Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh chuile ball. Bhíomar i dtrioblóid maidir le quorum ach tá ceathrar againn anois so is féidir linn tús a chur leis an chruinniú. I dtús báire, cuirim fáilte chroíúil roimh na trí thoscaireacht atá os comhair an choiste - Raidió na Life, Raidió na dTreabh as mo chathair féin, agus Raidió Fáilte ó Bhéal Féirste. Tá a fhios agam go raibh turas fada acu agus tá súil agam nach mbeadh siad ró-dheireanach ag dul abháile ach go mbeidh siad ag dul abhaile beagáinín níos sásta ná mar atá siad anois. I dtús báire tá rud le léamh maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh 2009.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Cléireach an Choiste. I dteanga simplí, ní mór do na finnéithe bheith cúramach lena bhfocal. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Peadar Tóibín, ón tSeanadóir Rónán Mullen agus ón tSeanadóir Brian Ó Domhnaill. De ghnáth bíonn siad anseo ach ní raibh siad in ann freastal ar an chruinniú inniu. Tósóimid leis an toscaireacht ó Bhéal Féirste.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Is mise bainisteoir Raidió Fáilte agus tá Eoghan Ó Néill Uasal, atá ina iriseoir sinsearach linn, agus Máire Nic Fhionnachtaigh Uasal, atá ina hoifigeach forbartha agus leas-bhainisteoir, liom. Táimid an-bhuíoch as bheith anseo. Táimid ag iarraidh a mhíniú don choiste caidé mar atá cúrsaí sa Tuaisceart maidir leis na meáin cumarsáide craolta Gaeilge. Is í an chúis atá leis an rud ar fad ná go bhfuilimid ag iarraidh pobal le Gaeilge a thógail sa cheantar. Go ginearálta, táimid ag éirí go maith le cúrsaí sa Tuaisceart agus i mBéal Féirste. Mar chuid de sin, tá na meáin cumarsáide an-tábhachtach. Amharcaimid orainn féin mar chuid den athbheochan sin agus mar chuid den phobal atá ag fás sa cheantar.

Sa chomhthéacs sin, tá fadhb ann maidir le líon na meán cumarsáide atá ann. Taobh amuigh de na meáin chumarsáide craolta, bhí agus Lá Nuafoilsithe againn ar feadh tamall. Bhí muid féin, Mr. Ó Neill go háirithe, agus daoine eile ag obair air sin le blianta fada. Ansin, tháinig Raidío Fáilte ar an domhan tamall fada ó shin agus fuair muid ceadúnas deich mbliain ó shin. Sa Tuaisceart, is féidir Raidió na Gaeltachta agus TG4 a fháil i bhformhór an réigiúin, ach tá deacrachtaí i gceantair áirithe. Maidir leis na soláthraithe a fhaightear sa Tuaisceart, craolann BBC Raidió Uladh seó amháin i nGaeilge gach lá le linn na seachtaine ar feadh leathuair agus craoltar seó dátheangach ar feadh uair a chloig ar an Satharn agus ar an Domhnach. Tá Raidió Fáilte beagnach taobh amuigh den rud agus is sin an méid. Bíonn clár teilifíse Gaeilge ar an BBC níos lú ná deich n-uair sa bhliain. Ní féidir a rá go bhfuil mórán ann maidir le teilifís a dtagann ón Tuaisceart féin.

Ar bharr air sin tá Raidió Fáilte, a chraolann 24 uair gach lá sa tseachtain. Tá ceadúnas againn ón údarás craoltóireachta Ofcom. Tá rialacha aige a deir nach bhfuil cead againn craoladh níos faide ná cúig chiliméadar. Táimid teoranta go dtí chathair Bhéal Féirste. Ba mhaith liom a rá nach dlí atá ann ach riail de chuid Ofcom agus is féidir leis é a athrú más mian leis. Ciallaíonn sin go bhfuil Raidió Fáilte le cluinsint ar na haertonntaí i mBéal Féirste, ach níl sé le cluinsint taobh amuigh de. Ar ndóigh, bímid ar an idirlíon so is féidir le daoine éisteacht linn ar líne, ach faighimid gearáin go rialta ó daoine a bhíonn ag obair i mBéal Féirste. Bíonn siad ag tiomáint abhaile ag éisteacht le Raidió Fáilte agus ansin nuair a fhágann siad an cathair, cailleann siad an stáisiúin. Táimid maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim raidió pobail, mar atá Raidió na Life. Faighimid airgead ón Irish Language Broadcast Fund, ILBF, an ciste craoltóireacta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Táimid fíor-bhuíoch do Fhoras na Gaeilge agus an ILBF as an maoiniú sin.

