Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

1:35 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fíorfháilte roimh gach éinne atá tagtha anseo inniu. Iarraim orthu a gcuid gutháin phóca a mhúchadh ón tús. Beidh na healaíona agus an Ghaeilge á phlé againn mar ábhar inniu. Tá Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach, Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach, agus Éamonn Ó hArgáin anseo ó Fhoras na Gaeilge. Tá Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach, Mícheal Ó Fearraigh agus Siubhán Nic Grianna anseo ó Údarás na Gaeltachta. Tá Stephanie O'Callaghan agus Val Balance anseo ón gComhairle Ealaíon. Tá Darach Ó Tuairisc anseo ó Fíbín Teoranta.

Sula dtosóimid leis an bhfianaise, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go mbeidh, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí é nó í a aithint.

Iarraim anois ar na finnéithe a gcuid cur i láthair a thabhairt dúinn gan dul níos faide ná deich nóiméad an eagraíocht, más féidir. Tá go leor ceisteanna againn dóibh. B'fhéidir go dtosnóidh muid le Darach Ó Tuairisc ó Fíbín.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an gcuireadh teacht chun cainte anseo inniu agus na healaíona agus an Ghaeilge á phlé. Labhróidh mé ar mo chuid taithí féin sa chomhthéacs sin, agus mé ag obair san earnáil agus ag plé le heagraíochtaí Stáit i leith na n-ealaíon Gaeilge le breis is 20 bliain. Tuigim go bhfuil go leor gnéithe éagsúla ag baint leis an gceist, ach táimse chun díriú go príomha ar mhaoiniú na n-ealaíon Gaeilge agus mo thaithí agus mo thuairímí a roinnt ina leith. Táim ag súil go gcuirfidh sé seo leis an bplé a dhéanfar ar an ábhar sin anseo inniu.

Ní féidir an tábhacht atá leis na healaíona i saol an duine a shéanadh. Baineann sí leis an staid dhaonna féin agus cuireann sí le luach eacnamaíoch, sláinte agus oideachais na sochaí. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh teacht ag an bpobal, óg agus sean, ar na healaíona sa saol mórthimpeall orthu. Nuair a chuimhním ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír le blianta anuas, agus ar an 39.8% de dhaonra na tíre a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is déanaí, gan áireamh ar an chuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna healaíona i gcoitinne, dhéanfainnse an argóint go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach sa tír teacht a bheith aige nó aici ar na healaíona Gaeilge. Ní miste a rá gur chóir go mbeadh an t-ábhar ealaíona sin ar chomhchéim leis na healaíona atá ar fáil i mBéarla. Is cúis mhór díomá dom go ndéanann cuid de na heagrais Stáit neamhaird de na healaíona Gaeilge arís agus arís eile.

Bunaíodh an comhlacht drámaíochta Fíbín, a bhfuil mé féin mar stiúrthóir air, in 2003 nuair a chonaic muid go raibh daoine óga na Gaeltachta ag freastal go rialta ar léirithe drámaíochta Béarla i gcathair na Gaillimhe. An t-aon deis a bhí ag daoine óga drámaí Gaeilge a fheiceáil go dtí sin den chuid is mó ná drámaí a bhí curtha ar stáitse i halla na scoile féin. Bhí Fíbín ag iarraidh eispéireas drámaíochta ar leith a chur ar fáil do dhaoine óga, áit a mbeidís in ann dráma Gaeilge ar ardchaighdeán a fheiceáil ar mhórstáitse agus leas á bhaint as teicnicí nuálacha nach mbeadh feicthe acu go dtí sin i gcomhthéacs na Gaeilge, ná fiú i mBéarla i gcuid mhaith cásanna. Is drámaí nuascríofa a bhí agus atá sa chuid is mó de léirithe Fíbín go dtí seo. Tá breis is 40 dráma nua curtha ar stáitse agus tugtha ar chamchuairt againn ó bunaíodh an comhlacht agus muid páirteach i mórfhéilte mórthimpeall na tíre. Go deimhin, tá camchuairteanna idirnáisiúnta curtha i gcrích againn i dtíortha ar nós an Bhreatain Bheag, Albain, an Spáinn, an Bheilg, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an tSiombáib agus an tSaimbia. Tá cuirí faighte againn le gairid léirithe a thabhairt chomh fada le Meiriceá Theas agus an tSín. Go dtí seo, tá breis is 150,000 duine tar éis freastal ar léirithe Fíbín. D'éirigh linn an chéad dráma le breis is 25 bliain a chomhléiriú le hAmharclann na Mainistreach agus an chéad dráma Gaeilge a oscailt i Manhattan, Nua Eabhrac ó 1884.

Is dóigh linn go bhfuil éileamh fós ar an ábhar nuálach a chuireann muid ar fáil don lucht féachana. Táimid ar an bhfód le beagnach 15 bliana anois. Táimid fós ar an mbóthar, ach is ar éigean é. Labhróidh mé i gceann tamaill ar na dúshláin is cúis leis sin. Nuair a bunaíodh Fíbín, tuigeadh dúinn nach raibh aon chomhlachtaí drámaíochta ag léiriú drámaí do dhéagóirí go príomha i mBéarla nó i nGaeilge.

Shocraigh muid tabhairt faoi léirithe do dhaoine óga san aoisghrúpa sin roinnt blianta siar, arís léirithe i sainstíl Fíbín a mheallfadh daoine óga i leith dhrámaíocht na Gaeilge. D’éirigh go maith leis na drámaí seo agus bhí tvíteanna de leithéidí: “I didn’t think Irish could be so fun!” á bhfeiceáil againn, rud a léirigh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag léiriú ealaíne d’ardchaighdeán ar dhaltaí meánscoile, daltaí nach bhfuil sé de thaithí acu ar an nGaeilge go minic ach taobh istigh de bhallaí an tseomra ranga. De bharr easpa maoinithe, áfach, tá deireadh curtha leis na léirithe don aoisghrúpa seo anois.

Agus mórléirithe á gcur ar stáitse ag Fíbín, bhí agus tá an t-ádh linn go bhfuil teacht againn ar líon mór ealaíontóirí, déantasóirí, aisteoirí agus cruthaitheoirí toisc leithéidí Macnas agus Druid a bheith lonnaithe i nGaillimh mar aon le TG4 a bheith ar leac an dorais againn. Cinntíonn sé seo ar fad go bhféadfadh muid ár sprioc a bhaint amach go háitiúil, sé sin, léirithe Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar stáitse do dhaoine óga i nGaeilge. Tá pobal láidir ealaíona i gcathair na Gaillimhe toisc mórchomhlachtaí drámaíochta a bheith lonnaithe ann mar a dúirt mé. Níl aon dabht ann ach go bhféadfaí leas a bhaint astu seo agus na healaíontóirí eile mórthimpeall na tíre chun ábhar ealaíne den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge agus infreastruchtúr láidir a chruthú san earnáil seo, dá réir, ach an maoiniú ceart a bheith ar fáil.

Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig cuid de na dúshláin a fheictear dom atá romhainn agus roimh na healaíona Gaeilge i gcoitinne. Níl aon dabht ach go bhfuil easpa maoinithe ar na healaíona Gaeilge. Cé go bhfuil foinsí airgid ar fáil d’ealaíontóirí na Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge, trí Ealaíon na Gaeltachta mar fho-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta agus trí na comhairlí contae agus araile, is pota srianta maoinithe atá i gceist leo seo ar fad agus go minic ní hiad na healaíona an príomhchúram atá orthu.

Tá an Chomhairle Ealaíon freagrach as maoiniú agus as cur chun cinn na n-ealaíon i gcoitinne sa tír. Tá neamhaird á dhéanamh aige, áfach, ar na healaíona Gaeilge. I 2017, mar shampla, de réir na bhfigiúirí atá ar fáil ar líne, chaith an Chomhairle Ealaíon 0.8% den bhuiséad ar na healaíona Gaeilge, i bhfocail eile, as buiséad de €65.1 milliún, caitheadh €568,000 ar na healaíona Gaeilge ar fad. Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Ealaíon na Gaeltachta san áireamh sa bhfigiúr sin.

Sa mbliain chéanna, tugadh beagnach seacht n-oiread níos mó maoinithe do chúrsaí opera in Éirinn ná mar a tugadh do na healaíona Gaeilge ar fad. Is cinnte gur iontach an rud opera a bheith á spreagadh sa tír seo, ach an bhféadfaí a rá go bhfuil traidisiún opera againn, nó pobal leathan opera le freastal air? Mar a dúirt mé níos luaithe, nuair a chuimhnítear ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír le tamall de bhlianta anuas agus líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is deireanaí, maraon leis an gcuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna healaíona i gcoitinne, an féidir a rá go bhfuil freastal mar is ceart á dhéanamh orthu nó an bhfuil an pobal tábhachtach seo á shásamh ó thaobh na healaíona de? Arís, mar sin féin i 2018, as buiséad de €28.4 milliún de chuid maoiniú straitéiseach na comhairle cuireadh níos lú ná €173,000 nó 0.6% ar fáil do na healaíona ar fad Ghaeilge.

Tús le structúr nua maoinithe an Comhairle Ealaíon atá sa maoiniú straitéiseach. Mar a dúirt stiúrthóir na comhairle ina leith: “This is the first year of our new funding framework, which by its rigour and strategic focus we believe will help shape and develop the arts in Ireland for many years to come”. An féidir a rá go bhfeictear ról ag na healaíona Gaeilge sa bhfís seo má tá 0.6% den mhaoiniú iomlán déanta orthu? Cén fáth a bhfuil siad á bhfágáil in áit na leathphingine arís?

Ní hamháin sin ach tá easpa tuisceana ar na healaíona Gaeilge léirithe ag na príomheagrais Stáit atá freagrach as na healaíona i gcoitinne sa tír. Fiú ar bhunús praiticiúila mar shampla, go dtí seo má dhéantar iarratas trí mheán na Gaeilge ar an gComhairle Ealaíon, déantar aistriúchán ar an iarratas sin, ní bhíonn an bunleagan Gaeilge ar fáil don phainéal moltóirí agus ní dhéantar aon aistriúchán ar an ábhar tacaíochta, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-iarrthóir Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór de bharr an rogha teanga atá déanta aige nó aici.

Tá easpa infreastruchtúr mar thoradh ar an easpa maoinithe ar na healaíona Gaeilge. Nuair atá easpa comhlachtaí proifisiúnta ann i gcomhthéacs na drámaíochta, mar shampla, ciallaíonn sé go bhfuil easpa scríbhneoirí agus stiúrthóirí ann agus go bhfuil sé de dhúshlán aisteoirí maithe le Gaeilge a aimsiú. Is deacair chomh maith lucht féachana Gaeilge a fhorbairt nuair nach bhfuil teacht sách rialta ag an bpobal ar ábhar proifisiúnta i nGaeilge. Mar shampla, de réir playography na hÉireann scríobhadh 86 dráma nua in Éirinn sa tréimhse 2016 go 2017. Astu sin bhí trí dhráma nuascríofa Gaeilge ann. Rinne meánscoil coimisiúiniú ar dhráma amháin agus rinne Fíbín coimisiúniú ar an dhá dhráma eile acu. Ar ndóigh, baineann costas ollmhór le comhlacht drámaíochta proifisiúnta a rith ó lá go lá agus ní mór maoiniú mar is ceart a dhéanamh chun na polasaí cuí a chur i bhfeidhm chun comhlachtaí a spreagadh le léiriúcháin d’ardchaighdeáin a chruthú agus a chur ar bun.

