Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Is chuimhin liom fear a bhí aithne agam air amuigh san Airgintín. Rinne mé obair dheonach leis tráth. Ní mhaireann sé anois. An tAthair Liam Ó hAodha an t-ainm a bhí air. Bhí obair iontach ar siúl aige ansin. Bhí dhá Cheshire Homes aige san Airgintín. Bhí dinnéar i dTeach Laighin againn ag céiliúradh tar éis na blianta a bheith caite aige ag obair agus mar sin de. Bhailíomar cúpla punt dó ar an oíche freisin. Ar an ócáid sin is cuimhin liom go raibh clár faisnéise a rinne TG4 faoi - nó a rinne comhlacht éigin do TG4 faoi - ann agus thaispeánamar é anseo do na 140 nó 150 duine a tháinig isteach. Bhí mé an-tógtha leis. Is é sin an sórt rud a dhéanann TG4. Bheadh cainéal eile ag fanacht ar an "angle", mar a dhearfá. I am generalising, mar a deirtear, ach fair play do TG4 go bhfaca sé an scéal. Bhí Gaeilge ag an bhfear agus bhí suim mór aige inti, dar ndóigh. Chabhraigh sé sin go mór leis an scéal. B'in an chéad uair gur tuigeadh dom go raibh bearna sa mhargadh agus go raibh TG4 ag iarraidh é a líonadh. Sin a cheap mé ag an am ar aon nós, so fair play do TG4. Go n-eirí leis lena chuid oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.