Maidir leis an dóigh ina n-oibrímid, tá croífhoireann de thart ar seachtar againn atá fostaithe go lánaimseartha. Tá thart ar cúigear ag obair go páirtaimseartha. Deirim "thart ar" mar oibríonn daoine uaireanta difriúla. Chomh maith leis sin, tá foireann láidir de oibrithe deonacha againn. In aon tréimhse amháin bíonn líon de 40 ag teacht isteach go rialta. Tugaimid traenáil do na daoine sin agus ansin tugaimid foireann daoibh agus tagann siad isteach chun na seónna a dhéanamh. Tá caighdeán an-ard bainte amach ag na craoltóirí agus na craoltóirí deonacha. Tá roinnt duaiseanna bainte againn mar gheall air sin.

Soláthraímid sceideal leathan. Ní stáisiúin faoi choinne daoine óga ná seandaoine amháin muid. Soláthraímid sceideal iomlán a chlúdaíonn cursaí spóirt, cúrsaí nuachta, cúrsaí reatha, na healaíona, cúrsaí litríochta, ceol agus araile. Téimid trasna. Toisc gur muidne an t-aon stáisiúin a chraolann an t-am ar fad, soláthraímid sceideal leathan. Mar a dúirt mé, tá caighdeán maith ar an rud.

Déanaimid obair trasphobal agus sa Tuaisceart tá sé sin an-tábhachtach. Táimid ag freastal ar gach duine sa chathair a bhfuil suim aige nó aici sa Ghaeilge. Mar atá fhios ag an choiste, fadhb amháin atá againn ná go raibh an Ghaeilge ceangailte le thaobh amháin den phobal go stairiúil. De réir chuid mhaith duine, ní mar sin atá sé anois. Tá sé ag leathnú amach. Tá muidne ag déanamh obair tábhachtach sa ghné sin. Mar stáisiúin raidió, tá daoine ábalta muid a chluinsint cibé áit sa chathair ina gconaíonn siad. Táimid abálta freastal ar dhaoine ó gach cúlra agus gach aoisghrúpa. Sa chomhthéacs sin, táimid ag obair go leanúnach le baill den phobal Protastúnach nó aontachtach agus leis na pobail eitneacha, go háirithe leis an phobal Pólannaigh, chun iad a mhealladh go dtí an cultúr agus an teanga. Is é sin, go ginearálta, an cineál oibre a dhéanaimid. Tá plean forbartha againn.

Táimid ag tógáil foirgnimh úir faoi láthair. Thosaigh oibreacha tógála mí ó shin. Beidh áit ann. Ag an am seo den bhliain seo chugainn tá súil againn go mbeidh sé críochnaithe. Cuirimid fáilte roimh gach comhalta den choiste teacht agus cuairt a thabhairt air. Is ionad úr Gaeilge saindeartha ina mbeidh roinnt stiúideonna craolacháin, seomraí agus stiúideo traenála, áit faoi choinne an phobail agus na turasóireachta agus araile. Is foirgneamh mór é, le ceithre urlár, congárach do lár Bhéal Féirste. Is ionad úr tábhachtach é. Athraíodh sé saol na Gaeilge i mBéal Féirste agus, cinnte, saol craoltóireachta na cathrach. Tá súil againn go mbeimid ábalta cur leis an méid oibre atáimid a dhéanamh ansin. Táimid an-bhuíoch do Chomhairle Cathrach Bhéal Féirste, an Roinn Pobal sa Tuaisceart agus an Ciste Infheistíochta Gaeilge sa Tuaisceart as an airgead a bhfuair muid chun é sin a thógáil.

Sin an pictiúr mar atá maidir le Raidió Fáilte. Ní choinneoimid an choiste i bhfad eile. Maidir leis na fadhbanna, má tá an coiste ábalta cuidiú linn le tionchar a imirt ar Ofcom nó cibé dream ar an rud seo beimid buíoch. Ceann de na fadhbanna is mó atá againn ná an limistéar cúig chiliméadar craolacháin. Táimid ag caint le hOfcom fadúda sin le tamall fada. Tá an dream áitiúil de chuid Ofcom i mBéal Féirste an-bháúil. Tuigeann siad tábhacht an rud a dhéanaimid. I Londain, ní thuigeann siad é ag an leibhéal céanna. Táimid ag iarraidh brú a chur orthu le go ligfidh Ofcom muid craoladh níos faide ná an limisteár cúig chiliméadar sin. Tá Ofcom ag amharc ar na rialacha agus tá sé ag caint faoi na rialacha a athrú ach tá sé ag rá nach mbeidh athrú suntasach ar an limistéar craolacháin. B'fhéidir go ligfidh sé muid píosa beag níos faide a chraoladh, ach ní ligfidh sé muid dul a fhad le Baile na Manach, Iúr Chinn Trá nó na háiteanna sin ina bhfuil éileamh ann. Rinne muid suirbhé agus tá cuid mhaith daoine ag iarraidh muid a chluinsint - daoine atá ag obair sa chathair, mar a dúirt mé. Sin rud amháin atáimid ag iarraidh agus má tá an choiste ábalta labhairt le hOfcom nó tionchar a imirt air, beimid an-bhuíoch.

