Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:15 pm

Mr. Colm Ó Coisdealbha:

B'fhéidir go gcuirfidh mé leis sin ar feadh nóiméad. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn againne ná nuair a fhaighimid gearán, bíonn orainn breathnú an bhfuil dualgas ann nó nach bhfuil. Sa chás nach bhfuil dualgas caithfimid comhairliú don ghearánach nach bhfuil aon dualgas. An rud atáimid ag feiceáil níos minice ná nuair atá rudaí téagartha ag teacht chun cinn, rudaí tábhachtacha, a fháil amach an bhfuil dualgas ann. Minic go maith, mar shampla, i gcás cúrsaí oideachais, tugaimid faoi deara go bhfuil níos mó ceangail agus dualgais i gceist san Acht Oideachais, b'fhéidir, ná mar atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar tá an scéim teanga don Roinn Oideachais agus Scileanna réasúnta teoranta. Ní hé nach bhfuil rudaí maithe iontu. Bíonn rudaí maithe i chuile scéim. Ní léir, áfach, go bhfuil aon chomóntacht nó go bhfuil aon phlean lárnach ag dul i dtreo céard atáthar ag iarraidh a bhaint amach anseo.

Cén treoir mar státchóras a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt? Ó thaobh na seirbhísí a chuirfear ar fáil, cén caighdeán a bheidh ag na seirbhísí sin? Cén chaoi gur féidir le saoránach ar bith a bheith cinnte faoin leibhéal seirbhíse a chuirfear ar fáil? Táimid ag rá, is dóigh go pointe áirithe, gur deis atá anseo. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an Acht. Is deis atá ann chun foghlaim ón méid atá ag teacht chun cinn agus iarracht dul agus cleachtadh níos fearr a leagan síos. Táimid ag rá mar chuid de sin, ámh, díreach mar atá pleananna eile forbartha i réimsí eile, go dteastaíonn plean i leith soláthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus ní hamháin sin ach go mbeadh dualgas reachtúil a leithéid de phlean a ullmhú agus sa bhreis air sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin chuile chúig bliana sa chaoi is gur próiseas leanúnach a bheadh ann. Tá a mhacasamhail in áiteanna eile: b'fhéidir plean gnímh atá iontu i ndlínsí eile ach tá siad ann. Leagtar amach ansin córas. Tuigeann daoine cá bhfuil muid ag dul.

Faoi láthair leagtar dualgais ar eagraíochtaí chun rudaí a dhéanamh. Uaireanta bíonn sé sin ina fholús. Tá chuile dhuine ag aontú plean ag leibhéal na heagraíochta féin ach níl aon cheo dul i dtreo mórsprioc agus feictear dúinn gur deis atá ann é sin a leigheas agus an t-athbhreithniú seo ar siúl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.