Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:45 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Déanann tú an pointe domsa, i ndáiríre, go bhfuil an t-éileamh ann ach tá an Rialtas ag cur bac ar an dul chun cinn mar gheall ar sholáthar a dhéanamh ar an éileamh atá ann.

Tá sé cosúil leis na Gaelscoileanna. Tá 23% de thuismitheoirí thart timpeall na tíre ag iarraidh go mbeidh a gcuid páistí ag dul go dtí na Gaelscoileanna. Tá 5% ag fáil an t-oideachas seo agus níl an Rialtas ag déanamh aon rud faoi ar chor ar bith ag an mbomaite seo. Níl gaelscoil nua le bheith ann i mbliana, agus níl aon chóras inmheánach chun aistriú ó scoil Bhéarla go dtí scoil Ghaeilge. Tá dualgais ar na comhairlí contae agus na comhairlí cathrach oifigeach Gaeilge a bheith acu. I gcontae na Mí le dhá Ghaeltacht, tá an post sin mar cheann de na dualgais atá ag duine amháin. B'fhéidir go bhfuil sé sa tríú, sa cheathrú nó sa chúigiú háit mar gheall ar thosaíocht na ndualgas sin. An rud atá mé ag iarraidh a chur in iúl chugaibhse ná mura bhfuil an Rialtas ag leagan síos rialacha daingne agus spriocdháta daingean agus tacaíocht chuí ní bhainfimid amach na haidhmeanna atá anseo. Beidh daoine eile ag caint faoi seo i gceann 20 bliain agus á rá cad a tharla don Bhille sin, b'shin mo thuairim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.