Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe, ina measc beirt a bhíonn anseo go rialta. Cuirim míle fáilte roimh an mbeirt nua, Iseult Ní Fhoighil agus Dómhnall Ó Braonáin. Tá an staidéar seo iontach tábhachtach. Is dócha go leagann sé méar ar rudaí gur eol dúinne a bhíonn ag dul isteach agus amach ón nGaeltacht go rialta. Tá sé go maith go bhfuil na fírící againn le seasamh leis. Molaim iad siúd a rinne an obair leis an staidéar seo a chur le chéile.

Bíonn an Cathaoirleach ag cur brú orm ceisteanna a chur i gcónaí. Tá cúpla ceist réitithe agam. Is dócha gurb í ceist an bhuiséid an cheist mhór. Tá Muintearas ag caint ar bhuiséad uaillmhianach de €495,000 sa chéad bhliain agus €690,000 sa dara bliain. Chuala muid i gcáinaisnéis an lae inniu nach mbeidh ach ardú de €2.5 milliún ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Níl a fhios agam cé chomh dóchasach is a bheadh na finnéithe ó thaobh an bhuiséid sin a aimsiú. Céard iad na foinsí ar a bhfuil lucht Muintearas ag brath? An bhfuil siad ag brath go huile is go hiomlán ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta? Má tá, an bhfuil siad dóchasach go dtiocfaidh siad ar an airgead?

Labhair Máirín Nic Fhionghuin faoi sheirbhísí comhairleoireachta, ábhar a tháinig chun cinn i nGaillimh roinnt mhaith uaireanta le déanaí. Bhí Youth Work Ireland, go háirithe, ag clamhsán nach raibh siad in ann fiú leanacht le seirbhísí i gcathair na Gaillimhe. Ba bhreá leo bheith in ann seirbhísí comhaoirleoireachta a chur ar bun i gConamara, ach airgead a fháil. Cé chomh tábhachtach is atá sheirbhísí comhairleoireachta don dream óg atá i láthair agus a gcomhaoisigh sa scoil?

Ba mhaith liom ceist a chur maidir le ionadaíocht óige sa cheannaireacht ar an rud seo ar fad. An raibh ról ag an dream óg ó thaobh an tuairisc a chur le chéile, ó thaobh an ceannasaíocht agus ó thaobh an coiste a bhí ann? Cén ról atá acu sna clubanna atá bunaithe? An bhfuil siad ar an gcoiste agus mar sin de? Cén tábhacht atá ann go mbeadh daoine óga istigh i lár an aonaigh ag déanamh cinnithe maidir le céard atá ag tarlú ó thaobh na clubanna?

Tá córas iompair tuaithe againn i gConamara. Tá an córas, Bealach, an-teoranta ós rud é go bhfuil an buiséad an-íseal. An mbaineann na heagraíochtaí aon úsáid as an gcóras iompair tuaithe sna Gaeltachtaí éagsúla? Níl a fhios agam conas mar atá cúrsaí i gConamara. Tá a fhios agam go raibh clubanna dornálaíochta, mar shampla, ag baint úsáide as. An bhfuil Muintearas ag caint leo siúd atá bainteach leis an gclár iompair tuaithe sna ceantracha éagsúla ó thaobh úsáid an córais sin?

Tá na pleananna teanga á réiteach sna ceantracha éagsúla. An bhfuil Muintearas páirteach mar chuid den phróiseas comhairleach? Tuigim go bhfuil baint ag Muintearas leis an bplean atá á réiteach i gCeantar na nOileáin, mar shampla. An raibh Muintearas ar na coistí comhairleach sna ceantracha eile? An bhfuil lucht Muintearas ag sníomh le chéile an méid atá á rá acu anseo agus an méid atá ag teacht chun cinn sna pleananna?

Ó thaobh óige na Gaeltachta, cén foireann go díreach atá ag Muintearas i láthair na huaire? Tá sé ráite go mb'fhéidir go ndéanfar oifigigh forbartha eile a earcú. Cén obair bhreise a bheadh ar bun ag na hoifigigh sin, seachas an dream atá ar an talamh cheana féin? Cén difríocht a bheadh san obair idir an dá dream?

Tá ceisteanna móra curtha agam. Tá an taighde thar a bheith tábhachtach. Cheapfainn go mbeimid ag iarraidh bheith ag tacú leis. Bheinn imníoch maidir le cúrsaí maoinithe i gcomhthéacs an easpa maoinithe atá ar fáil do na pleananna teanga i láthair na huaire. Tá teorainn de €100,000 ar an maoiniú atá ar fáil do chuile phlean. Níl rudaí ag breathnú dóchasach. Is dóigh liom go dtacóidh an coiste seo i bprionsabal leis na rudaí atá Muintearas ag iarraidh a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.