Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:15 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Faoin Acht féin, is féidir leis an gCoimisinéir, mura ndéantar na moltaí, mura gcuirtear na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir mar chuid d'imscrúdú i bhfeidhm, an rogha atá aige ina dhiaidh sin ná iad a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Rinneadh é sin i seacht gcás go dtí seo. Rinne mise uair amháin agus mé i mo Choimisinéir Teanga maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh ath-imlonnú múinteora go scoil na Rinne i bPort Láirge nuair a dúirt an múinteoir féin nach raibh a dóthain Gaeilge aici le bheith ag teagasc sa scoil. Rinneadh imscrúdú air sin agus cuireadh é sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá mo chuid feidhmeanna agus mo chuid cumhachtaí leagtha amach san Acht. Déanaim imscrúdú nuair is gá é sin a dhéanamh agus déantar na moltaí do chomhlachtaí poiblí. Go minic, don chuid is mó déarfainn, cuirtear na moltaí sin i bhfeidhm ach nuair nár chuirtear, tá mo chuid lámha ceangailte, sa mhéid is gurb é an t-aon áit eile atá fágtha agam sa reachtaíocht ná é sin a chur faoi bhur mbráid anseo, i dTithe an Oireachtais. Maidir leis an sé cinn a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais, rinneadh dul chun cinn ansin ó thaobh an choiste a bhí ag plé leo ag an am, ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí agus na moltaí a bhí ann a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Tá a fhios againn sna ceannteidil faoi láthair mar atá siad foilsithe go mbeadh deis ag an gCoimisinéir Teanga fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí mura gcuirfí moltaí i bhfeidhm. B'fhéidir gur b'shin bealach amháin, is dócha, lena chinntiú nó lena dhéanamh níos éasca domsa mar Choimisinéir go gcuirfear i bhfeidhm iad.