Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Professor Pádraig Ó Duibhir:

Táim anseo thar ceann institiúid oideachais DCU. Chuir mise eolas ar fáil maidir leis na riachtanais Ghaeilge do na cúrsaí tosaigh múinteoireachta agus riachtanais na Comhairle Múinteoireachta. Leis sin, clúdaítear mic léinn ag dul isteach agus mic léinn ag teacht amach ag an deireadh.

Luaigh Dr. McMahon comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha, the common European framework of reference for languages. Tá tábhacht leis sin mar tugann sé teanga comónta le bheith ag caint faoi chaighdeáin. Molaim, agus tá sé molta agam cheana i bhfóraim eile, gur cheart go mbeadh na siollabais scoile nasctha leis an gcomhchreat Eorpach le go dtuigfeadh gach duine cad faoina bhfuilimid ag caint ó thaobh caighdeán. Is cuid den fhadhb le scrúdú na hardteistiméireachta ná go bhfuil an caighdeán ag athrú. Tá nós ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit cloí leis an bell curve agus ní hionann sin agus a rá go bhfuil an caighdeán céanna ann anois agus a bhí ann 20 bliain ó shin. Dá bheimis ceangailte le comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha, bheadh a fhios againn cad faoina bhíomar ag caint. Go hiondúil is B1 atá i gceist leis an ardteistiméireacht. H4 nó 60% atá i gceist anois. Tuigfidh daoine a bhfuil cur amach acu air sin nach caighdeán uafásach ard sa Ghaeilge é 60% i scrúdú na hardteistiméireachta mar a sheasann sé faoi láthair, ach sin an caighdeán atá ag mic léinn ag dul isteach. Maidir le mic léinn ag teacht amach ón gclár leis an gComhairle Múinteoireachta, is é B2.2 ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus B2 don bhunscoil atá i gceist.

Mhol mé ag deireadh an ionchuir a bhí le déanamh agam ná go mbeadh scrúduithe na n-ollscoileanna tagarmharcálta nó benchmarked leis an gcomhchreat Eorpach. Ar an gcaoi sin d'fhéadfaí a chinntiú go raibh caighdeán áirithe á shroicheadh agus go mbeadh sé trédhearcach. Tá an cur chuige sin molta ag an Roinn Oideachas agus Scileanna maidir leis na nuatheangacha. Tá an polasaí sin sa doiciméid "Languages Connect" nó "Déanann Teangacha Nasc". Molaim gur chóir an Ghaeilge a chur san áireamh ansin. Níl sí san áireamh go fóill.

Tá na hinstitiúidí uile, DCU san áireamh, ag déanamh obair nuálach chun caighdeán na Gaeilge a fheabhsú i measc na mac léinn. Faigheann siad ionchur mar a rinne an tOllamh MacMahon cur síos air. Táim cinnte go ndéanfaidh an Dr. Ó Ceallaigh an rud céanna. Ní mór sprioc cinnte a bhfuil caighdeán seachtrach ag baint leis a bheith ar fáil. Sin é an moladh atá agam. Ní mór aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa fhorbartha gairmiúla le hais tíortha eile. Nuair a cháilítear múinteoirí, ní chuirtear aon fhorbairt ghairmiúil orthu ina dhiaidh sin ó thaobh caighdeán a gcuid Gaeilge a choinneáil suas ar chaighdeán réasúnta maith. Ní mór aghaidh a thabhairt air sin.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ann, mar a luaigh an tUasal Eibhlín Ní Scannláin romham. Tá moltaí an-mhaith sa straitéis sin dá gcuirfí iad ar fad i bhfeidhm. Tá a lán Gaeilge ar siúl sna scoileanna, sna hollscoileanna agus istigh sna seomraí ranga ach, mar atá leagtha amach sa straitéis, níl normalú déanta ar an nGaeilge sa tsochaí. Tuigimid ó fhoghlaim teangacha go bhfuil an méid a tharlaíonn taobh amuigh den seomra ranga chomh tábhachtach uaireanta leis an méid a tharlaíonn taobh istigh de, nó an méid nach dtarlaíonn i gcás na Gaeilge. Mar sin, go dtí go bhfuil níos mó ag tarlú lasmuigh de na seomraí ranga, ní bheidh an spreagadh ag daltaí agus ag ábhair mhúinteoirí tabhairt faoi ardchaighdeán a bhaint amach. Is é an dearcadh atá againn maidir leis an teip atá á déanamh ag na scoileanna ná go bhfuil na spriocanna, na hionchais, nó na expectations atá againn ró-ard don mhéid ionchur atá ann ó thaobh na Gaeilge de.