An rud eile, agus is dóigh go gcluineann an coiste sin ó gach duine, ná cúrsaí airgid. Mar a dúirt mé, tá mé an-bhuíoch go bhfuilimid ag fáil airgid ó Fhoras na Gaeilge agus ón ILBF agus airgead beag eile ó eintitis eile chomh maith, ach leis an dóigh a bhfuil sé faoi láthair le ciorruithe agus araile, tá neamhchinnteacht ina chúis buairimh i gcónaí. Táimid ag iarraidh go dtabharfaidh an Rialtas Thuaidh agus Theas tuilleadh airgid do Fhoras na Gaeilge, go háirithe sa chás seo maidir leis an scéim raidió phobail, agus don ILBF chomh maith sa dóigh agus go mbeidh cinnteacht ann go rachaidh an maoiniú sin ar aghaidh. Bíonn neamhchinnteacht leis an airgead sin. Caithfidh an ILBF teacht ar ais agus argóint a dhéanamh gach uair nuair a ritheann an t-airgead amach. Táimid ag iarraidh cuidiú leis sin.

Tá Raidió Fáilte ag soláthar seirbhís raidió i nGaeilge atá feidhmiúil agus cost-éifeachtúil. Maidir leis na staitisticí, bhí Ms Ní Fhionnachtaigh ag obair ar na figiúirí seo. Tá Radio nan Gàidheal in Albain ag fáil thart faoi £100 an duine. Tá Radio Cymru ag fáil £32 mar gheall ar líon na gcainteoirí san áit. Faigheann Ráidió Fáilte £6 an duine. Táimid ag déanamh obair an-mhaith ar airgead beag. Táimid ag soláthar seirbhís atá feidhmiúil agus cost-éifeachtúil, ach leis an bhuntaiste is fearr a bhaint as an múnla seo táimid ag iarraidh go mbeadh maoiniú cinnte fádtéarmach agus go mbeadh méadú ar an limistéar craolacháin atá againn.

5:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. An bhfuil Ms Nic Fhionnachtaigh nó Eoghan Ó Néill Uasal ag iarraidh aon rud a rá?

Mr. Eoghan Ó Néill:

Ba mhaith liom pointe amháin a dhéanamh más féidir liom. Is é an príomhchuspóir atá againn ar fad, ní hamháin ag Raidió Fáilte, ná pobal Gaelach a thógáil. Chuige sin, is gá infheistíocht a dhéanamh sna heagraíochtaí, sna fiontair agus na hinstitiúidí atá pobal-bhunaithe agus atá éifeachtach ag leibhéal an phobail. Chuige sin, níl muid i dteideal airgid nó maoiniú breise nó cibé rud toisc go bhfuilimid ann, táimid i dteideal airgid nó maoiniú cuí de thairbe na hoibre a dhéanaimid. Cím an ceist faoi Fhoras na Gaeilge ná go bhfuil an tuairim ann nach bhfuil ná hacmhainní ag an fhoras le bheith ag freastal ar an éileamh atá ann, Thuaidh ná Theas. Ba mhaith liom an pointe sin a shoiléiriú. Ar bhealach éigin ba mhór an chuidiú dá mba rud é go raibh buiséad níos fearr ná níos cinntí ag Fhoras na Gaeilge le gur féidir leis cur leis an obair atá ar bun aige.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud le rá ag Ms Nic Fhionnachtaigh?

