Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:35 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom sampla a thabhairt den fhadhb atá ann anois mar gheall ar an gcur chuige atá ag an Rialtas faoin rud seo. Sa Ghaeltacht tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeidh deis ag gach páiste sa Ghaeltacht a chuid oideachas a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge. Tá sé lárnach don straitéis 20 bliain. Fós, níl ach 46% de na páistí sa Ghaeltacht ag freastal ar naíonra lán-Gaelach. Tá móramh na páistí ag freastal ar naíonra i mBéarla. Má chuirtear córas i bhfeidhm chun go mbeidh Gaeilge ag daoine nua san earnáil sin a bheith earcaithe agus gan aon rud a dhéanamh leis na daoine atá ann cheanna, tógfaidh sé na blianta go dtí go mbeidh na foirne sna heagraíochtaí sin in ann Gaeilge a mhúineadh do na páistí atá ann. Má chuirtear continuing professional development, CPD, mar a déarfadh duine i mBéarla, ar fáil ina mbeadh na daoine ag obair lá i ndiaidh lae ar chruinneas a chur ar a chuid Gaeilge, beidh sé indeánta an córas a athrú i bhfad níos tapúla. Sin an rud a dhéanfadh duine dá mbeadh duine dáiríre faoi agus ní bheadh aon gá fanacht le haghaidh 20, 30 nó 40 bliain chun é sin a bheith ann. Dúirt an finné é féin nach bhfuil an Rialtas in ann iachall a chur ar dhuine iarratas a chur isteach ar phost agus Gaeilge a bheith acu ach tá go leor slite cliste ann mar gheall ar dhaoine a dhreasú chun post a thógáil. Fadó, nuair a bhí siad ag iarraidh go mbeidh daoine ag múineadh sa Ghaeltacht, thug siad síntiús don mhúinteoir ionas go mbeidh siad in ann múineadh i nGaeilge do pháistí sa Ghaeltacht. Aon duine atá ag earcú le haghaidh comhlachta amuigh ansin, má tá scileanna áirithe de dhíth orthu, gheobhaidh siad slite chun an t-éileamh a chruthú i measc na ndaoine ar na poist sin. I mo thuairim, ní bheidh an Bille mar atá sé ag an Rialtas ag an bomaite maith go leor do mhuintir na Gaeltachta, ní bheidh sé maith go leor le haghaidh muintir na hÉireann agus ní bheidh sé maith go leor le haghaidh an Oireachtas ach oiread.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.