Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ach cúpla ceist agam. Gabhaim buíochas as an chur i láthair. Tá an-chuid eolas ann. Ó bheith ag éisteacht leis na ceisteanna eile, tá freagra faighte agam ar chuid den na ceisteanna a bhí agam. Teastaím díriú isteach, ar feadh nóiméad amháin, ar an dá ghrúpa sin - an dá mhargadh - an 200,000 leis an Ghaolainn agus an 4 milliún. An rud a thuigim ná go bhfeiceann TG4 go bhfuil an fás is mó le fáil sa 4 milliún agus go bhfuil sé ag díriú orthu. Cén áit a bhraitheann na finnéithe go bhfuil an fás i ndán do TG4? Conas a bheadh a fhios acu? Cá bhfuil an cut-off point nuair a bhraithfidís "gosh, táimid imithe i bhfad ró-fháda ón Ghaeilgeoir go dtí an dream eile"?

Ceann de na spriocanna a bhí ar leathanach 1 den tuairisc Indecon ná an sciar margaidh atá ag TG4 a choimeád. Tá an-chuid luaite ansin maidir le peil na mban agus spórt. Tá suim agam díriú isteach ar an sciar margaidh a bhí ag TG4 leis an "Seó Spóirt". Tá an scéal tagtha chugam ó angles éagsúla go raibh go leor daoine míshásta nuair a stopadh leis sin. An bhfuil TG4 ag teacht salach ar an sprioc sin nuair atá a leithéid de chlár sin á chaitheamh uaidh? Conas a thiocfaí ar a leithéid de chinneadh chun rud a bhí ag eirí chomh maith leis sin ar feadh na blianta a chur ar leataobh? Tá sé soiléir go bhfuil bearna ann, fiú mar a luaigh na finnéithe, do seó anailíse ar an Aoine roimh cluiche pheil na mban ag an deireadh seachtaine - agus anailís an-informed a bheith ann. Conas a thiocfaí ar a leithéid de chinneadh? Nach bhfuil sé sin ag teacht salach ar an bplean chun sciar margaidh a choimeád?

Tá éileamh ansin chomh maith ar bhreis acmhainní agus breis airgid chun dul chun cinn. Cad go díreach a dhéanfadh TG4 leis dá bhfaighfeadh sé é? Cad é an plean? Cad atá i ndán?