Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Máirín Nic Fhionghuin:

B'fhéidir gur féidir liom cúpla ceann a fhreagairt. Luaigh an Seanadóir na coistí pleanála teanga. Thart ar bliain ó shin, rinne mé cur i láthair le go leor de na coistí faoi na seirbhísí óige a chuireann muid ar fáil. Ag na cruinnithe réigiúnacha, bhuail muid le go leor de na daoine atá ag plé le cúrsaí pleanála teanga nó atá ar na coistí. Dúirt cuid acu nach raibh aon eolas acu go dtí sin go raibh a leithéid de thaighde ar siúl ag Muintearas agus go mbeadh sé úsáideach dóibh dá mbeidís curtha ar an eolas beagáinín níos túisce ná sin. Nuair a thosaigh muid ag plé leis an taighde, chuaigh muid tríd na teagmhálaithe a bhí againn, mar shampla, tríd na scoileanna. Ní gá go mbeadh coistí pleanála teanga luaite go sonrach ansin. Bhí siad luaite i roinnt ceantair, ach ní mar sin a bhí i gach ceantar. Bhí cúpla duine ag clamhsán nach raibh Údarás na Gaeltachta tar éis iad a chur ar an eolas go raibh a leithéid de rud ar siúl ag Muintearas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.