Mar aon le daoine eile san earnáil seo, tá an chuid is mó de mo shaol caite agam, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i mbun na n-ealaíon Gaeilge. Tá mé paiseanta ina leith agus creidim go láidir go mbaineann luach ar leith leo. Níl sé éasca an misneach a choineáil i gconaí mar sin féin. Tá an baol ann i gcónaí go nglacfaidh níos mó comhlachtaí ealaíne a bhíonn ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge polasaí dhátheangach orthu féin nó ábhar Béarla amháin a chur ar fáil toisc an easpa tacaíochta a bheith ar fáil dóibh. Ar ndóigh, ní féidir an milleán a chur orthu nuair is furasta i bhfad maoiniú a fháil, ealaíontóirí a aimsiú agus aitheantas a thuilleadh trí mheán an Bhéarla.

Ar ndóigh, níl aon réiteach amháin ar an scéal seo, ach tús maith a bheadh ann, dar liom, maoiniú mar is ceart a dhéanamh ar na healaíona Gaeilge agus ealaíontóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, aisteoirí agus déantasóirí le Gaeilge a mhealladh ar ais i dtreo na healaíon Gaeilge. Ní miste a lua go gcuireann an Chomhairle Ealaíon tionscnaimh mhaoinithe luachmhara chun cinn go minic. I 2011, mar a luaigh mé níos luaithe, leagadh amach polasaí nua chun opera na hÉireann a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an maoiniú a rinneadh ar opera le tamall de bhlianta suas go €4.85 milliún i 2018, rud a chothóidh borradh agus fás faoin ngné thábhachtach seo de na n-ealaíon. An bhféadfaí polasaí den chineál céanna a chur chun cinn i gcás na nealaíon Gaeilge? I 2013 cuireadh grúpa oibre le chéile chun na healaíona Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé, mar thoradh ar riachtanais Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní heol dom go bhfuil aon toradh air seo go fóill, áfach.

Níl sé de chead ag aon bhall Rialtais brú a chur ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil d’aon eagras nó ealaíontóirí ar leith. Aontaím go hiomlán leis seo. Moladh amháin a bheadh agam, áfach, ná go gcuirfí €3 mhilliún ar fáil d’eagraíocht ar nós Ealaíon na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar shampla, a bhfuil tuiscint acu agus atá tiomanta i dtreo na healaíona Gaeilge. Chuirfeadh maoiniú ceart deiseanna luachmhara agus cinnteacht ar fáil dóibh siúd ar mian leo a bheith ag plé go príomha leis na healaíona Gaeilge ach nach bhfuil sé mar rogha acu i láthair na huaire. Cinnteodh pobal láidir den chineál seo infreastruchtúr láidir agus níos tábhachtaí fós todhchaí láidir do ghné shaibhir agus luachmhar d’fhéiniúlacht na n-Éireannach. Tá scéal ar leith le hinsint againn trí na healaíona Gaeilge ach tá tost á chur lenár nguth i láthair na huaire.

1:45 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míle buíochas as an gcur i láthair iontach láidir. Bhí sé an-suimiúil agus dochreidte i slite freisin. Ina dhiaidh sin rachaimid go dtí an Comhairle Ealaíon chun a chuid tuairimí a thabhairt dúinn.

Mr. Val Balance:

Tá an méid atá an Comhairle Ealaíon ag déanamh maidir leis na healaíon sna Gaeltachtaí agus i nGaeilge sa pháipéar os comhair an choiste. Níl mé ag iarraidh sin a léamh amach, ach amháin le cur leis go bhfuilimid ag obair le Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4 ar chlár le bheith dírithe ar na healaíon le buiséad €120,000 le €40,000 ag teacht ón gComhairle Ealaíon. Níl sé sin sa pháipéar.

In ionad dul tríd an páipéar go léir, an cuid is mó, tá súil agam, go bhfuil cruinn agus soiléir ó thaobh uimhreacha agus scéimeanna de, ba bhreá liom díriú ar an tagairt déanta sa pháipéar don Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go háirithe ar an méid atá le rá ag an straitéis faoin straitéis ealaíon lárnach. Mar atá soiléir ón gcur síos ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge a chuala muid an t-am deireanach, tá neart oibre á dhéanamh ag na heagrais seo ar na healaíona agus torthaí fiúntacha faighte as ucht na hinfheistíochta atá caite i rith na mblianta.

Ag an am céanna, mar is eol don choiste, tá eagras eile nach bhfuil anseo atá ag plé leis na healaíona chomh maith. Sa straitéis atá ag an gComhairle Ealaíon go dtí 2025, b'shin Saothar Ealaíon Iontach a tháirgeadh 2016-2025, aithnítear gur rudaí bunúsacha iad comhpháirtíocht agus comhoibriú sna healaíona. Deir cuspóir 12 mar shampla, comhaontaithe a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus comhpháirtithe agus táimid ag déanamh sin le hEalaín na Gaeltachta go háirithe, chomh maith leis na hionaid áitiúla.

Céard is ciall leis seo i gcomhthéacs an chruinnithe anseo inniu? Aithníonn an Chomhairle Ealaíon go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ealaíontóirí in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Is slí beatha aonarach é don chuid is mó. Níl an méid sin ealaíontóirí nach bhfuil ag iarraidh a bheith eolach faoi céard atá á dhéanamh ag ealaíontóirí eile. Sna ealaíona a pléann le damhsa, drámaíocht agus ceol, tá comhoibriú lárnach ar siúl go laethúil.

Ní hamháin chun seó a chur ar stáitse a bhfuil comhoibriú tábhachtach. I straitéis na Comhairle Ealaíon, aithnítear go maith go bhfuil caidreamh idirnáisiúnta riachtanach. Céard atá ar siúl? Cad iad na treochtaí? B'fhéidir níos tábhachtaí ná aon rud eile, cad é an caighdeán? Ce chomh maith is a bhfuil muid? Cén chaoi gur féidir linn a bheith níos fearr?

Tá gach uile ealaíontóir ag iarraidh i gcónaí a bheith níos fearr an t-am ar fad. Níl aon ealaíontóir nach bhfuil ag iarraidh píosa ealaíne níos fearr a dhéanamh. Nuair a thosaíonn Fíbín ar dhráma nua, tá siad ag iarraidh go mbeadh sé níos fearr ná aon cheann déanta go dtí sin. B'shin difríocht na healaíne. Drochsheans gur féidir a rá go raibh aon phíosa ealaíne sa stair foirfe. Drochsheans go raibh aon fíor-ealaíontóir riamh ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh arís.

Tá ealaín na Gaeltachta teoranta do na Gaeltachtaí, de réir mar atá Údarás na Gaeltachta teoranta go reachtúil. Is maith an rud go bhfuil an maoiniú sin le fáil sna Gaeltachtaí. Tá Foras na Gaeilge dírithe ar mhaitheas na teanga, na healaíona san áireamh. Tá cosúlachtaí ansin le heagrais eile, mar shampla, Conradh na Gaeilge. Tá an Amharclann Náisiúnta le drámaíocht. Tá Taibhdhearc na Gaillimhe, agus í 90 bliain d'aois i mbliana, lasmuigh den Ghaeltacht agus maoinithe ag Roinn na Gaeltachta.

Níl aon nasc foirmiúil nó oifigiúil idir, mar shampla, an Taibhdhearc agus aon ghníomhaireacht eile. Nílim a rá go mba cheart go mbeadh nó nach bhfuil an amharclann ag déanamh an-obair le blianta beaga anuas. Aithníonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil deis ann seirbhís níos cruinne a thabhairt d'ealaíontóirí agus d'eagrais ealaíne agus ealaíonta. Mar a deir sé, thabharfadh straitéis den sórt sin treoir níos fearr d'obair na gcomhlachtaí éagsúla sa réimse seo, rud as a dtiocfadh caidreamh oibre níos fearr agus trína a gcinnteofaí comhordú níos fearr freisin. Aithníonn sé go bhfuil comhoibriú idir gníomhaireachtaí Stáit thar a bheith tábhachtach nuair atá siad ag iarraidh deis a thabhairt d'ealaíontóirí agus d'eagrais ealaíonta comhoibriú a dhéanamh eatarthu féin le forbairt agus feabhas a chur ar an dea-obair atá siad ag iarraidh a dhéanamh. Táim ag moladh mar sin breathnú arís ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus spriocdháta a chur ar thorthaí ar aon chainteanna agus aontú a thiocfaidh as. Go raibh maith agaibh.

1:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míle buíochas as sin. Anois, rachaimid go dtí Foras na Gaeilge le haghaidh a chuid cur i láthair.

Mr. Seán Ó Coinn:

I dtús báire, ba mhaith liom leithscéal a ghabháil thar ceann ar gcathaoirligh, Pól Ó Gallchóir. Ni raibh sé ábalta a bheith linn inniu agus sílim gur chuir mé é sin in iúl don choiste roimh ré.

Aithníonn an pobal i gcoitinne an tábhacht a bhaineann leis na healaíona i sochaí nó i bpobal nó i dtír ar bith. Tá sé seo amhlaidh go háirithe maidir le hÉirinn. Bíonn litríocht, an ceol, na físealaíona, an drámaíocht, an damhsa, amhránaíocht agus scannáin mar chuid de shaol an uile dhuine againn. Cothaíonn siad ár n-intinn, ár gcroí agus ár n-anam ó dhubh go dubh ar ár bhfóin chliste, ar an raidió, ar an scáileán teilifíse, sna pictiúrlanna, sna hamharclanna, sna tithe tábhairne agus inár n-ionaid choirme ar fud na tíre. Táimid á n-aithint níos mó agus níos mó mar dhlúthchuid den gheilleagar go bhfuil tábhacht leis na healaíona dár meabhairshláinte, dár sláinte coirp, agus tá siad á n-úsáid inár gcuid scoileanna le cuidiú le páistí a bhfuil deacrachtaí iompair acu. Bheadh ár saol, ár sláinte, ár n-oideachas agus ár ngeilleagar níos measa as go mór gan na healaíona. Tá an tábhacht chéanna sin uilig ag na healaíona trí Ghaeilge, do shochaí na Gaeilge agus do na pobail éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid nó á forbairt iontu, agus do mhórphobal na hÉireann.

Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh saol, sláinte, oideachas agus geilleagar na gceantar ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid mar theanga phobail níos measa as. Gan ghníomhaíocht bhríomhar sna healaíona sna pobail Ghaeilge, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, beidh sé níos deacra ag na pobail sin maireachtáil mar phobail. Gan na healaíona trí Ghaeilge a bheith á gcur chun cinn go bríomhar, ní thiocfaidh pobail nua Ghaeilge chun cinn áit ar bith sa tír, agus cuirfidh sin go mór le meath na bpobal Gaeilge atá againn.

Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh ról na Gaeilge mar chuid de shainiúlacht mhórphobal na tíre ag dul i laghad de réir a chéile. Le linn dúinn ceist na Gaeilge agus na n-ealaíon a phlé, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir trí rud éagsúla: na healaíona dúchasacha, ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta mar shampla; na healaíona scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, drámaíocht, litríocht, filíocht agus ábhar scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, i gcomhthéacs úsáid na Gaeilge; agus na healaíona go ginearálta, ceol, damhsa, litríocht agus na físealaíona de gach cineál, i bpobal ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail i bpobal Gaeltachta nó pobal atá ag teacht chun cinn mar phobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, cuir i gcás Cluain Dolcáin anseo i mBaile Átha Cliath, nó Baile Locha Riach i nGaillimh, Inis i gContae an Chláir nó Ceatharlach.

