Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Maidir leis an straitéis twin pole, níl aon dabht ach go bhfuil an dá dhream i dteannas a chéile. Tá slat tomhais éigin ann - Fios Físe. Tá a fhios againn go díreach cén sórt rudaí a bhfuil daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain ag breathnú air.

Mar a deirim, breathnaíonn siad - uimhir a haon - ar "Nuacht TG4" agus - uimhir a dó - ar "Ros na Rún". Is léir ó na TAM ratings gur ar éigean go bhfuil "Nuacht TG4" le feiceáil. Níl "Ros na Rún" chomh láidir le roinnt de na cláracha eile go náisiúnta. Caithfimid glacadh leis an straitéis twin pole. Chonaic mé nár éirigh leis an straitéis "straight-down-the-middle" a bhí ag TG4. Ba cheart glacadh leis go mbeidh an seans seo ann agus go gcaithfear cothromaíocht a choinneáil. Ní aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta faoin straitéis nua atá ag TG4. Is cinnte go bhfuilimid ag iarraidh fás a chur ar an sciar náisiúnta. Is ar éigean gur féidir linn fás a chur ar an sciar lucht labhartha na Gaeilge, ach táimid ag iarraidh go mbeidís níos sásta agus níos sásta fós. Déanfar iarracht an dá pole sin a choinneáil ina seasamh i gcaitheamh na cúig bliana atá romhainn. Beidh siad in aghaidh a chéile cuid den am, ach ní mar sin a bheidh i gcónaí. Is cinnte go raibh an dá chuid - an croí-lucht féachana agus an lucht féachana náisiúnta - ag breathnú Dé Domhnaigh seo caite, mar shampla. Beidh roinnt rudaí eile á dheánamh againn freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.