Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
4:05 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An n-aontódh an finné gur féidir méid áirithe a chur i mBille, ach is cuma cé chomh maith is atá reachtaíocht, reachtaíocht faoi mhíchumas nó faoi rud ar bith, agus nach dtarlóidh aon rud mura bhfuil toil an Rialtais ann chun é a chur i bhfeidhm?
In go leor cásanna, thug na heagrais Stáit neamhaird ar an reachtaíocht agus thug siad neamhaird ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bhí aontaithe ag an Rialtas. Thug siad an dá mhéar don Rialtas agus don Oireachtas. An mbeadh sé fíor a rá freisin, le hais mar shampla, de réir mar a dhéanfadh an tOmbudsman cinntí agus moltaí, arís ar ais nár glacadh ann dáiríre? Níl mé ag cáineadh ceachtar den bheirt a bhí mar Choimisinéirí Teanga. Níor glacadh leis na breithiúnais a thug siad ar an gcaoi chéanna is a dhéanfaí a ghlacadh dá mba an tOmbudsman ginearálta a rinne an breithiúnas céanna. Arís ar ais tá go leor leor cásanna go ndearnadh neamhaird ar mholtaí an Choimisinéara Teanga.
No comments