Dar le Foras na Gaeilge, imríonn na healaíona ról riachtanach sa tsochaí trí chuidiú leis an bpobal - pobal ar bith - iad féin a chur in iúl, agus a bhféiniúlacht a léiriú agus a shainiú. Cuireann mórán daoine sa tsochaí síos orthu féin, go háirithe daoine óga, i dtéarmaí an cheoil a n-éisteann siad leis, na litríochta a dtaitníonn leo, i dtéarmaí an chineáil drámaíochta nó scannán ar maith leo, agus dá réir sin.

Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear ar a gcumas do na pobail Ghaeilge ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, a bhféiniúlacht a chur in iúl i dtéarmaí na n-ealaíon i gcoitinne, ní hamháin i dtéarmaí na n-ealaíon dúchasach, tábhachtach agus uile mar atá siad i gcomhthéacs na bpobal Gaeilge, ach thar réimse iomlán na n-ealaíon, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach sna pobail eile a bhfuil an Ghaeilge á forbairt iontu mar theanga phobail. Dar linn, tá tábhacht leis na healaíona Gaeilge mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin a bhfuil an Ghaeilge á forbairt agus á caomhnú iontu mar theanga phobail. Tá tábhacht leis na healaíona Gaeilge do shóisialú trí Ghaeilge ar ócáidí ealaíon agus le deis a thabhairt don phobal gréasáin shóisialta a fhorbairt tríd na healaíona. Tá tábhacht leis na healaíona trí Ghaeilge fosta mar ghléas nó mar uirlis le go mbeidh daoine sna pobail sin in ann iad féin a chur in iúl dá bpobail agus don saol mhór.

Go hachomair, caithfidh réimse iomlán na n-ealaíon trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobail na Gaeilge ina bpobail féin. Caithfidh ealaíona trí Ghaeilge a bheith á bhforbairt sna pobail nua Ghaeilge atá ag teacht chun cinn sa tír. Is dlúthchuid iad na healaíona den phróiseas pleanála teanga sna ceantair sin.

Bíonn an dá bhéim seo ag Foras na Gaeilge agus muid ag tacú leis na healaíona. I dtosach, tá forbairt na n-ealaíon go ginearálta sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail, mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin sóisialú trí Ghaeilge, agus le deis a thabhairt dóibh gréasáin shóisialta a fhorbairt tríd na healaíona. Ansin fosta, tá forbairt na n-ealaíon mar chuid de shaol na bpobal sin, le go mbeidh deis ag na daoine sin a gcuid buanna sna healaíona a fhorbairt agus a chleachtadh trí mheán na Gaeilge.

Tá an-tábhacht leis an tríú gné den Ghaeilge agus na healaíona in Éirínn, is é sin mar atá ag na healaíona trí Ghaeilge agus mórphobal na tíre. Go minic is leis na healaíona dúchasacha agus leis an nGaeilge a chuirtear sainfhéiniúlacht na hÉireann in iúl: filíocht na bhfilí Gaeilge ar nós, mar tá a fhios againn, Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh; Fleadh Cheoil na hÉireann, Seosamh Ó hÉanaigh nó Sibéal Ní Chasaide; agus damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós. Nuair a dhéantar iarracht a chur in iúl don domhan cad é atá sainiúil faoi Éirinn agus a thugann ár sainiúlacht dúinn i measc thíortha an domhain, is minic a tharraingítear ar an nGaeilge agus ar an nGaeilge sna healaíona.

Mar thír is mithid dúinn a aithint go bhfuil tábhacht ar leith leis an Ghaeilge agus muid ag cur shainiúlacht na hÉireann in iúl tríd na healaíona. I dtaca le Fhoras na Gaeilge, is go príomha trí mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe agus trí chomhairle a chur ar an dá chomhairle ealaíon a chuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge agus cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn sa tír. Cuimsíonn obair Fhoras na Gaeilge i réimse na n-ealaíon scéimeanna deontais le haghaidh féilte agus imeachtaí eile dírithe ar an healaíona trí Ghaeilge, scéim na bhféilte, scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na dtionscadal litríochta, agus roinnt scéimeanna a dhírítear ar fhoilsiú leabhar agus ar scríbhneoireacht i nGaeilge. Ní rachaidh mé tríd iomlán na scéimeanna sin agus mé ag déanamh an cur i láthair. Tá cuid mhaith scríofa san aighneacht a chuir muid faoi bhráid an choiste, ach i gcomhthéacs na scéimeanna sin ba mhaith liom aird a tharraingt ar na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le blianta beaga anuas.

In 2017 agus 2016, fuair Foras na Gaeilge €16.4 milliúin mar bhuiséad iomlán leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann Thuaidh agus Theas agus le riar ar riachtanais uile na teanga. Le dearcadh siar ar an stair go gasta, cúpla bliain i ndiaidh bhunú Fhoras na Gaeilge in 1999 bhí buiséad Fhoras na Gaeilge inchurtha nó inchomparáide le buiséad na Comhairle Ealaíon, fíric a thug aitheantas do mhéid agus d’ilchineálacht na hoibre a bhí faoi chúram Fhoras na Gaeilge mar fhoras nua tras-Teorann. Ag an am sin, 2002, bhí buiséad de €19.7 milliún ag Foras na Gaeilge i gcomparáid leis an €34 milliún a bhí ag an Chomhairle Ealaíon. Sa lá atá inniu ann, faigheann Foras na Gaeilge thart faoi €17 milliún sa bhliain le riar ar riachtanais iomlána na tíre i ngach réimse den teanga – titim de €2.7 milliún ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid - i gcomparáid le isteach agus amach ar €60 milliún a bhí ag an Chomhairle Ealaíon in 2016. Méadaíodh an suim sin arís go dtí thart faoi €68 milliún in 2018, méadú faoi dhó ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid. Dá réir seo, bíonn ar Fhoras na Gaeilge cuid mhór den fhreagracht a bhaineann leis na healaíona trí Ghaeilge a fhágáil ag an Chomhairle Ealaíon. Faraor géar ní féidir le Foras na Gaeilge ach tacaíocht bheag a chur ar fáil sa réimse seo tríd na scéimeanna sin atá luaite inár n-aighneacht.

Cé go dtaitníonn sé go mór linn go bhfuil an Rialtas ag tabhairt an leibhéil sin aitheantais do na healaíona go ginearálta agus go bhfuil méadú suntasach - méadú faoi dhó - tagtha ar an bhuiséad atá againn in Éirinn do na healaíona i gcoitinne, is trua mhór ghéar é nach bhfuil an rud céanna i ndiaidh tarlú do bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Sa bhliain 2012, bhí buiséad de bheagnach €1 milliún ag Foras na Gaeilge don dá mhórscéim ealaíona atá againn, is iad sin scéim na gcomplachtaí drámaíochta agus scéim na bhféilte. De bharr na gciorruithe leanúnacha ar an bhuiséad bliain i ndiaidh bliana go dtí an bhliain 2017, bhí an buiséad sin gearrtha ina leath go díreach os cionn €500,000. Is gearradh de 44% é sin. Sna blianta céanna sin ó 2008 ar aghaidh, thit buiséad iomlán Fhoras na Gaeilge ó €21 milliún go €17 milliún.

Agus sin ráite éiríonn linn tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge. In 2017, chuir muid deontais de luach os cionn €200,000 ar fáil do 18 gcinn de chomplachtaí drámaíochta agus deontais de luach os cionn €100,000 do 44 fhéile ar fud na tíre. Ní mór an méid é i gcomhthéacs riachtanais iomlán phobail na Gaeilge ach is cúnamh éigin é. Lena chois sin, in 2017, chuir Foras na Gaeilge deontais de luach €42,000 ar fáil do Imram, féile litríochta Gaeilge, agus chuir muid suimeanna éagsúla maoinithe ar fáil trí urraíocht do mhíreanna Gaeilge a bhain le Fhleadh Cheoil na hÉireann agus roinnt feilte eile, cuir i gcás an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus an Fhéile Phan-Cheilteach, le go mbeadh an Ghaeilge infheicthe ag mórphobal na tíre. Déanann muid urraíocht fosta ar Ghaelspraoi mar chuid den St. Patrick’s Festival.

Is é an infheistíocht is mó sna healaíona a dhéanann Foras na Gaeilge ná an deontas bliantúil a chuirfimid ar fáil d’Oireachtas na Gaeilge le haghaidh Oireachtas na Samhna. In 2017, chuir muid deontais bliantúil de €85,000 ar fáil don fhéile ealaíon Gaeilge seo. In 2017 chuir muid €25,000 ar fáil do na gradaim liteartha atá faoi chúram Oireachtas na Gaeilge. Ar ndóigh, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dár gcomhghleacaithe i bhFíbín fosta le tacú leis an chlár iontach imeachtaí ar chuala muid trácht air ar ball, go háirithe i dtaca leis an aos óg. Bhí muid ábalta €26,000 a chur ar fáil d'Fhíbín in 2017.

Ar deireadh, is mian liom cúpla focal a rá i leith an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Aithníonn straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge an tábhacht a bhaineann leis na healaíona d’fhorbairt leanúnach na teanga. Tá trí bhunchloch pleanála teanga luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá, is iad sin limistéir phleanála teanga, bailte seirbhíse Gaeltachta, agus líonraí Gaeilge. Tá sraith eile pleanála teanga ag Foras na Gaeilge féin mar atá an scéim pobail Ghaeilge. Le scéim Fhoras na Gaeilge cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh oifigeach forbartha Gaeilge a fhostú sa phobal leis an Ghaeilge a fhorbairt sa cheantar.

Leagann na ceithre cinn sin de struchtúr phleanála teanga an-bhéim ar phleanáil cheantar-bhunaithe. Tríd na struchtúir seo tá iarracht ar bun ar fud an oileáin an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt mar theanga phobail ag líon suntasach daoine le go mbeidh an Ghaeilge in úsáid i ngach gné de shaol an phobail. Tá na healaíona ina ndlúthchuid den phleanáil sin. Tríd an phleanáil teanga sna ceantair phleanála teanga sin, is mian linn a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge á úsáid ar bhonn sóisialta, go mbeidh deis ag daoine aithne a chur ar a chéile trí mheán na Gaeilge, agus go mbeidh deis ag daoine sóisialú tríd na healaíona, mar a dhéanann pobal na Bhéarla. Tá sé i gceist sa straitéis 20 bliain go mbeidh na ceantair seo - na limistéir pleanála teanga, na bailte seirbhíse Gaeltachta, na líonra agus scéim pobail Ghaeilge an fhorais - mar phobail ina mbeidh an Ghaeilge á húsáid i ngach réimse den saol ar bhonn laethúil; oideachas, imeachtaí óige-----

2:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm. Caithfidh mé stop a chur leis an gcur i láthair. Gabhaim míle buíochas leis an Uasal Ó Coinn as an méid atá raite aige. Tá an méid eile istigh sa ráiteas. Beidh sé ag gach uile duine.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is é Údarás na Gaeltachta an t-eagras forbartha réigiúnach atá maoinithe ag an Rialtas chun forbairt theangeolaíoch, chultúrtha, shóisialta, fhisiciúil agus gheilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an príomhaidhm atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá an ról seo leagtha amach dúinn in Acht na Gaeltachta 2012. Tugann an tAcht sin ról ar leith don údarás i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus dearbhaíonn sé ról an údaráis i bhforbairt gheilleagrach na Gaeltachta.