Ms Máire Nic Fhionnachtaigh:

Níl ag an bpointe seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rachaimid ar aghaidh go cathair na dtreabh agus Raidió na dTreabh. Táim beagáinín claonta anseo. Gabh mo leithscéal ach thaisteal siad.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ar an gcéad dul síos gabhaim buíochas leis an gcoiste thar ceann choiste Raidió na dTreabh agus thar ceann na n-éisteoirí as an deis seo a thabhairt dúinn teacht ina láthair le cur síos ar an dúshlán is mó atá romhainne mar chraoltórí pobail Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Is mór an pribhléid dúinn an obair mhaith atá ar bun againn sa gcathair le breis agus bliain a chur ina láthair. Ní hionann an scéal atá againne agus scéal Raidió na Life nó Raidió Fáilte go beacht, ó tharla nach stáisiúin iomlán FM muidne fós agus nach bhfuilimid ach bliain ar an bhfód le hais Raidió na Life, atá 20 bliain ar an bhfód, agus Ráidió Fáilte, atá 18 bliain ar an bhfód anois.

Bunaíodh Raidió na dTreabh os cionn bliain ó shin. Reáchtáil muid cruinniú poiblí in Áras na nGael agus bhí tuairim is scór duine i láthair aige sin, idir chraoltóirí, iriseoirí, mhic léinn agus pholaiteoirí as Gaillimh. Ba í an sprioc a bhí againn ná stáisiúin pobail FM a fhorbairt a bheadh in ann sceideal iomlán a chur ar fáil do phobal Gaeilge na Gaillimhe, macasamhail Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Féirste. Táimid múnlaithe ar an dá stáisiún eile sin.

Coicís ina dhiaidh an chruinnithe tosaigh sin, thosaigh ceathrar ag craoladh agus bhí dhá phodchraoladh in aghaidh na seachtaine ar fáil ar-líne. Tá 30 duine anois ag craoladh dhá uair a chloig in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain, agus tá na céadta duine ó fud fad na tíre ag éisteacht leis na cláir atá á gcur ar fáil ar líne againn.

Chothaigh muid dea-chaidreamh le Flirt FM, stáisiún na mic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón chéad lá riamh a thacaigh linn trí stiúideo a chur ar fáil cúpla uair a chloig in aghaidh na seachtaine, a lig dúinn tús a chur lenar gcraoladh. Ba ghá dúinn feachtas tiomsaithe airgid ar líne a thosú an samhradh seo caite mar gheall ar an fhás sciobtha ar a tháinig ar ár sceideal agus ar ár bhfoireann, go mbeadh muid in ann stiúideo dár gcuid féin a thógáil. Thacaigh os cionn 200 duine leis an bhfeachtas sin inar tiomsaíodh os cionn €8,000. Tá stiúideo sealadach tógtha againn in Áras na nGael i lár na cathrach leis an airgead sin.

Is é an sprioc atá againn na stáisiún FM a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nGaillimh. Chuige sin, táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir rialacha Údarás Craolacháin na hÉireann, cé nach bhfuilimid ar FM go fóill. Tá ardán cruthaithe againn do ghlórtha spéisiúla na cathrach agus do chraoltóirí a bhfuil sainspéiseanna faoi leith acu, chomh maith le cúrsaí reatha agus nuacht áitiúil a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá spéis againn freisin an pobal teanga a fhorbairt, ar bhealach fisiceach, le stáisiúin agus stiúideo a mbaileoidh craoltóirí agus cainteoirí le chéile ann, agus seirbhís a chur ar fáil do lucht éisteachta i nGaillimh agus níos faide i gcéin ar líne.

Ba mhaith linn deis fostaíochta agus taithí oibre a chur ar fáil i nGaillimh freisin. Tá naisc láidre againn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le Flirt FM féin. Tá traenáil á thairiscint againn do chraoltóirí óga agus nua.

Ó thaobh cainteoirí Gaeilge i nGaillimh agus an pobal atá timpeall orainn, de réir Daonáiramh 2011, tá os cionn 30,000 cainteoir Gaeilge sa chathair agus cainteoirí laethúla tuairim is aon trian acu sin. Tá a fhios againn gur tháinig fás ar an uimhir sin i nDaonáireamh 2016, cé nach bhfuil figiúr cruinn againn fós, ach tháinig fás i nGaillimh.

Taobh amuigh den chathair, tá an Ghaeltacht is mó daonra agus is láidre ar leic an dorais againn, de réir Daonáireamh 2011 agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007-2015. Is iomaí cainteoirí Gaeilge ón gcathair atá imithe ar imirce. Creideann muid i Raidió na dTreabh gur féidir linn freastal orthu siúd tríd an stáisiún ar líne. Tá an cathair ina baile seirbhíse Gaeltachta freisin, agus bronnadh stádas dátheangach air i mí Márta seo caite. Anuas air sin uilig is í Gaillimh Phríomchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus tá "teanga" ar cheann de thrí phríomhthéamaí ar chlár na bliana sin. Creidimid go gcuirfidh Raidió na dTreabh go mór leis an mbliain thábhachtach sin don chathair. Táimid den tuairim go bhfuil sé tábhachtach seirbhís áitiúil craoltóireachta a chur ar fáil do mhuintir na cathrach agus ardán a thabhairt do ghnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla a gcuid seirbhísí a thariscint agus a fhógairt trí mheán na Gaeilge. Táimid ag déanamh é sin.

