Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is í Roinn an fhinné an Roinn atá freagrach. Déanann an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil ó thaobh neamhghéilliúlachta, or non-compliance, leis an Acht. Cuireann sé é sin ar aghaidh chuig an Aire sinsearach sa Roinn. Tá neamhghéilliúlacht i 40% de na Ranna agus na heagraíochtaí Stáit. Níl scéimeanna teanga acu. An bhfuil náire ag an bhfinné go bhfuil an leibhéal gheilliúlachta, nó an méid eagraíochtaí Stáit a bhfuil scéim teanga acu, chomh íseal sin? An nglacfaí leis sin i leith aon dlí eile sa tír?