In 1997 bhunaigh Údarás na Gaeltachta an fóchuideachta Ealaín na Gaeltachta le na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn agus chun deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú. Is comhpháirtíocht atá in Ealaín na Gaeltachta idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon toisc go raibh imní ar an dá eagraíocht nach raibh forbairt mar is ceart á dhéanamh ar an réimse sin sna Gaeltachtaí agus toisc gur cheap siad go raibh deiseanna ann go bhféadfaí iad a thapú agus a chur chun cinn. Tá an dá eagraíocht ag obair i gcomhpháirtíocht ó shin i leith. Tá triúir áisitheoir fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta agus tá siad ag obair sa trí mhór-réigiún Gaeltachta. Tá go leor oibre agus go leor infheistíochta déanta ó shin. Tá réimse na healaíona fíor-thábhachtach don Ghaeltacht agus d'obair an údaráis don luach atá sna healaíona dúchasacha agus comhaimseartha féin agus, chomh maith leis sin, mar acmhainn fíor-thábhachtach agus muid ag iarraidh réimsí eacnamaíochta cosúil leis an turasóireacht a mhealladh agus tograí teanga-bhunaithe a chur chun cinn.

2:15 pm

Ms Siubhán Nic Grianna:

Ba mhaith liom anois an deis a thapú labhairt faoi thábhacht na n-ealaíon ó thaobh cothaithe teanga de agus cur síos a dhéanamh faoi Ealaín na Gaeltachta teoranta agus an obair a dhéanann sí. Is dlúthchuid den teanga iad na healaíona agus is mór an tionchar atá acu ar chothabháil na Gaeilge, ar stádas agus ar íomha teanga, ar chothú agus ar bhuanú pobail teanga, ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge, agus ar sheachadadh agus ar shealbhú teanga.

Aithníonn polasaí an Rialtais, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, na healaíona Gaeilge mar ghné lárnach a chuirfidh le seachadadh agus sealbhú teanga chuig an chéad ghlúin eile. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na healaíona aithrise agus dúchasacha i seachadadh teanga - an amhránaíocht, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht agus agallamh beirte mar shampla. Tá tionchar ag cleachtas na n-ealaíon sin ar chumas, ar chleachtas agus ar úsáid teanga. Tá sé tábhachtach pobail a mhealladh chuig na healaíona aithrise ionas go dtabharfaí deis dóibh máistreacht a fháil ar an teanga. Anuas air seo tá deis ann, trí ealaíontóirí eile ar nós fís-ealaíontóirí agus rinceoirí atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge, tacú le seachadadh teanga. Tá samplaí ar fud na Gaeltachta de thréimhsí cónaitheacha le rinceoirí traidisiúnta agus comhaimseartha, ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ag tabhairt deis do dhaoine óga an Ghaeilge a chleachtadh i suíomh taobh amuigh den seomra ranga fhoirmeálta. Anuas air sin, tá na céadta daoine óga páirteach i dtograí drámaíochta, amhránaíochta nó ceoil le grúpaí ealaíne ar nós Annóg, Fíbín agus Aisling Gheal, mar shampla.

Cuireann na healaíona sa Ghaeltacht cultúr beo na Gaeltachta in iúl, rud a chuireann le forbairt na teanga. Is droichead go saol na Gaeilge iad na healaíona agus is doras isteach don teanga don ghnáthdhuine iad. Is fianaise den mhéid atá ráite iad na tearmainn teanga atá cruthaithe sna hionaid ealaíon ar fud na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá compántais drámaíochta ar nós Fíbín agus Annóg ag athrú dearcadh daoine óga i leith na Gaeilge. Cuireann na healaíona an Ghaeilge chun cinn ar bhealach samhlaíoch neamhbhagartha agus cothaíonn siad íomhá nuálaíoch agus nua-aimseartha go minic.

Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach níos luaithe, bunaíodh Ealaín na Gaeltachta teoranta leis na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn chomh maith le deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú. Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta comh-mhaoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do chlár forbartha Ealaín na Gaeltachta teoranta. Tá maoiniú iomlán de €682,00 á sholáthar ag an dá eagraíocht sin don chomhlacht in 2018.

Tá sé mar sprioc ag Ealaín na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona sa Ghaeltacht trí chomhpháirtíochtaí leis an gChomhairle Ealaíon agus le gníomhaireachtaí eile; tacú le healaíontóirí agus le heagrais ealaíon a gcumas cruthaitheach a bhaint amach agus cur lena gcumas chun fostaíocht agus slí bheatha a chruthú san earnáil; tacú le healaíontóirí spáis oibre, spáis taispeántais agus áiseanna cuí a aimsiú dá gcuid saothar; cuidiú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona trí scéimeanna éagsúla agus cláir oiliúna a sholáthar; agus forbairt a dhéanamh ar phróifíl agus ar chultúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.

Díríonn Ealaín na Gaeltachta teoranta ar na spriocanna seo a bhaint amach trí chlár forbartha a bhainistiú agus a fheidhmiú. Cuirtear cláir thacaíochta agus scéimeanna ar fáil ar nós scéim na bpríomhréimsí forbartha. Cuireann an scéim seo tacaíocht ar fáil do thograí straitéiseacha atá dírithe ar ghnéithe a chuireann le hinfreastruchtúr na n-ealaíon ar bhunús fadtéarmach. Ceadaíodh tacaíocht do 12 thogra faoin scéim seo in 2017 le buiséad iomlán de €265,000. Tá scéim na bhféilte ann freisin. Is scéim í faoina dtugtar tacaíocht do choistí agus eagrais ar mian leo féilte ealaíon a fhorbairt. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 20 féile ealaíon sa Ghaeltacht in 2017 le buiséad iomlán de €70,000. Tacaíonn an scéim sparánachta d’ealaíontóirí le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú a chuirfeadh ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar a gceird. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 22 ealaíontóir in 2017 as buiséad iomlán de €51,500. Tá an scéim síol dírithe ar thacaíocht a sholáthar d’ealaíontóirí aonair nó grúpaí ar suim leo miontionscadail nó tograí úra ealaíona a fhorbairt. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 80 iarratasóir in 2017 le buiséad iomlán de beagnach €34,000.

Anuas ar na gnáthscéimeanna tacaíochta a sholáthraíonn Ealaín na Gaeltachta, déantar tograí straitéiseacha ealaíona faoi leith a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhpháirtíocht le heagrais agus le gníomhaireachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag brath ar scéimeanna maoinithe atá ar fáil. Luadh cúpla sampla níos luaithe agus tá cúpla sampla de thograí ar a bhfuilimid ag díriú isteach orthu faoi láthair sna sleamhnáin. Sampla amháin é Cúinne an Ghiorria. Is comhpháirtíocht é le Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon. Tá sé dírithe ar fhorbairt drámaíochta Gaeilge agus tá sé mar aidhm aige borradh a chur faoi dhrámaíocht Ghaeilge.

Is mórléiriú ealaíon í amharclannaíochta agus ceoil "Aisling?: An Ród Romhainn" a choimisiúnaigh Ealaín na Gaeltachta le tacaíocht ón chiste Éire Ildánach - Creative Ireland. Tá camchuairt náisiúnta á heagrú anois le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ón gComhairle Ealaíon agus ó roinnt de na comhairlí cathrach. Tá comhpháirtíocht nua ann leis an Centre Culturel Irlandais i bPáras atá dírithe ar thréimhse chónaitheach a chur ar fáil d’ealaíontóir Gaeltachta atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Bhí comphairtíocht a bhí againn le hAmharchlann na Mainistreach ar chamchuairt chuig scoileanna Gaeltachta. Tá an tógra sin ar bun arís i mbliana.

Tá Ealaín na Gaeltachta 20 bliain ar an fhód anois. Tá tionchar obair Ealaín na Gaeltachta le feiceáil ar an réimse ealaíon sa Ghaeltacht agus, cé gur tháinig ísliú ar bhuiséad an chomhlachta le linn na géarchéime eacnamaíochta, tá bonneagar láidir forbartha sa Ghaeltacht ó 1997 ar aghaidh. Feicfidh an coiste na príomhthógraí ealaíne atá le feiceáil síos sa Ghaeltacht. De réir na dtuairiscí neamhspleácha a rinneadh d’Ealaín na Gaeltachta thar na blianta tá sé soiléir gur tháinig athrú suntasach ar chúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht ó cuireadh tús leis an chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Bunaíodh 11 de na 17 eagras proifisiúnta atá ag plé leis na healaíona go lánaimseartha sa Ghaeltacht le linn thréimhse reatha Ealaín na Gaeltachta teoranta. Tháinig méadú suntasach ar líon na n-ealaíontóirí agus na n-eagras ealaíon atá in ann cláir agus imeachtaí ealaíon a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge. Tá forbairt déanta ar an bhonneagar agus ar na háiseanna ealaíon atá ar fud na Gaeltachta agus tá ceangal agus comhpháirtíocht cothaithe idir eagrais ealaíon Ghaeltachta agus eagrais náisiúnta. Tá os cionn 200 duine fostaithe i réimse na n-ealaíon sa Ghaeltacht le tacaíocht ón údarás. Ar ndóigh tá i bhfad níos mór ná sin fostaithe san earnáil ealaíne ar fud na Gaeltachta. Is é an líon sin go díreach iad a fuair tacaíocht ón údarás.

Tá plean straitéiseach d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht ó 2018 go dtí 2023 á dhréachtú faoi láthair le haontú idir Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Díríonn an Straitéis ar an bhonneagar atá ann faoi láthair a láidriú lena chinntiú go mbeidh an bonneagar seo mar chnámh droma d’fhorbairt straitéiseach na hearnála go fadtéarmach agus táthar ag súil go leanfar leis an mhúnla comhpháirtíochta a bhí ag feidhmiú ó bunaíodh an comhlacht.

Tá roinnt moltaí againn anseo gur mhaith linn a chur os comhair an choiste. Is féidir tacú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta trí fhéidearthachtaí mar seo a leanas. Ba chóir a chinntiú go bhfuil soláthar maoinithe reatha ar fáil do thograí straitéiseacha ealaíon ar fud na Gaeltachta chun gur féidir leo feidhmiú ar bhunús inmharthanach sa todhchaí agus chun gur féidir leo tacú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona, le díriú ar an óige go háirithe. Ba mhaith liom dea-shampla a leiriú don choiste. Is é sin sampla Amharclann Ghaoth Dobhair. Is sampla é den toradh a thig ó infheistíocht fadtéarmach san healaíona.

Osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair don chéad uair in 1961 agus chuaigh na healaíon ó neart go neart i nGaoth Dobhair ó shin. Is ar an stáitse seo a chleacht Clannad, Enya, Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, agus mórán eile de cheoltóirí agus d'aisteoirí clúiteacha an cheantar a gceird. Ní hamháin go bhfuil breis agus 100 milliún ceirnín díolta ag ceoltóirí an cheantair seo ach tá na sluaite meallta acu go dtí an taobh sin tíre. Dúnadh an t-amharclann sna 1990í de bharr go raibh sé i ndrochstaid. Tá coiste na hamharclainne i ndiaidh an foirgnimh a athchóiriú ar chostas iomlán de €800,000, maoiniú a cuireadh ar fáil den chuid is mó tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Gan infheistíocht i dtograí ealaíona mar seo, ní bheadh sé d’acmhainn ag na pobail ealaíontóirí nua a chothú agus a chumasú don todhchaí. Tá gá fosta breis tograí comhpháirtíochta a fhorbairt agus deiseanna comhoibrithe a chruthú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus iad a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá gá fosta le hardán lárnach bolscaireachta agus poiblíochta a chruthú le próifíl na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta a ardú ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá gá le breis tacaíochta a sholáthar do réimsí a dhíríonn ar na healaíona béil agus liteartha ar nós na hamhránaíochta, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht agus agallamh beirte. Tá gá le tacaíocht a chur ar fáil le díriú ar an óige ach go háirithe. Is iadsan ealaíontóirí an todhchaí agus tá gá le healaíontóirí óga a chothú agus a chumasú chun cultúr beo na Gaeltachta a chinntiú don todhchaí. Sílim go léiríonn na sleamhnáin don gcoiste an t-ardú agus an titim a tháinig ar bhuiséad Ealaín na Gaeltachta de bharr an t-ardú agus an titim a tháinig ar bhuiséad Chomhairle Ealaíona agus Údarás na Gaeltachta ar aon. Caithfidh mé cur leis an bpointe atá déanta níos luaithe ag an t-Uasal Ó Tuairisg ó Fíbín agus ag Foras na Gaeilge go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar cinnte go gcuirfear a dóthain soláthar maoinithe ar fáil do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

2:25 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míle buíochas as sin. Bhí sé sin an-sonrach agus suimiúil. Maith sibh. Tá cúpla ceist agam. Is léir gur rud lárnach í an Ghaeilge dúinne inár gcuid cultúr. Tá sí fite fuaite sa chultúr agus is í ceann de na rudaí unique atá againne mar thír. Ba cheart go mbeadh tús áite ag an nGaeilge nuair a táimid ag caint faoi ealaíon agus cultúr. Is léir go bhfuil go leor eagraíochtaí thart timpeall na tíre ag obair go dian mar gheall ar an rud seo freisin. Tá sé suimiúil an méid oibre atá á dhéanamh ag na finnéithe mar gheall air seo a fhéachaint. Is léir freisin go bhfuil an Ghaeilge in áit na leathphingine mar a dúirt an tUasal Ó Tuairisg. Tá mise anseo le seacht mbliana anuas agus caithfidh mé a rá go gcuireann sé asam fós go huile agus go hiomlán an masla mór atá déanta ag an Stáit mar gheall ar an nGaeilge agus an méid airgid a thugann an Stát don Ghaeilge. Tá Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta linn anseo. Tá a gcuid buiséad scriosta ag an Rialtais le haghaidh cúig nó sé bliana anuas. Mar thír, táimid ag caitheamh an méid airgid céanna agus a bhíomar i 2008 ach tá an méid airgid a táimid ag caitheamh ar an nGaeilge leathaithe ón am sin nó níos mó. Tá sé dochreidte. Feictear na torthaí sa daonáireamh. Tá titim uafásach, tubaisteach tar éis teacht ar an nGaeilge i 2016. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin rud seo. B'fhéidir nach dtuigeann siad cé comh holc agus atá rudaí mar gheall ar an nGaeilge.

Tagraím don méid airgid atá caite ag an gComhairle Ealaíon ar an nGaeilge, i.e. 0.8% caite in aon bhliain amháin. An féidir leis na finnéithe a rá dúinne cén fáth go bhfuil sé comh híseal sin?

Mr. Val Balance:

Níl an cheist comh simplí sin. Nuair a caithimid airgead ar ghrúpa cosúil le Fíbín nó ar an gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta le haghaidh Ealaín na Gaeltachta, tá sin soiléir. Is é sin an méid áirithe ach is féidir liom liosta mór fada a thabhairt faoi airgead eile atá tugtha d'fhéilte agus do dhaoine áirithe ach níl muidne dírithe ar an nGaeilge. Is é an Comhairle Ealaíon é. Tuigim cás Fíbín ag caint faoin méid airgead atá caite ar opera mar shampla, ach is é opera ceann de na healaíona a táimid ag plé leis. Níl an Comhairle Ealaíon ag plé leis an nGaeilge go díreach.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuma cén teanga in atá an ealaín. Is modh chumarsáide atá ann i ndáiríre so an bhfuil sprioc i mission statement an Chomhairle Ealaíon ag rá gur comhairle na n-ealaíon atá ann le haghaidh an Béarla? An é sin an rud atá i gceist?

Mr. Val Balance:

Ní hé. An t-aon rud atá againne ná go bhfuil muidne ag iarraidh an ealaín is fearr a mhaoiniú. Sin é.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhraitheann sé sin ar an teanga, an braitheann?

Mr. Val Balance:

Ní braitheann sé ar an teanga ar chor ar bith. Má tá sé i nGaeilge tá sin go breá, má tá sé i mBéarla tá sin go breá. Is ar an gcaighdeán ealaíne atá muidne dírithe agus más rud é go bhfuil dráma i nGaeilge, mar shampla, atá níos fearr ná dráma i mBéarla, tá sin go breá agus beidh maoiniú ar fáil. Tá laghdú mór ar bhuiséad an Comhairle Ealaíon le blianta beaga anuas de 35%. Caithfidh na heagrais agus na healaíontóirí a bheith i gcoimhlint lena chéile.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagraím do Coscéim, Feastaagus An tUltach, foilsiúcháin a thagann amach go rialta. Fadó bhí siad ag fáil airgead ón gComhairle Ealaíon ach níl siad ag fáil é a thuilleadh. Cén fáth gur tharla é sin agus cad is féidir linn a dhéanamh chun é a réitigh?

Mr. Val Balance:

Tá maoiniú ar fáil. Níl a fhios agam go díreach ag an bpointe seo cé atá ag fáil é, athraíonn sé ó bhliain go bliain, braitheann sé ar an gcaighdeán agus cén caoi ina bhfuil an t-eagras ag dul. Luaim Aisling Geal, Cape Clear storytelling, Ceol na gCruach, Gaeilge Locha Riach, Coscéim atá ann faoi láthair - níl a fhios agam ar chaill siad an maoiniú i mbliana. Tá roinnt maith d'eagrais atá ag fáil airgead ón gComhairle Ealaíon. Nuair a táimid ag caint faoi airgead atá dírithe ar an nGaeilge, is féidir linn é sin a dhéanamh le chomhphairtíocht le hÚdarás na Gaeltachta. Níl aon scéim atá againne a deireann, i gcás opera mar shampla, go bhfuilimid chun opera i nGaeilge a chur chun tosaigh thar aon rud eile. Ní féidir linn é sin a dhéanamh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam faoi sin ach nuair a táimid ag caint faoi airgeadais an Chomhairle Ealaíon, bímid ag caint faoi dhaoine atá ag teacht ó chúlra deacra mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta, bímid ag caint faoi inscne agus go leor slata tomhais eile chun go mbeidh an t-airgead caite i slí atá cothrom ach is léir nach bhfuil an Comhairle Ealaíon cothrom mar gheall ar an méid airgid atá curtha isteach san Ghaeilge ar a laghad i mo thuairim.

An fhadhb atá ann ná gur dúirt an tUasal Balance nach bhfuil siad dírithe ar an nGaeilge ach i mo thuairim níl éinne dírithe ar an nGaeilge sa tír seo. Is é sin an fhadhb. Sna comhairlí contae ag an bomaite, níl aon duine mar oifigeach Gaeilge amháin ann. Tá daoine ann in ainm is a bheith mar oifigeach Gaeilge ach bíonn siad i mbun go leor eile. Sna hionaid ealaíon áitiúla níl aon oifigeach Gaeilge ann ag obair leis na heagraíochtaí i nGaeilge ar chor ar bith. Fiú sa Broadcasting Authority of Ireland, BAI, níl aon oifigeach Gaeilge ann ar chor ar bith. Is beag dualgais atá ag RTÉ agus TV3 mar gheall ar output a dhéanamh as Gaeilge. Cuireann RTÉ Raidió 1 dhá uair an chloig i nGaeilge amach gach seachtain agus maidir le h-uair an chloig de sin, is é an nuacht atá ann agus aistriúcháin ón mBéarla atá ann. Ceapaim go bhfuil an uair an chloig eile mar repeat éigin ó eagraíocht eile. Níl éinne in RTÉ freagrach as an nGaeilge. An fhadhb atá ann ná go bhfuil an tóin ag titim amach as an mbuiséad atá ag na heagraíochtaí a bhfuil freagrach as an nGaeilge ar nós Foras na Gaeilge agus Údaras na Gaeltachta agus ní féidir leo a lán rudaí a dhéanamh. Muna glacann eagraíocht éigin sa tír seo freagracht as seo, beimid ar ais anseo i gceann cúpla bliain ag féachaint ar na clippings of tin.

Tagraím do na heagraíochtaí. Tá a fhios agam nach féidir leis na finnéithe caint faoi pholasaí agus rudaí cosúil leis sin ach an bhfuil aon dul chun cinn tagtha ar an méid airgid atá siad ag fáil mar gheall ar a gcuid dualgaisí le fada?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Tá riachtanaisí leagtha amach againn. Aithnimid agus ár Roinn na riachtanaisí airgid atá againn agus le linn an lag trá mar a dúirt an Cathaoirleach, thit an t-airgead go tubaisteach sna réimsí éagsúla ina bhfuilimid ag déileáil leo i dtaobh caipitil, cultúir, teanga, pobal na n-ealaíon agus fiú i dtaobh riaracháin na n-eagraíochtaí.

Is dócha go bhfuil dúshlán mór ann fáil ar ais go dtí an áit a raibh muid agus go dtí an áit go gcaithfimid a bheith lenár gcuid aidhmeanna agus cuspóirí a bhaint amach. Tá sé sin aitheanta go pointe sa phlean forbartha náisiúnta. Táimid ag súil go dtiocfaidh feabhas ach, leis an bhfírinne a rá, maidir leis an méadú atá faighte againn go dtí seo, tá sé sin fíor-bheag. Táimid i gcomhráití agus sílim go dtuigtear go bhfuil gá le méadú thar na réimsí éagsúla. Táimid ag obair sa treo sin.

2:35 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Luaigh mé na figiúirí agus an titim. Nuair a théimid siar go dtí 2002, tá comparáid 1:2 idir Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon, is é sin €19 milliun versus €34 miliún. Sa lá atá inniu ann, is thart faoi €17 milliún versus €68 milliún. D'imigh an cóimheas sin idir maoiniú don Ghaeilge, na healaíona Gaeilge san áireamh, agus maoiniú an Chomhairle Ealaíon as riocht de réir imeacht na mblianta.

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, níl a lán Gaeilge agam ach táim á fhóghlaim agus á labhairt. Bhí mé ábalta an Ghaeilge a labhairt when I was very young, but as everyone was saying, without the use of it, one loses it. One has the language but one does not have the conjunctions and one cannot put it together. If the witnesses do not mind, I will speak in English.

