Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:35 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Luaigh an Teachta naíonraí. Ní seirbhísigh phoiblí na daoine atá ag obair ann ach glaicim leis an sampla atá i gceist. Beidh impleachtaí anseo agus beidh tionchar ag an gcóras pleanála teanga air seo freisin sa Ghaeltacht, mar shampla. Mar nuair a bheas na daoine seo fostaithe ag na fóraim áitiúla pleanála teanga, beidh deis ansin ag na daoine seo dul agus áitreabh ar chuid de na seirbhísí naíonra mar shampla atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus b'fhéidir iad a spreagadh le dul i dtreo feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Feictear domsa go bhfuil ról againne anseo agus tá ról ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige freisin áitreabh ar naíonraí nó crèches atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus cinn nua atá le bunú go mbeidh siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Táimid ag caint leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin gceist áirithe sin faoi láthair agus táimid ag súil go mbeidh rud éicint sa phlean cúig bliana atá luaite agam cheana maidir leis an gceist sin. Tá féidearthachtaí ansin. Tá crèche amháin in aice leis an áit in a bhfuil mé ag cur fúm.

Tá sé ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla sa Ghaeltacht ach bímse ag breathnú ar dhaoine a bhfuil aithne phearsanta agam orthu ag siúl isteach ag an obair chuile lá agus togha na Gaeilge acu. Dá bharr, ní thógfadh sé mórán do ghnólacht mar sin a chur ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge mar tá na hacmhainní acu. B'fhéidir go bhfuil sé difriúil i gceantair laga Gaeltachta. Táim cinnte go mbeadh cúinsí difriúla ansin. Tá jab againne mar Roinn agus ag an údarás go mbeadh áit ag na dreamanna sin a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.