Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Pádhraic Ó Ciardha:

Tá rud amháin an-simplí faoi seo. Mar a dúirt an t-ardstiúrthóir ag an tús, murab ionann agus craoltóirí eile, is eagras an-bheag é TG4. Is é sin le rá go mbeadh an seans céanna go gcasfadh na daoine a dhéanann cláir dúinn linn ag an stáisiún peitril nó ag an mhargadh agus go gcasfadh siad linn ag cruinnithe móra comhlachta. Maraon leis an bhfoilsitheoir craoltóireachta, tá na comhlachtaí neamhspleácha sin lonnaithe sa bpobal. Tá suimeanna éagsúla ag an bpobal. Níl chuile duine in ann dul go dtí an Ceolarás Náisiúnta chuile oíche. Níl chuile duine ag iarraidh bheith ag éisteacht le rac-cheol. Faightear amach go bhfuil snáitheanna eile sa mbréidín iontach seo atá againn mar shochaí. Tá daoine ann ar mhaith leo ceol tíre. Le scór bliain anuas ní raibh sé faiseanta é sin a rá in áiteanna poiblí. Tá an t-éileamh sin ann. Níl ar dhuine ach breathnú ar aon halla damhsa i lár an tráthnóna. Bíonn daoine ag damhsa agus iad ag ól cupáin tae.

An té nach bhfuil láidir, caithfidh sé bheith glic. Tugtar faoi deara go bhfuil éileamh ar na rudaí seo. Ní féidir le haon chraoltóir seirbhíse poiblí freastal ar an bpobal mura bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi mianta an phobail. Ní bheadh sé nó sí ag comhlíonadh a chuid dualgais mar is ceart. Tá sé sin fíor faoi pheil na mban agus tá sé fíór faoi "Ceol Tíre". Tá sé fíor faoin gceol traidisiúnta freisin. Nuair a bhí mise i mo fhear óg ba é an bealach a dtiocfadh ceoltóir traidisiúnta ar an teilifís ná go dtabharfadh go Bhaile Átha Cliath é. Cuirfeadh smideadh air, cuirfeadh isteach i stiúideo é faoi shoilse gléigeala. Scanródh an saol as an bhfear bocht nó as an mbean bhocht. D'fhág sé sin go raibh sé stromptha. Roghnaigh muid bealach níos simplí. Thug muid an ceamara amach go dtí an ceoltóir. Má bhí sé ag casadh sa teach tábhairne, sa bhaile nó sa tspéipeal, thaifeadadh ansin é. Níl mé ag rá go bhfuil sé doiligh na rudaí seo a oibriú amach ach caithfear go mbeadh misneach ag an gcraoltóir. Nuair atáthar beag, tá deis ann rudaí a dhéanamh ar bhealach nuálach. Ní eiríonn le gach rud ach baintear triail as rudaí. Tá riosca i gceart. Muna n-eirítear, tugtar faoi rud éigin eile. Mar a dúirt an t-ardstiúrthóir, dírímid ar spórt den uile chineál agus ceol den uile chineál - traidisiúnta, clasaiceach agus tíre. Is scéalaithe iad muintir na hÉireann le 3,000 bliain. Níl sa teilifís ach scéalaí de chineál eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.