I thought the presentations were excellent and very informative and impressive. I will make a few observations and then add a few questions to them, starting with Mr. Balance. I thought his presentation was excellent, but it was more philosophical than real. It was about artistic endeavour when we want to get answers from the Arts Council as to where it sees its role in giving out money and why the percentage of the council's budget given out in grants is so much lower. Perhaps Mr. Balance might also tell me what he thinks about Creative Ireland and whether it will play a part in the development of the Irish language and the arts, and the arts through Irish, which as Fíbín has pointed out is the greatest way to learn them. How much funding is given to Fíbín?

Foras na Gaeilge was also very impressive and it is interesting that the witnesses say their money has decreased. It is suffering decreases while the Arts Council is suffering the increases. Why do I not hear more of Foras na Gaeilge's voice about that in taking on the Arts Council, since it is the main body, or taking on the Government? Why do I not hear more about how much more money Foras na Gaeilge needs?

Údarás na Gaeltachta came across as an arts council in its own right, as did Foras na Gaeilge, in all it has been doing and its practices. The question of funding arises again and how far údarás has pushed that in terms of an increase in its funding.

Turning to Fíbín, I am delighted Mr. Ó Tuairisc is here. He and I go back a long way. I remember going to Donegal to visit some friends 15 or 16 years ago. They said there was a play on that night as Gaeilge, and it was Fíbín. They were outstanding in every way, in the way they presented their play, their magic, their artistry, their music and the cleverness of it. I booked the company and Fíbín came to the Helix. It is extraordinary to have Fíbín here and it represents everything we are talking about.

One of the things that happens when I go to learn Irish in the Oireachtas is that I am taught with a flip chart. I am back to being spoken to and learning the language through a flip chart. We are still at that, whereas Members in the Houses want to learn to speak an Ghaeilge.

Will Mr. Ó Tuairisc tell me what he felt about what he heard, since he is the artistic and living embodiment of a lot of the arts at this meeting? Will he tell me what is the right kind of funding? If I may, I will give him a piece of advice not to compare himself with opera. Fíbín is not comparable with opera, the same way as it is not comparable with the Abbey Theatre. The group is its own self and is brilliant.

The following is directed at Mr. Balance. People talk to me about standards in the arts and that it is all about standards. I have spent a lot of time in the theatre, and on many occasions in our national theatre I cannot even hear the actors. We cannot just talk about standards as being the only way forward. That is the judgement call. Some of the things we do and to which we give an awful lot of money lack standards. They will not be named here. Perhaps somebody could speak on that.

I am particularly interested in hearing what Mr. Ó Tuairisc has to say about what he has heard here.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith leat tosú anois, a Uasail Uí Thuairisc, le do thoil?

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

All of our witnesses seem to have very militant voices like our Chair.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

An bhfreagróidh mé i nGaeilge nó i mBéarla? Will I answer the Senator in English?

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

The witness can answer in Irish.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Go bunúsach, an chéad rud ná ní maith liom comparáid a dhéanamh idir Fíbín agus opera go deo. Ní raibh sé riamh mar aidhm agam é sin a dhéanamh. An fáth gur luaigh mé opera ná gur theastaigh uaim a thaispeáint, nuair a bhí dul i léig ag teacht ar opera in Éirinn, gur chuir an Chomhairle Ealaíon-----

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

There is no translation coming through.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

I was saying that I would not want to compare Fíbín or any Irish language group with opera. My point was that a few years ago, the Arts Council saw that opera was in decline in Ireland and it took an initiative to reinvigorate opera, which it did very successfully, and I commend it on that. It could also take the same initiative with Irish language medium material. The UK arts council has an Irish language policy and it also has a Welsh language policy and a Scots Gaelic policy. I understand the Arts Council is not an education board and Fíbín is not trying to teach Irish to anybody. All we are trying to do from day one is to try to express ourselves through Irish. It is a huge part of who we are as a people-----

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

My point was that we are learning while the group is doing that.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

I understand that and it is a by-product. Everybody in the room knows the legacy of teaching Irish in Ireland has not been great and there are some very negative connotations. I believe that still exists with Departments in the capital, and the Arts Council would be one of those Departments which would have a negative view towards the Irish language.

I am not certain if this is the case at the moment, but our experience was that one year, 2016, we did not get any funding. We found out that there was nobody on the panel who had Irish. Our application was translated into English and presented to the panel in English with none of the material that we put with that application translated. The panel was just given a breakdown.

Mr. Balance is 100% correct that the best piece of work should always go forward. There is a difference, however, between a Dublin-based company that is touring within the M50 and a company that is based in a Gaeltacht rural area, that has limited audiences, and that is trying to cover all of the west coast with all of the expense that goes along with that. I accept that but this should not be about giving the most money to the most people who can get the biggest audiences.

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

What funding did the company receive this year?

Mr. Darach Ó Tuairisc:

We have received €80,000 from the Arts Council. We received €30,000 for a new production and €50,000 for a tour we have just completed. That was on the back of receiving no funding in 2017 or 2016 from the Arts Council.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil éinne as Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta nó an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh labhairt?

Mr. Seán Ó Coinn:

In relation to Creative Ireland, Foras na Gaeilge's schemes are all included as part of Culture 2025 - Éire Ildánach, so we participate in that way.

To clarify, it is not that Foras na Gaeilge is suggesting that we should reduce the budget for the Arts Council. We are delighted to see that the State places such an emphasis on the arts.

What we were really trying to do was illustrate where our budget is at present and that there are very limited options for us in terms of doing anything additional for the arts other than what we do, which is significantly reduced from when we had much more funding pre 2008.

2:45 pm

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mr. Ó Coinn should not row back from his argument at all. His argument stood and it was excellent. It should be on par, not decreasing. I would not row back from that.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le HÚdarás na Gaeltachta teacht isteach?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Ceart go leor, Béarla nó Gaeilge? An bhfuil aistriúcháin ar fáil?

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Béarla. Tá brón orm, níl sé ann.

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

It is fine as Gaeilge.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Chuir an Seanadóir an ceist faoin titim i maoiniú. Bhí titim suntasach ann ó thaobh cúrsaí maoiniú faoi na ceannteidil éagsúla. Maidir le hEalaíon na Gaeltachta féin, idir an dá eagraíocht, bheadh maoiniú €1 milliún deich mbliana ó shin. Thit sé sin go leath an mhéid agus tá sé tagtha ar ais arís go dtí €780,000, rud atá go maith agus tá súil agam go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. Bímid i gcónaí ag lorg foinsí airgeadais eile cosúil le Creative Ireland le cur leis an méid sin. Ní bhímid díomhaoin ó thaobh a bheith ag lorg airgead ó foinsí eile.

I dtaobh na mbuiséad eile atá againn mar eagraíocht, deich mbliana ó shin bhí buiséad caipitil le fostaíocht a chruthú agus mar sin de €28 milliún agus thit sé sin go dtí €5 milliún. Tá sé ar ais i mbliaina go dtí €7 milliún. Bhí ciste againn d'fhorbairt pobail agus d'fhorbairt cultúir agus teanga: bhí sé sin ag €5 milliún deich mbliana ó shin agus tá sé sin ag €3 milliún anois. Thit an fostaíocht san eagraíocht le deich mbliana ó 130 go dtí 79. Táimid ag iarraidh dul ar ais go buiséad de €6 milliún le haghaidh forbairt pobail, teanga agus cultúir. Táimid ag súil le dul ar ais sa ghearrthéarma go dtí €12 milliún ó thaobh caipitil chun fostaíocht a chruthú.

Táimid i gcónaí ag lorg foinsí eile airgeadais. Chomh maith le bheith inár n-eagraíocht forbartha don Ghaeltacht, is eagraíocht muid a chuireann fiontar chun cinn agus muid ag baint aidhmeanna agus cuspóirí amach i gcomhair straitéisí fiontracha na tíre. B'fhéidir go bhfaighidh muid deis labhairt leis an gComhchoise um Poist, Fiontair agus Nuálaíocht am éicint faoin ról atá againne. B'fhéidir go bhfuil maoiniú le fáil ón taobh sin dúinne agus ba mhaith linn é sin a scrúdú.

Mar gheall ar an titim mór a bhí ann le linn an lagtrá, chomh maith leis an riachtanas le muid a thabhairt ar ais go dtí €12 milliún sa bhliain ar a laghad ar bhonn leanúnach, tá airgead aon uaire de €10 milliún ag teastáil uainn chun ár gcuid foirgneamh a thabhairt suas chun caighdeáin. Sin é an t-aon rud amháin a thugann deis dúinne dul i gcoimhlint agus in iomaíocht le háiteanna lárnacha sa tír, na foirgnimh atá againn agus tá €10 milliún ag teastáil uainne chun iad sin a thabhairt suas chun caighdeáin. Sin iad na riachtanais atá againn agus mar a dúirt mé tá plé leanúnach againn lenár Roinn féin air seo agus táimid ag súil le dul chun cinn a fheiceáil.

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I was very impressed by the Gweedore example that was given. However, music is a universal language and that sometimes takes over from the fact that the oral arts, literature, the speaking of our language and the understanding of the spoken word and the work the Chair mentioned is equally as important. It is fantastic that the witnesses have done so much work on that, that people are enjoying it and it is brought back to life. Sometimes we forget about the oral arts which is the very place we want to be if we are to believe in our language. I certainly want to learn it before I die in order that I leave some kind of echo of it. That is what we are really trying to get at through other aspects of the arts.

Údarás na Gaeltachta make a very good point about entrepreneurship and about areas of that that might also be able to facilitate or tentacle out through areas of the arts. It is very successful and I notice from Údarás na Gaeltachta's presentation which I read earlier that there are many small businesses alive and well, brought alive by the Údarás. I think it is a very good idea and it is also good to follow Creative Ireland on it because it links both.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Comhairle Ealaíon ag teacht ar ais?

Mr. Val Balance:

Táimid go léir ag obair faoi Éire Ildánach. Is é an umbrella atá ann do gach duine atá ag obair sna healaíona.

Tá an-bhrón orm más rud é go raibh mé ag fealsúnaigh. Is cinnte nach raibh mé ag iarraidh é sin a dhéanamh ar chor ar bith. Bhí mé ag iarraidh pointí áirithe a dhéanamh.

Ní rud é a tháinig uaimse sa chéad áit: tá sé sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus níl an rud sin déanta. Baineann sé le chomhoibriú idir na daoine agus na heagrais go léir atá ag plé leis an teanga agus ag plé leis na healaíona san teanga. Má tá an comhoibriú sin ann, beidh seirbhís i bhfad níos fearr tugtha do na heagrais i nGaeilge agus do na healaíontóirí. Ní dóigh liom gur fealsúnacht é sin, sin rud thar a bheith praiticiúil d'eagrais cosúil linn féin a bheith á dhéanamh. Tá roinnt oibre déanta air agus b'fhiú domsa dul ar ais air sin agus is cinnte dá n-oibreoidh an rud go dtiocfadh rud éicint i bhfad níos fearr d'eagrais cosúil le Fíbín a bheadh dírithe ar na healaíona i nGaeilge mar bheadh na heagrais go léir ag obair le chéile. Níl siad ag obair le chéile faoi láthair agus táimid i lár Bliain na Gaeilge faoi láthair. Níl a fhios agam faoin méid daoine sa tír a bhfuil eolas acu faoi sin, 'sé sin le rá an chaoi a bhfuil daoine ag obair le chéile. Tá mé ag ceapadh go bhfuil easpa rud éicint ar siúl ansin agus is cinnte nach fealsúnacht é sin.

