Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Ms Eibhlín Ní Scannláin:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an deis a bheith i láthair ag an gcruinniú inniu. Is cigire sinsearach mé sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar réamheolas do chruinniú an lae inniu, chuir mo Roinn nóta eolais ar fáil chun cuidiú le baill an choiste. Tugann an nóta forléargas ar raon forbairtí a bhaineann le caighdeáin na Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann iad le hoideachas tosaigh múinteoirí. Déanann an Roinn cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a chothú agus a thacú, go háirithe i gcás na Gaeilge, trí chláir ardcháilíochta a sholáthar in oideachas tosaigh múinteoirí, forbairt ghairmiúil, tacaíocht cheannaireachta agus oiliúint ar ionduchtú do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i scoileanna.
Nuair a bhíonn a leithéid á sholáthar, bíonn tacaíocht ag an Roinn ón gComhairle Múinteoireachta agus ón Údarás um Ard-Oideachas, a bhfuil róil reachtúla acu araon, lena n-áirítear comhairle a chur ar fáil don Aire. Tuigfidh baill gurb í an Chomhairle Múinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cinn agus a rialáil. Mar atá cloiste againn, tá freagracht ar an Údarás um Ard-Oideachas as rialachas agus rialúchán na n-institiúidí ard-oideachais agus an chórais ard-oideachais.
Mar is eol do bhaill an choiste, tá straitéis shoiléir don Ghaeilge ag an Rialtas ina Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá clár uaillmhianach leagtha amach sa straitéis sin ina bhfuil sé mar aidhm, thar thréimhse ama, úsáid na Gaeilge agus eolas ar Ghaeilge mar theanga phobail a mhéadú. Mar a léirítear i bplean gníomhaíochta na Roinne don oideachas, táimid tiomanta don obair atá ar bun i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun réimse gníomh oideachais den straitéis 20 bliain a chur chun cinn. Leagtar béim bhreise freisin sa phlean gníomhaíochta don oideachas ar ghnóthachtálacha sa litearthacht a leabú, go háirithe litearthacht don Ghaeilge agus trí Ghaeilge. Ní rachaidh mé siar arís ar an eolas atá curtha ar fáil do bhaill an choiste cheana féin ag an bpointe seo, ach táim sásta aon cheist a bheadh ag éinne a fhreagairt. Sa chás go dtarlaíonn sé nach féidir liom freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin, beidh mé sásta faisnéis i scríbhinn a chur ar fáil, más gá.
No comments