Tá sé léirithe againn le bliain anuas go bhfuil spéis ann sa stáisiún agus go bhfuil tóir ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil. D’fhreastail os cionn 40 duine ar an gcruinniú deireanach eolais a bhí againn agus bíonn na céadta ag éisteacht leis na cláir ar líne chuile sheachtain.

Tuigeann gnóthlachtaí agus comhlachtaí na cathracha anois gur féidir an t-ardán a úsáid le seirbhísí agus eile a fhógairt agus scéalta a scaipeadh agus cuirtear glaoch go rialta ar an stáisiún ag lorg tacaíochta, agallaimh agus fógraíochta.

Maidir le dúshláin, níl ach aon dúshlán amháin dáiríre romhainn faoi láthair. Ní féidir linn tacú leis an bhfás leanúnach atá ag teacht ar an stáisiún ceal airgid agus áiseanna agus ceal tacaíochta eile. Níl bainistíocht lánaimseartha againn. Is í Iníon Uí Chearúil a ritheann an stáisiún ina ham saor féin. Dá bharr sin, níl uaireanta rialta oscailte ag an stiúideo mar ní féidir linn duine a fhostú lena bheith i láthair i gcaitheamh na seachtaine. Beidh an dúshlán seo i bhfad níos soiléire fós i gcaitheamh an tsamhraidh nuair nach mbeidh muid in ann ardchaighdeán agus líon na gclár a chur ar fáil mar a bhí le cúpla mí anuas ceal tacaíocht breise, bainistíocht lánaimseartha agus na craoltóirí a bheith ar fáil don stáisiún.

Beidh orainn freisin uasdátú a dhéanamh ar an gcóras craoltóireachta atá in úsáid againn más mian linn cur leis an sceideal atá á chraoladh faoi láthair againn. Tá sé mar aidhm againn ceadúnas FM a bhaint amach an bhliain seo chugainn. Tá an t-iarratas á réiteach faoi láthair. Beidh orainn suíomh nua a aimsiú don stiúideo a bheidh feilteach agus a luífidh leis na coinníollacha atá ag an BAI do stáisiúin phobail FM. Níl a fhios agam faoi láthair ar bhfaca duine ar bith an stiúideo atá ag Raidió na dTreabh. Tá muid thuas staighre uilig san áiléar in Áras na nGael. Caitheann duine dul suas ceithre cinn de staighrí le dul suas ann. An staighre deireadh suas ag an áiléar féin, tá sé chomh caol le rud ar bith. Ní fhéadfadh muid duine atá i gcathaoir rotha nó, fiú, duine atá faoi mhíchumas eile a chur suas ann. Tá sé deacair dul suas sa stiúideo. Mar sin, teastaíonn áit nua uainn agus níl airgead againn chun é sin a aimsiú nó a chur ar fáil. Tá an stáisiún agus an stiúideo forbartha go bunúsach chomh fada agus is féidir linn ag an bpointe seo gan breis airgid. Mar a dúirt mé, bhailigh muid €8,000 anuraidh le Fund it. Tá go leor dó sin imithe anois. Tá tuairim is €1,500 fágtha againn ó Fund it anuraidh. Tá go leor leor airgid caite. Is ónár bpócaí féin atá cuid den airgead ag teacht leis an stáisiún a rith faoi láthair mar níl aon maoiniú againn lena aghaidh.

Le dul chun cinn a dhéanamh le Raidió na dTreabh, lorg muid maoiniú ón Stát trí bhealaí éagsúla le bainisteoir lánaimseartha agus duine amháin eile páirtaimseartha a fhostú leis an stáisiún a rith, chomh maith leis an gcostas láthair mhaith a aimsiú agus stiúideo feilteach a thógáil ionas gur féidir linn an sceideal a fhorbairt agus ár gcláir a chraoladh. Níor éirigh linn maoiniú a fháil go dtí seo, áfach. Chuir muid isteach ar rud an Fhorais. Tá scéim raidió pobail ann ach níl ach dhá dheis ann: an ceann do Bhaile Átha Cliath atá ag Raidió na Life agus an ceann do Bhéal Feirste atá ag Raidió Fáilte. Níl scéim ann d'aon chathair eile sa tír. Cuir i gcás dá mbeadh duine éigin i gCorcaigh, i Sligeach nó i Leitir Ceanainn ag iarraidh stáisiún pobail Gaeilge a chur ar bun, níl scéim ag an bhForas le freastal air sin. Ní mhaith linn cur isteach ar an maoiniú, ar ndóigh, atá ag na stáisiúin eile. Is dóigh linn go mba cheart go mbeadh airgead breise ar fáil do chathracha eile cosúil linne atá ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh.