Luaigh an Cathaoirleach rud thar a bheith suimiúil ag díriú ar na síolta do na healaíona nach bhfuil forbartha cosúil leis na healaíona timpeall na tíre. B'shin an fealsúnacht nó straitéis taobh thiar den comhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus le hEalaín na Gaeltachta. An rud go bhfaca muid ná go raibh easpa d'iarratasóirí ó na Gaeltachtaí ann, mar sin chuir muid buiséad ar taobh amháin le haghaidh an rud sin amháin. An tuiscint a bhí ann ná, nuair a bhí forbairt déanta ar na healaíona sna Gaeltachtaí, go mbeadh an dream sin in ann dul ar aghaidh go ginearálta agus go mbeadh siad in ann a bheith ag coimhlint le daoine eile i cibé teanga. Sin rud a tharla do Fíbín ach ag an am céanna tá Fíbín ag fáil airgead ó go leor eagrais agus caithfidh gur drochbhrionglóid é, chuile bhliain ag cur iarratais tar éis iarratais isteach go heagrais nach bhfuil ag caint le chéile. Sin an t-aon rud atá mé ag rá.

Photo of Seán CanneySeán Canney (Galway East, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá beagán Gaeilge agam. I will speak in English. What Mr. Balance has said there last is what I was going to start off with. I have listened today and I have been educated on what is going on. It is coming back at me that there is a huge disjoint in what is happening. I understand what Fíbín is talking about on getting funding and that it has to go to different places trying to get the funding and there is no synchronisation of how this works. That is what I am getting: maybe I am totally wrong. We can all dwell on the fact that there is a lack of funding but what is becoming clear to me from listening to everyone speaking is that the joined up thinking is not there. I am from north County Galway where we have very few Irish speaking people. My mother was raised and brought up in a house in Belclare where Irish was a spoken language. She is still alive but the next generation is not speaking the language in north County Galway. We go back and ask what has gone wrong after 13 years having been spent teaching Irish in national and secondary school. The purpose of us being here is to try to see what we are doing with the Irish language, how we are progressing it, how we are growing the number of people speaking it and also how the arts and music that go with that are developing. When I listen today I say that we have a problem. The problem is that we have a lot of people who get funding, who do this, that and the other and I am finding, maybe I am totally wrong, that everybody is a little department in their own right and they are doing their job and somebody else is doing their job.

They are doing their job and somebody else is doing their job and I think that this is an issue where we have to peel back all of the layers and say, hold on a minute, what are we trying to achieve here? Can we all sit down around a table and can we come up with a consensus on how we are going to do that. There are good things and this is not all negative. This is Bliain na Gaeilge, and I had the honour of bringing up a young Comhaltas Ceoltóirí group from Belclare up to the Dáil. They are in existence about five years. They are growing every year because the teachers are involved and it is sexy to be playing an instrument, or to be doing Irish music, or doing sean-nós singing at the moment in Belclare national school.

The county Fleá Cheoil will be held in Tuam. It is a big thing for Tuam. It is bringing back all of this Irish music into Tuam which is a north Galway area. That is great. It is incredible how the amount of volunteers who are working on it - with no or very little funding - have taken this on. What needs to be done - and I am listening for the first time to all of these people speaking here - I think everybody has the enthusiasm and their heart in the right place, but what we need to do is to create a channel by which everybody is synchronised so that we get as much out of the money that is put in, and challenge the Government for more money, where it is needed. What will happen is Údarás na Gaeltachta will put in their pitch for their money during the year, every other group does the same thing, the Arts Council does the same thing, and they all have an agenda, which is to get as much as they can to provide their services. What is wrong is that for the Irish language, we have to create a common application. It does not matter if it is the Arts Council or Údarás na Gaeltachta or whoever gets the money as long as it is given for the right purposes.

I hear with interest what the witnesses are saying about the infrastructure has being left sitting for ten years and that €10 million was needed to address this. That would be a very small price to pay to get the infrastructure right so that we have the places.

One other matter mentioned by Mr. Ó Tuairisc, and coming from Galway I understand this, I was at a play in Tuam in the theatre last Sunday night. There were 70 people in the audience. It was put on the night before that and in all they probably had 200 people who came in to see that play. Those are the sort of numbers who attend and it was a great night of entertainment. That is good but in rural areas these are the kind of numbers who will be in attendance. One needs therefore to rationalise funding, not just in terms of what one is doing but being mindful of the cost of doing it in rural areas and transporting it from Donegal to Galway, or down to Kerry or wherever to smaller audiences where one does not get the throughput. It is most important to support these drama groups in tipping the scales a little bit more the other way.

There is a lot of work to do but I am very heartened by the fact that there are so many people who are involved in developing the Irish language. I wish all those involved well and it is alright talking about the lack of funding etc. We all know that. We all know we have had a recession. Everybody, no matter what sphere of life they are in, has been subject to cutbacks. Some of the figures are startling. What we need to do is together, to grow it again, and it will grow over time.

2:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine ag iarraidh teacht ar ais?

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Ba mhaith liom pointe nó dhó a dhéanamh. Ceann de na fadhbanna le bheith ag feidhmiú mar chomhlacht drámaíochta sa tír - tá an fhadhb seo trasna chuile chineál comhlachta sa tír - agus ceann de na lochtanna is mó atá ann ná maoiniú reatha nó easpa maoinithe reatha do chomhlachtaí.

In 2016 bhí ceithre post lánaimseartha agus post amháin leath-aimseartha ag Fíbín. Anois, mar gheall ar easpa maoinithe reatha, níl ann ach dhá phost. Bhí infreastruchtúr cothaithe agus cruthaithe ag an gcomhlacht ag barr na réime 2008. Bhí go leor maoinithe ann, bhí infreastruchtúr ann agus bhíomar ag déanamh ceithre dráma in aghaidh na bliana. De réir mar a thiteann an maoiniú, táimid ag cailleadh na bpost, tá an infreastruchtúr ag imeacht agus níl an taithí ag lucht féachana teacht amach chuig drámaí i nGaeilge. Tá an earnáil féin tábhachtach. Níl mé ag caint go díreach ar Fíbín. Ba bhreá liom go mbeadh cúig nó sé chomhlacht proifisiúnta lán-Ghaeilge sa tír. Níl an maoiniú sin ann agus is léir é sin ón deacracht atá ann an maoiniú sin a fháil. Tá an ceart ag an Uasal Balance: déanann go leor leor iarratas chun maoiniú beag bídeach a fháil ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ealaín na Gaeltachta. Ní príomhfheidhm Fhoras na Gaeilge ealaín a chur chun na tíre, b'shin príomhfheidhm na Comhairle Ealaíon, mar a fheicimse. B'shin an áit a cheapfadh mise. Mar a dúirt mé sa pháipéar freisin, d'fhéadfaí i bhfad níos mó a chur i dtreo na n-ealaíon i gcoitinne sa tír, ach d’fhéadfaí cuid den airgead sin a chur ar fáil d'eagraíocht a bheadh sásta tabhairt faoi, agus a bheadh tuiscint acu, agus b'fhéidir go mbeadh sin níos éasca don Chomhairle Ealaíon.

Mr. Seán Ó Coinn:

Ba mhaith liom teacht ar ais ar an rud a dúirt an tUasal Balance ar ball faoi chomhpháirtíocht agus straitéis do na healaíona trí Ghaeilge mar oidhreacht ar Bhliain na Gaeilge. Sílim gur oidhreacht iontach a bheadh ann do Bhliain na Gaeilge dá n-éireodh leis an gComhairle Ealaíon straitéis a chur i dtoll a chéile do na healaíona trí Ghaeilge linn leis na comhpháirtithe eile. Bheimis go mór i bhfách leis, caithfidh mé a rá.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl tú freagrach as an obair sin. Cé tá ag bailiú na n-eagraíochtaí le chéile chun é sin a dhéanamh?

Mr. Seán Ó Coinn:

An Roinn.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag fanacht ar an Roinn chun é sin a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agaibh as ucht an chur i láthair. Ba mhaith liom ceist a iarraidh ar an Uasal Balance. An bhfuil sé fíor an rud a dúirt an tUasal Ó Tuairisc, nuair a bhíonn meastóireacht a dhéanamh ar iarratas i nGaeilge go ndéantar é a aistriú go Béarla, agus nach n-aistrítear na páipéir tacaíochta?

Mr. Val Balance:

Mar chur síos ar an tslí a ndéantar é, téann tograí go dtí painéal agus ar an bpainéal bíonndaoine cosúil leis an Uasal Ó Tuairisc féin - daoine atá ag obair mar ealaíontóirí den chuid is mó. Tá drochsheans ann go mbeadh Gaeilge ag aon duine nó ag an dream uilig. Mar sin caithfear an t-iarratas a chur os comhair an phainéil sin i mBéarla. Níl aon bhealach eile chun é a dhéanamh. Tuigim a chás agus tá sé pléite-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam, ach más amhlaidh an bhfuil sé fíor nach n-aistrítear gach cáipéis tacaíochta a chuirtear leis an iarratas?

Mr. Val Balance:

Táim ag ceapadh go bhfuil aon rud atá os comhair an phainéil, tá sé aistrithe, cinnte.

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Nuair a cheistigh mé é seo leis an gComhairle Ealaíon, dúradh liom nach ndearnadh aon aistriú - go ndearnadh aistriú ar an iarratas amháin. Ba é sin 2016, nuair a chailleamar maoiniú, sin é an chaoi ar cuireadh ar an eolas mé. Cheapfainn go bhfuil a dhóthain cainteoirí sa tír a bhféadfaí painéal le Gaeilge a chur le chéile chun riachtanais an phainéil a shásamh. Is é sin mo thuairim féin ar aon nós.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Feictear go dona é sin ar an gcóras oideachas sa tír seo. Táimid ag fáil an oideachais, ag dul ag an scoil, formhór na ndaoine déanann siad an Ghaeilge ar feadh trí bliana dhéag. Ar fhaitíos na bhfaitíos fuair mé mo chuid oideachais ar fad trí Bhéarla. Má tá múinteoirí maithe agat tabharfar leat é.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid inár gcónaí i saol atá thar a bheith contráilte. Tá leath de mo chloigeann a deir go bhfuil sé seafóideach, go bhfuil leithéid Údarás na Gaeltachta ag dul ag eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát, ón gcáiníocóir, agus go bhfuil an cluiche mór seo ar bun faoi chomh-mhaoiniú agus mar sin de le hairgead an Stáit nó le hairgead an cháiníocóra. I saol réalaíoch, níl aon chiall lena leithéide. Má tá gach rud cothrom, ní ceart go mbeadh sé ar bun mar is cur amú ama é don té atá ag déanamh an iarratais, agus is costas é don té atá ag déanamh iarratais agus is costas don Stát é triúr nó ceathrar a bheith ag riaradh an rud ceannann céanna. É sin ráite, thar blianta fada, ag plé leis na ceisteanna seo ó gach aon taobh, is é sin nuair a bhí mé ag obair i gcomharchumann agus ag plé leis na ranna Stáit ón taobh amuigh agus ón taobh istigh, táim tagtha don tuairim, agus ba mhaith liom tuairim an Uasail Uí thuairisc a chloisteáil air seo, mura gcuireann tú balla mór millteach timpeall ar airgead na Gaeilge, go mbíonn cúis i gcónaí ann go dtabharfaí é do rud éigin eile.

