Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Mr. Seán Ó Coisdealbha:

Ba mhaith liom an chéad cheist a thógáil. Is dóigh liom go raibh naoi gceist ann san iomlán. Ní cheapaim go bhfuilimid ag iarraidh a bheith uaillmhianach ar chor ar bith. Níor mhaith liom go gceapfadh éinne go bhfuilimid uaillmhianach. B'fhéidir gur cheart dúinn smaoineamh taobh amuigh den bhosca, mar a deirtear. Níor cheart go mbeadh chuile dhuine ag ceapadh go dtiocfaidh sé seo amach as buiséad an údaráis. Is dócha gurb é leathanach 38 mar cheann de na leathanaigh is tábhachtaí sa cháipéis. Déantar comparáid ar an leathanach sin leis na heagraíochtaí atá ag feidhmiú i mBéarla don óige. Creidim gur cheart dúinn go dlisteanach bheith ag fáil airgid go díreach as an bhfoinse céanna is atá na macasamhail eagraíochtaí Béarla, seachas bheith ag dul i gcónaí chuig tobar amháin. Is é sin an céad rud. Is ceart é sin. Is minic go gcuirtear brú ar bhuiséad teoranta as na foinsí sin. Tá mé ag seasamh suas don údarás nuair a deirim é sin. B'fhéidir go leagann leathanach 38 amach an teachtaireacht is suntasaí atá againn. Ba cheart go mbeadh airgead curtha ar fáil do na réimsí obair óige sna ceantrachta Gaeltachta is atá ag na macasamhail atá ag feidhmiú i mBéarla.

Braitheann ceist na pleanála teanga ar na daoine óga as na ceantair éagsúla. Tá réigiúin áirithe le pleananna teanga acu. I gcás réigiún amháin lena bhfuil Muintearas ag plé - Ceantar na nOileáin - tá áthas orm a rá go bhfuil ról lárnach ag daoine óga sa phlean ansin. Beidh an plean sin foilsithe go luath. Ceapaim go bhfeicfear ansin an fianaise go raibh ról lárnach ag daoine óga sa phlean. Mar is eol do Iseult agus Dómhnall, cuireann Muintearas béim i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le glór na ndaoine óga. Tá sé sin le feiceáil i bplean Ceantar na nOileáin, lena bhfuilimid ag plé. Níl a fhios agam faoi na ceisteanna eile maidir le clubanna óige, srl.