Is togra fiúntach é Raidió na dTreabh a bhfuil an iliomad buntáistí ag baint leis. Creidimid go láidir sa bpobal atá á chothú againn leis an stáisiún agus ba mhór againn tacaíocht an choiste seo an stáisiún agus an pobal sin a fhorbairt.

5:20 pm

Ms Emma Ní Chearúil:

Mar dhuine atá ag obair ar an talamh leis an stáisiún, tá sé feicthe agam go bhfuil fás agus forbairt ag teacht go leanúnach mar a dúirt an tUasal Ó Coimín. Tá fuinneamh faoi leith ann. Tá spéis ag daoine agus tá sé fós ag fás. Ba mhór an trua é sórt ceal a chur air sin toisc nach féidir linn tuilleadh forbartha a dhéanamh faoi láthair. Táimid ag pointe anois nach féidir linn dul níos faide gan an tacaíocht breise sin. I ndiaidh an pobal seo a thabhairt le chéile, ba mhór an trua é sin a chailliúint.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Is mise bainisteoir stáisiúin Raidió na Life. Mar is eol don choiste, stáisiún raidió pobail do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath is ea Raidió na Life atá ag craoladh go leanúnach ó 1993. Tá ceadúnas craolacháin deich mbliana, a mhairfidh go dtí 2027, díreach bainte amach againn le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Beimid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer in 2018. Ba é Raidió na Life an chéad eagraíocht chraolacháin lán-Ghaeilge a thosaigh ag craoladh ar na haerthonnta go lánaimseartha i ndiaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta. Thosaigh an stáisiún ag craoladh go lánaimseartha in 1993, trí bliana sular thosaigh Teilifís na Gaeilge, nó TG4, in 1996.

Tugadh cuireadh dúinn bheith anseo chun labhairt faoi na dúshláin a bhaineann le craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge. Curtha go simplí, an dúshlán is mó dúinn ná maoiniú agus easpa acmhainní daonna. Tá tacaíocht airgeadais faighte againn, mar atá ag Raidió Fáilte, go leanúnach ó Fhoras na Gaeilge agus, inár gcás féin, ó Bhord na Gaeilge roimhe, ón uair gur thosaigh Raidió na Life. Ba ionann deontas Fhoras na Gaeilge do Raidió na Life agus €240,000 i mbliana. Ba ionann é agus an tsuim chéanna sin in 2016 agus sin an deontas céanna atá geallta dúinn le haghaidh 2018 freisin. Buiséad beag bídeach is ea é seo i gcomhthéacs na mbuiséad atá ag craoltóirí móra na Gaeilge ar nós TG4 agus Raidió na Gaeltachta.

Íocann an maoiniú seo ó Fhoras na Gaeilge as fhostú na foirne lánaimseartha de thriúr agus beirt fhostaí pháirtaimseartha mar aon lenár bpríomhchostais reatha agus oifige, cé nach gclúdaíonn an deontas sin na costais sin go léir fiú. Bíonn thart ar 100 láithreoir deonach agus uaireanta níos mó ná sin ag craoladh leis an stáisiún ag aon am amháin. Tá bord stiúrtha deonach i bhfeidhm freisin.

Cuireann deontas an Fhorais ar ár gcumas feidhmiú mar atáimid i láthair na huaire ach le brú mór ar an bhfoireann reatha. Táimid an-bhuíoch den Fhoras, mar a dúirt Raidió Fáilte, as ucht a chuid tacaíochta dúinn i gcónaí. Is cinnte nach mbeadh ann do Raidió na Life murach an tacaíocht sin, ach ní leor é. Déanaimid ár ndícheall ar ndóigh agus creidimid go ndéanaimid jab an-mhaith leis an méid atá againn, ach tá géarghá ag an bpointe seo le tuilleadh infheistíochta i Raidió na Life. Tá foireann againn atá paiseanta, tiomanta agus lán de thalann agus de chumas, ach tá brú leanúnach orthu.