B'shin ó mo thaithí. Chomh maith leis sin, ní fheictear dom go dtugtar dóthain airde nó ní chuirtear dóthain béime sa tír seo ar an bhfíorthabhacht atá ann maidir leis na healaíona dúchasacha - Béarla nó Gaeilge ach rud ar bith atá dúchasach - a chothú. Mar shampla mairfidh - agus níl mé in aghaidh opera - ach mairfidh opera mura mbeidh sé in Éirinn, ach tá go leor ealaíona áirithe dúchasacha nach mairfidh mura mairfidh siad ar an oileán seo, mar go mbaineann siad linne amháin. Thuigfeadh chuile duine, dá gcuirfí deireadh leis an iománaíocht in Éirinn nach mbeadh mórán iománaíochta ar fud an domhain. Ní bheadh mórán daoine ag breathnú uirthi. Tá rudaí eile faoi na healaíona, gur muid an tobar. De réir mar a luamar an opera, ba é an Iodáil an tobar. Feiceann tú é sin go rí-shoiléir nuair a théann tú go dtí an Róimh agus is breá é. Is iontach an rud é agus is deas an rud é go bhfuil sé in Éirinn freisin. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Uasal Balance, is é sin an gcuirtear san áireamh an tábhacht faoi leith atá ann na healaíona dúchasacha, Béarla nó Gaeilge, bíodh siad ó thaobh péintéireachta de nó rud ar bith dúchasach, a chothú: rud nó tréithe nach bhfuil in áit ar bith ach in Éirinn.

Tá ceist agam ar Fhoras na Gaeilge. An bhfuil an ceart agam go bhfuil srian leis an airgead ar féidir leis an Stát a thabhairt, mar go bhfuil srian ar an gcomh-mhaoiniú atá ar fáil ón Tuaisceart i láthair na huaire? Mar sin, ní féidir an buiséad seo agaibhse a dhúbailt amárach mura mbeidh dúbailt ar chionroinnt an Tuaiscirt. Níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag údaráis an Tuaiscirt faoi sin. Cuireann sé sin ar aghaidh mé go ceist a bhí á phlé againn agus tá sé tagtha aníos arís. Ar cheart go mbeadh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta ach an maoiniú speisialta breise a bheith curtha ar fáil dóibh, maoiniú a dhéanamh ar rudaí atá lasmuigh den Ghaeltacht, ó tharla nach bhfuil aon eagraíocht Stáit eile gur féidir leo é a dhéanamh? An féidir le Foras na Gaeilge é a dhéanamh nó go bhfuil sé srianta mar is eagraíocht Thuaidh-Theas í agus tá go leor sriain orthu, mar is eol domsa? Bhí sé molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta ag láimhseáil maoiniú do rudaí taobh amuigh den Ghaeltacht ó cheartlár na Gaeltachta ach an maoiniú breise seo a bheith ar fáil. An mbeadh sibh sásta an cúram sin a ghlacadh? An bhfaigheadh sibh an maoiniú breise agus an fhoireann a theastódh leis chun é sin a láimhseáil?

Tagann sé sin go dtí an rud deiridh, is é sin cé acu a cheap go raibh Údarás na Gaeltachta ab fhearr chun é seo a dhéanamh. Caithfimid a bheith praiticiúil faoi seo. Is féidir linn comhbhá a thaispeáint anseo, ach bheadh na pócaí chomh folamh ag dul amach agus a bhíodar ag teacht isteach, má dhéanaimid é sin. Tá a fhios agaibh féin an nath cainte pócaí folmha agus cloigeann tinn.

Is i an cheist atá agamsa ná cé acu ab fhearr, go dtabharfaí maoiniú na n-ealaíon ar fad trí Ghaeilge do leithéidí Údarás na Gaeltachta nó an Roinn seachas an Chomhairle Ealaíon nó go gcuirfidh go mór leis an gcomh-mhaoiniú a bheadh ar fáil le hEalaín na Gaeltachta ar an gcoinníoll go mbeadh euro in aghaidh euro ar fáil ón gComhairle Ealaíon, nó ar cheart don Rialtas a rá go bhfiul luach €57 milliún a fháil ag an gComhairle Ealaíon?

3:05 pm

Mr. Val Balance:

€64 milliún.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ceart go mbeadh 10% de sin curtha ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge sa tír? Is é sin nuair a gheobhaidh sibh an t-airgead, déarfaí libh, tá €64 milliún agaibh ach tá €6 milliún de seo curtha ar leataobh le haghaidh ealaíona trí Ghaeilge. Tá cúpla bealach ar féidir an sprioc a bhaint amach. An cheist atá ann ná conas ar féidir teacht ar an mbealach is éifeachtaí do phobal labhartha na Gaeilge. Is ealaín ann féin é labhairt na Gaeilge. Cloistear daoine ag labhairt na Gaeilge i gceart. Cuimhním i gcónaí go bhféadfaí suí agus éisteacht le Johnny Chóil Mhaidhc ó mhaidin go hoíche agus é ag caint nó ag rá dán mar b’ealaín ann féin é. Duine de na daoine ba dheaschaintí a chuala mé riamh in aon teanga ab ea é. Chuala mé daoine a bhí go maith. Is ealaín ann féin é. Cothú ar aisteoireacht na Gaeilge, deismíneacht cainte na Gaeilge. Chun a bheith fírinneach, tá corrdhuine sa Teach seo, cuirim i gcás an Seanadóir David Norris, a bhfuil an bua cainte seanaimseartha aige i gcónaí, ach tá sé ag dul i laghad. Táim i mbun ceisteanna a chur sa Dáil go luath agus beidh orm dul go dtí Seomra na Dála.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mé féin freisin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an chéad cheist agamsa.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir leat, a Uasal Balance, tús a chur leis na freagraí?

Mr. Val Balance:

Maidir leis na healaíona dúchasacha, tá sé ráite ag duine nó dhó agus ag an Uasal Orla Mc Bride, príomhfheidhmeannach na Comhairle Ealaíon, cé chomh tábhachtach is a bhfuil na healaíona dúchasacha. Aithnímid é sin ach ag an am céanna, tá an Chomhairle Ealaíon ag plé leis na healaíona gairmiúla, nílimid ag plé leis na healaíona nach bhfuil gairmiúil. Is é sin an rud atá idir lámha againn. D'aithníomar níos luaithe anuraidh agus anois trí thogra amháin ar a nglaoitear Cúinne an Ghiorria air - chaitheamar airgead maith isteach ann - go bhfuil easpa drámaíocht ghairmiúil sna Gaeltachtaí. Caithfimid breathnú ar cén chaoi é a fhorbairt. Tá go háirithe Ealaín na Gaeltachta, muid féin, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ag obair air sin faoi láthair. Is rud mór é sin. Caithfimid tosú leis an rud bunúsach agus forbairt a dhéanamh air. Ní féidir airgead mór a chaitheamh ar rud nach bhfuil ann: ní oibríonn sé sin ach an oiread. Caithfear fás a dhéanamh ar an rud.

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chair, can I just make one point? I was interested in what the Údarás was saying about entrepreneurship and that synergy. Perhaps Mr. Ó Tuairisc is familiar with this where a new theatre company such as Fíbín arrives and is supported and where the loss of two or three jobs might be avoided. The loss of three jobs, because the Fíbín application was turned down for whatever reason in 2016, was disgraceful. Is such a supporting approach something that could be considered or could be done? Údarás na Gaeltachta does seem to operate in an Arts Council type mode both across entrepreneurship and the arts in its work. Some new companies have set up in Gaeltacht areas and they might be so alive to supporting a company like Fíbín or something in this area. Is this an idea that has been considered or done?

Mr. Darach Ó Tuairisc:

I will be happy to answer that an-sciobtha. I see Údarás na Gaeltachta as similar to the IDA and one would not ask the IDA to start helping-----

Mr. Darach Ó Tuairisc:

I do not think it is their role. They are restricted-----

Photo of Marie Louise O'DonnellMarie Louise O'Donnell (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

They are restricted by the Arts Council anyway because they only have the €65 million and they have to give it out to 1,000 different organisations. I do not mean that in a bad way. They are restricted and should be receiving €120 million funding so that we could create all of those projects. In the meantime one cannot say that business or entrepreneurship cannot have an artistic background.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Senator O'Donnell, can we give Mr. Ó Tuairisc an opportunity to reply, because both myself and Deputy Ó Cúiv have to attend Minister's questions in three minutes.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Is dócha. Bímid ag iarraidh é sin a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos - rud amháin nach ndúirt mé nuair a bhí mé ag caint níos luaithe - dá mhéad a chuirimid isteach sna healaíona nó i gcultúr, tá sé ag brath go mór ar phobal. Tá an pobal fíor-lárnach anseo. I gcás Amharclann Ghaoth Dobhair, murach an pobal áitiúil, is cuma céard a chuirfeadh an Stát isteach, ní tharlódh sé. Murach an pobal áitiúil agus an fuinneamh atá sa phobal, ní tharlódh na rudaí seo.

B'fhéidir go bhfuil níos mó oibre le déanamh againn i dtaobh cuid de na comhlachtaí móra suntasacha atá againn sa Ghaeltacht. B'fhéidir go bhféadfadh ról níos lárnaí a bheith againn leo. Mar a dúirt mé ag an tús, aithníonn muid go bhfuil an cultúr, an teanga agus na healaíona mar acmhainn fhíorthábhachtach ó thaobh ár ndúchas agus an todhchaí atá againn. Bíonn muid ag iarraidh bheith chomh solúbtha agus is féidir sa mhéid tacaíochta a chuireann muid ar fáil.

3:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is léir gur féidir linn labhairt ar na hábhair seo ar feadh i bhfad.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh aon seisiún príobháideach againn?

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh. Táimid ag teacht i dtreo deireadh an mhéid ama atá againn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní fiú cruinniú mar seo a bheith againn mura déanfar moltaí ag éirí as an gcruinniú.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn é sin a dhéanamh ag an gcéad cruinniú eile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh tuarascáil á ullmhú againn chun moltaí a chur ar aghaidh?

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh. Cuirfidh muid é sin ar an gclár.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfimid é sin a dhéanamh. Níl aon mhaith cruinnithe mar seo a bheith againn gan a leithéid a dhéanamh. Tá iomarca ama caite againn ag éisteacht le daoine gan aon toradh dá bharr. Caithfimid an cur chuige sin a athrú.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an rud atá ann sásúil. Tá oifigigh ó trí eagraíocht Stáit anseo in éineacht le duine amháin atá ag iarraidh streachailt leis an gcóras.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm, ach caithfidh mé deireadh a chur leis an gcruinniú. Is féidir linn comhrá i bhfad níos faide a bheith againn ar an ábhar amach anseo. Ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil le gach uile dhuine a tháinig anseo inniu chun a gcuid fianaise a thabhairt dúinn. Bhí go leor ábhair shuimiúla ann don choiste agus beidh orainn obair a dhéanamh ina dtaobh. B'fhéidir go dtiocfaidh na finnéithe ar ais os comhair an choiste an bhliain seo chugainn chun na hábhair seo a phlé. Le cúnamh Dé, beidh dul chun cinn tagtha ar an earnáil seo ag an am sin.

The joint committee adjourned at 3.42 p.m until 1.30 p.m. on Wednesday, 23 May 2018.