Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Dr. Brendan Mac Mahon:

Táim anseo thar ceann scoil an oideachais Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mar atá leagtha amach sa ráiteas, tá dhá chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal ag scoil an oideachais i nGaillimh. Is cláir lánaimseartha máistreachta thar dhá bhliain iad. Reáchtáiltear ceann amháin trí Bhéarla agus tá an mháistreacht gairmiúil san oideachas ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, mar aon le socrúcháin scoile a bhíonn le déanamh ag na múinteoirí faoi oiliúint i líonra na nGaelcholáistí ar fud na tíre. Tá an mháistreacht gairmiúil treoraithe ag polasaithe agus taighde agus leagtar béim lárnach ar an saineolas agus scileanna atá riachtanach chun teagasc in earnáil na Gaeloideachais. Cuirtear gach uile iarratasóir faoi agallamh agus éilítear leibhéal B1 ar a laghad sa teanga labhartha ar chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Ag eascairt as éileamh agus riachtanais príomhoidí na nGaelcholáistí, tá scéim spáranachta, atá maoinithe ag COGG, ar fáil le mic léinn a bhfuil eolaíocht, mata, nó nuatheangacha mar ábhair chéime acu le hiad a mhealladh isteach ar an gclár. Tá ag éirí go maith leis an scéim spáranachta sin.

Déantar gach uile iarracht clár mac léinn-lárnach a chur ar fáil, agus léiríonn taighde na deacrachtaí agus easpa muiníne atá ag roinnt múinteoirí faoi oiliúint maidir lena gcuid inniúlachta féin sa Ghaeilge scríofa ach go háirithe. Mar sin, faigheann gach múinteoir faoi oiliúint 30 uair diantacaíocht sa chéad bhliain le forbairt a dhéanamh ar chruinnscríobh na Gaeilge. Faightear 30 uair eile sa dara bhliain. Tá luach cúig chreidiúint ar an European credit transfer and accumulation system, ECTS, ag an obair seo sa chéad bhliain, agus tá 10% de mheasúnú ar obair scríofa an chláir uile sa chéad agus dara bhliain dírithe ar an gcruinneas scríofa. Léiríonn taighde atá idir lámha faoi láthair go dtagann forbairt ar inniúlacht scríofa múinteoirí faoi oiliúint dá bharr.

Is ceann de na moltaí atá ag foireann na máistreachta gairmiúla san oideachas ná go mbeadh ar a laghad inniúlacht ag leibhéal B2 san iomlán ar Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, agus leibhéal B2 sa scríobh ach go háirithe le baint amach ag céimithe le Gaeilge ar gach uile chlár in oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunoideachais sa tír seo ar chríochnú an clár dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.