirí teanga na n-ábhar sin a fhoghlaim, níl aon dul as.

Maidir leis an nGaeilge í féin, tá sonraíocht faoi leith tagtha isteach do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus tá cúrsa ann. Don chéad uair riamh, beidh téacsleabhair agus cúrsa faoi leith ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Beidh sé sin ar fáil i gceann cúpla seachtain don téarma nua.

Tagraím don ardteistiméireacht. De bharr go bhfuil athbhreithniú ar siúl ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, tá moill ansin mar bhíomar chun tabhairt faoi leabhair eolaíochta - fisic, ceimic agus bitheolaíocht - a fhorbairt ach tá moill ar thabhairt isteach na sonraíochtaí nua. Mar a sheasann cúrsaí don ardteistiméireacht, tá leabhair nuashonraithe ann do na príomhábhair ar fad.