Tá fís againn Raidió na Life a fhorbairt ní hamháin mar stáisiún raidió comhaimseartha Gaeilge den chéad scoth a sholáthraíonn seirbhís raidió leathan don phobal Gaeilge, idir chláracha cainte a chlúdaíonn réimse leathan ábhair ó chúrsaí reatha go cúrsaí siamsaíochta agus cláir ceoil de gach uile shaghas stíle faoin spéir, ach chomh maith leis sin mar lárionad cruthaitheach, nó creative hub, do an meáin Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ag obair go háirithe leis an nua-theicneolaíocht.

Le cur le cumas Raidió na Life an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí fós, ar cheann de na moltaí atá á ndéanamh againn, táimid ag moladh gurbh fhiú iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le hinfheistíocht dhíreach a dhéanamh sa stáisiún ar bhonn bliantúil, ag baint leas as céatadán den táille ceadúnais teilifíse faoi mar a dhéantar le RTÉ. An moladh atá á dhéanamh againn ná infheistiú de 0.3% den táille iomlán ceadúnais teilifíse a infheistiú i Raidió na Life gach bliain. Mholfadh muid chomh maith, agus iniúchadh á dhéanamh air seo, go mbreathnofaí ar na stáisiúin eile chomh maith agus stáisiúin phobail i gcoitinne. Chuirfeadh a leithéid seo d'infheistíocht buiséad thart ar €1 milliún ar fáil dúinn. Dá nglacfaí le moladh dá leithéid, bheadh muid ag moladh go ndéanfaí é ar bhonn céimnitheach thar cúpla bliain. Mar shampla, go dtosnófaí le céatadán níos ísle i mbliain a haon - fiú 0.05%. Bheadh sé sin thart ar €150,000 agus d'fhéadfaí é sin a ardú bliain i ndiaidh a chéile go dtí 0.3% thar, abair, thréimhse cúig bliana.

Chruthódh an infheistíocht seo an deis do Raidió na Life poist nua ardscileanna a chruthú in earnáil na craoltóireachta Ghaeilge. Le cruthú na bpost breise ardscileanna seo, chuirfí lenár gcumas líon na gclár raidió d’ardchaighdeán a mhéadú; cur leis an obair for-rochtana a dhéanaimid le scoileanna, grúpaí óige agus grúpaí pobail; agus feabhas a chur ar an gcaighdeán Gaeilge a bheadh le cloisteáil ar an stáisiúin trí chéile. Trí chur lenár gcumas níos mó daoine ardoilte a fhostú, d’fhéadfaimís níos mó daoine le hardchaighdeán Gaeilge acu a bheith ag obair ar bhonn íoctha ar chláir an stáisiúin.

Tá muidne an-bhródúil as ár gcuid oibrithe deonacha agus tá ardmholadh ag dul dóibh. Ar ndóigh, dá fheabhas iad ár gcraoltóirí deonacha, tá caighdeán measctha Gaeilge acu, rud atá ina scáthán ar phobal na Gaeilge trí chéile ar fud na tíre. Is é ár dtaithí go minic ná go mbogann na láithreoirí is cumasaí ó thaobh na teanga agus talann craoltóireachta de ar aghaidh go dtí stáisiúin eile tar éis tamaill. Is iad san stáisiúin ina bhfaighidh siad poist íoctha. Bheadh seans níos láidre againn daoine ardchumasacha dá leithéid a choimeád ach tuilleadh poist íoctha a bheith ar fáil sa stáisiún.

Mar chuid den fhís seo atá againn, ba mhaith linn an stáisiún a fhorbairt mar, mar a deirim, lárionad cruthaitheach, nó creative hub, meán Gaeilge do Bhaile Átha Cliath, ag tógáil ar an obair den tsaghas seo atá á déanamh againn cheana féin.

Chuirfeadh an infheistíocht seo freisin lenár gcumas le hinniúchadh a dhéanamh ar chraoladh i gceantar geografach níos leithne, mar atá á dhéanamh ag Raidió Fáilte sa scrúdú atá á dhéanamh acu siúd faoi láthair. Bheadh gá le hinfheistíocht chuí in infreastruchtúr tharchuradóireachta oiriúnach. Tá spéis againn iniúchadh a dhéanamh ar leithne an cheantair chraolacháin a shíniú amach ach tá sé seo ag brath ar mhaoiniú oiriúnach don tionscnamh ina iomláine. Bheadh sé ag brath chomh maith ar bheannacht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Níl aon amhras ach go dtógfadh sé seo an-chuid ó thaobh acmhainní daonna, airgeadais agus ama de. Bheadh orainn scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí ceadúnaithe éagsúla, na costais a bhaineadh lena leithéid agus mianta an phobail. Is é sin an bhfuil éileamh ann do raidió taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. An tuairim atá againne ná go bhfuil, ach caithfimid taighde struchtúrtha a dhéanamh air sin.

