Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Dr. T.J. Ó Ceallaigh:

Tá sé mar onóir dom bheith anseo leis an gcoiste tráthnóna. Ba mhaith liom blaiseadh den chur chuige atá ar bun againn i gColáiste Mhuire Gan Smál a roinnt leis na baill. Tá Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, tiomanta do na caighdeáin sármhaitheasa is airde ina cuid gníomhaíochtaí maidir le teagasc teangacha, foghlaim, inniúlachtaí oideolaíochta, ceannaireacht agus taighde a chur chun cinn chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge, leis an tumoideachas agus leis an oideachas Gaeltachta. Tá staidéar follasach ar an nGaeilge mar chuid lárnach. Déantar staidéar follasach ar oideolaíocht na Gaeilge chomh maith, go sainiúil mar a bhaineann sé le hoideachas ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá sé sin mar chuid lárnach i ngach uile chlár oideachais múinteoirí sa choláiste.

Tá sé ríthábhachtach go bhfuil gach múinteoir mar úsáideoir inniúil na Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach chomh maith go bhfuil eolas domhain acu faoin teanga. Ní hamháin sin ach tá sé an-tábhachtach go deo chomh maith go bhfuil a fhios acu conas an t-eolas faisnéiseach sin a aistriú go tascanna oideolaíocha éifeachtacha. Is ar na réimsí seo atáimid dírithe i gColáiste Mhuire gan Smál. Táimid ag iarraidh na réimsí sin a chur chun cinn ar bhealach comhtháite, nuálach agus bríoch. Táimid i gcónaí ag iarraidh an fhís sin a fhíorú sa choláiste.

Déantar an teagasc sa Ghaeilge agus an t-oideachas lán-Ghaeilge a ailíniú leis na torthaí foghlama atá leagtha síos sna modúil agus cláir éagsúla sa choláiste. Déantar pleanáil do dhifreáil dhílis dírithe ar na sainriachtanais teanga a bhíonn ag na mic léinn de bhrí a gcuid inniúlachtaí teanga. Bíonn inniúlacht dhifriúil ag duine ón nGaeltacht agus ag duine nach bhfuil ón nGaeltacht.

Tá prionsabail agus cleachtais chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha á nglacadh againn ar mhaithe le treoir agus tacaíochta a thabhairt dúinn ardchaighdeán a sholáthar sa choláiste agus cáilíocht agus ráth a bheith againn ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú na Gaeilge agus ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Caitheann gach múinteoir faoi oiliúint dhá thréimhse shocrúcháin coicíse sa Ghaeltacht, an tréimhse fhoghlama sa Ghaeltacht. Déantar measúnú foirmiúil ar an ngné sin. Tá ar gach múinteoir Gaeilge a mhúineadh ar shocrúcháin scoile agus ní féidir leo cáilíocht a bhaint amach mura bhfuil ag éirí leo sa ghné sin. Déantar oideolaíocht agus dea-chleachtas, mar a bhaineann siad leis an tumoideachas agus leis an oideachas Gaeltachta, sna cláir éagsúla trí mhodúil agus cláir sainaitheanta roghnacha a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cuirtear béim ar ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge chomh maith sa ghnáthchlár baitsiléire in oideachas. Clúdaítear an fhoghlaim chomhtháite, ábhair, agus teangacha. Is clár foghlama cumaisc trasearnála ar leibhéal iarchéime atá i gceist leis an mháistreacht san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, mar a luadh cheana.

Sa chlár seo táimid dírithe go sonrach agus go sainiúil ar na sainriachtanais mar obair ghairmiúil agus ar na hinniúlachtaí teangeolaíochta atá fíor-riachtanach do mhúinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, ceannairí scoile ina measc, atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna nach bhfuil sa Ghaeltacht. Tá súil agam go bhfuil blaiseadh faighte ag an gcomhchoiste ar an gcur chuige atá ar bun againn i gColáiste Mhuire gan Smál, ar mhaithe le caighdeán agus cáilíocht agus rath a bheith ar theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge agus trí Ghaeilge sa choláiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.