Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 April 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
6:35 pm
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Dar ndóigh, is féidir leis na daoine inmheánacha atá ag obair sa Státchóras cheana cur isteach ar na comórtais sheachtracha freisin. Is deis é sin. An rud a bhaineann leis na comórtais sin ná go bhfuilimid in ann a rá le daoine, má fhaigheann siad post tríd an sruth Gaeilge sna comórtais sheachtracha, go gcaithfidh siad a bheith sásta feidhmiú trí Ghaeilge nuair atá siad sa chóras ar feadh an tsaoil ghairmiúil.
Tagraím don spriocdáta. Caithfimid dul ar ais chuig Oifig an Ard-Aighne chuig an dréachtóir le roinnt mhaith stuif anois, stuif breise le tuilleadh oibre a thabhairt di agus beidh tuairim i gceann cúpla seachtain eile againn faoin sprioc sin. Táimid thar a bheith dóchasach go mbeidh sé foilsithe roimh an samhradh ach níl mé in ann a rá cén uair go baileach ag an bpointe seo. Cinnte, tá muidne agus an tAire Stáit ag iarraidh spás a fháil ar amchlár na Dála nuair a bheas an Bille seo foilsithe. Níl aon easpa toil pholaitiúil ansin. Tá muidne agus an tAire Stáit ag iarraidh é a bhrú chun cinn comh sciobtha agus is féidir.
No comments