Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

2:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táimid inár gcónaí i saol atá thar a bheith contráilte. Tá leath de mo chloigeann a deir go bhfuil sé seafóideach, go bhfuil leithéid Údarás na Gaeltachta ag dul ag eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát, ón gcáiníocóir, agus go bhfuil an cluiche mór seo ar bun faoi chomh-mhaoiniú agus mar sin de le hairgead an Stáit nó le hairgead an cháiníocóra. I saol réalaíoch, níl aon chiall lena leithéide. Má tá gach rud cothrom, ní ceart go mbeadh sé ar bun mar is cur amú ama é don té atá ag déanamh an iarratais, agus is costas é don té atá ag déanamh iarratais agus is costas don Stát é triúr nó ceathrar a bheith ag riaradh an rud ceannann céanna. É sin ráite, thar blianta fada, ag plé leis na ceisteanna seo ó gach aon taobh, is é sin nuair a bhí mé ag obair i gcomharchumann agus ag plé leis na ranna Stáit ón taobh amuigh agus ón taobh istigh, táim tagtha don tuairim, agus ba mhaith liom tuairim an Uasail Uí thuairisc a chloisteáil air seo, mura gcuireann tú balla mór millteach timpeall ar airgead na Gaeilge, go mbíonn cúis i gcónaí ann go dtabharfaí é do rud éigin eile.

B'shin ó mo thaithí. Chomh maith leis sin, ní fheictear dom go dtugtar dóthain airde nó ní chuirtear dóthain béime sa tír seo ar an bhfíorthabhacht atá ann maidir leis na healaíona dúchasacha - Béarla nó Gaeilge ach rud ar bith atá dúchasach - a chothú. Mar shampla mairfidh - agus níl mé in aghaidh opera - ach mairfidh opera mura mbeidh sé in Éirinn, ach tá go leor ealaíona áirithe dúchasacha nach mairfidh mura mairfidh siad ar an oileán seo, mar go mbaineann siad linne amháin. Thuigfeadh chuile duine, dá gcuirfí deireadh leis an iománaíocht in Éirinn nach mbeadh mórán iománaíochta ar fud an domhain. Ní bheadh mórán daoine ag breathnú uirthi. Tá rudaí eile faoi na healaíona, gur muid an tobar. De réir mar a luamar an opera, ba é an Iodáil an tobar. Feiceann tú é sin go rí-shoiléir nuair a théann tú go dtí an Róimh agus is breá é. Is iontach an rud é agus is deas an rud é go bhfuil sé in Éirinn freisin. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Uasal Balance, is é sin an gcuirtear san áireamh an tábhacht faoi leith atá ann na healaíona dúchasacha, Béarla nó Gaeilge, bíodh siad ó thaobh péintéireachta de nó rud ar bith dúchasach, a chothú: rud nó tréithe nach bhfuil in áit ar bith ach in Éirinn.

Tá ceist agam ar Fhoras na Gaeilge. An bhfuil an ceart agam go bhfuil srian leis an airgead ar féidir leis an Stát a thabhairt, mar go bhfuil srian ar an gcomh-mhaoiniú atá ar fáil ón Tuaisceart i láthair na huaire? Mar sin, ní féidir an buiséad seo agaibhse a dhúbailt amárach mura mbeidh dúbailt ar chionroinnt an Tuaiscirt. Níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag údaráis an Tuaiscirt faoi sin. Cuireann sé sin ar aghaidh mé go ceist a bhí á phlé againn agus tá sé tagtha aníos arís. Ar cheart go mbeadh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta ach an maoiniú speisialta breise a bheith curtha ar fáil dóibh, maoiniú a dhéanamh ar rudaí atá lasmuigh den Ghaeltacht, ó tharla nach bhfuil aon eagraíocht Stáit eile gur féidir leo é a dhéanamh? An féidir le Foras na Gaeilge é a dhéanamh nó go bhfuil sé srianta mar is eagraíocht Thuaidh-Theas í agus tá go leor sriain orthu, mar is eol domsa? Bhí sé molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta ag láimhseáil maoiniú do rudaí taobh amuigh den Ghaeltacht ó cheartlár na Gaeltachta ach an maoiniú breise seo a bheith ar fáil. An mbeadh sibh sásta an cúram sin a ghlacadh? An bhfaigheadh sibh an maoiniú breise agus an fhoireann a theastódh leis chun é sin a láimhseáil?

Tagann sé sin go dtí an rud deiridh, is é sin cé acu a cheap go raibh Údarás na Gaeltachta ab fhearr chun é seo a dhéanamh. Caithfimid a bheith praiticiúil faoi seo. Is féidir linn comhbhá a thaispeáint anseo, ach bheadh na pócaí chomh folamh ag dul amach agus a bhíodar ag teacht isteach, má dhéanaimid é sin. Tá a fhios agaibh féin an nath cainte pócaí folmha agus cloigeann tinn.

Is i an cheist atá agamsa ná cé acu ab fhearr, go dtabharfaí maoiniú na n-ealaíon ar fad trí Ghaeilge do leithéidí Údarás na Gaeltachta nó an Roinn seachas an Chomhairle Ealaíon nó go gcuirfidh go mór leis an gcomh-mhaoiniú a bheadh ar fáil le hEalaín na Gaeltachta ar an gcoinníoll go mbeadh euro in aghaidh euro ar fáil ón gComhairle Ealaíon, nó ar cheart don Rialtas a rá go bhfiul luach €57 milliún a fháil ag an gComhairle Ealaíon?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.