Go hachomair, mar cheann de na heagraíochtaí chraolacháin is bisiúla atá ag treabhadh linn i ngort na Gaeilge, ag cur na teanga chun cinn ar shlí bheoga, fhuinniúil agus phaiseanta, ag imirt dea-thionchar go háirithe ar dhaoine óga i dtaca lena meon i leith na teanga agus ag soláthar deiseanna úsáidte Gaeilge don iliomad duine i suíomh sóisialta taitneamhach agus dinimiciúil, molaimid go ndéanfaí infheistiú stuama i Raidió na Life a chuirfidh ar ár gcumas cur leis an méid atá á dhéanamh againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Creidimid sa chomhthéacs sin gur moladh uiríseal is ea an moladh le 0.3% den táille iomlán ceadúnais teilifíse a leithdháileadh ar Raidió na Life. Creidimid go bhfeicfí toradh ollmhór ar infheistíocht réasúnta beag.

5:30 pm

Mr. Cuan Ó Seireadáin:

Ó thaobh an phobail poitéinsil atá ag an stáisiún, níl figiúirí cruinne againn faoi líon na n-éisteoirí. De réir an daonáirimh ó 2011, áfach, tá 373,706 cainteoir Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá 14,229 acu siúd ina gcainteoirí laethúla. Is é Baile Átha Cliath an contae leis an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge sa Stát. Is pointe an-tábhachtach é sin agus go dtuigfí an comhthéacs ina bhfuil Raidió na Life ag feidhmiú agus na deiseanna forbartha ollmhóra atá ann dúinn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh ceisteanna againn. Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte ar na finnéithe. Tá mé ag ceapadh go bhfuil aithne agam orthu ar fad. Tá mé curtha faoi agallamh ag roinnt acu roinnt uaireanta agus bhí mé curtha in aghaidh an bhalla go rialta. Is maith ann iad leis é sin a dhéanamh. Tréaslaím an obair ar dtús, go háirid an dream atá ar an bhfód le tamall maith de bhlianta. Tá obair na gcapall déanta acu ag treabhadh as an ngort céanna ach is breá an rud an obair nua atá le feiceáil i nGaillimh ó thaobh na hiarrachtaí atá ar bun an stáisiún a chur ar bun ansin. Molaim go mór iad as an obair sin. Níl sé éasca, go háirid nuair nach bhfuil na pingneacha ann. Tá roinnt ceisteanna agam. Bíonn an Cathaoirleach ag cur brú orm go gcaithfidh mé ceisteanna a chur. Mar sin, tá riar ceisteanna agam.

Ó thaobh na Feirste, an mbeidh tionchar ag Brexit ar an stáisiún? Má tá, cén tionchar a bheidh i gceist leis sin? Díreach ó thaobh comhoibriú leis na heagraíochtaí eile, an ceangal le Ofcom agus b'fhéidir an ceangal leis an Irish Language Broadcast Fund, ILBF, nó aon rud mar sin, an mbeidh tionchar ar bith ag Brexit ar an stáisiún ó thaobh maoinithe de nó maidir le comhoibriú, craoladh go praiticiúil nó i dtaobh an teicneolaíocht agus mar sin de?

Idir na stáisiúin ar fad, cén deiseanna comhoibriú atá ann? Cén chaoi is féidir leo oibriú as lámh a chéile? An bhfuil siad ábalta saineolas, trealaimh, daoine agus cláir a roinnt? Céard is féidir a dhéanamh? An féidir leo teacht le chéile ó thaobh traenála agus mar sin de? An bhfuil deis ann le fóram a chur le chéile ansin?

Tá aon duine atá ag craoladh ar FM, agus beidh siad le cúnamh Dé go luath, teoranta ó thaobh FM. Cén craoladh atá ar bun ar an Idirlíon? Is iomaí duine anois nach bhfuil an raidió ar an seandéanamh acu agus a bhíonn ag éisteacht ar an Idirlíon, ar an ríomhaire nó ar an bhfón póca. Cén deiseanna a thugann sé sin do na stáisiúin? An bhfuil siad ar fad ag craoladh ar an Idirlíon? An bhfuil baic nó constaicí leis sin chomh maith céanna?

Ó thaobh tallann a fhorbairt, tá a fhios agam gur luaigh Raidió na Life go mbíonn an tallann á sciobadh uathu ach b'fheidir gur dea-chomhartha é sin. Nuair a bhí muide ag obair ar Ros na Rún fadó, ghlac muid mar shórt dea-chomhartha é go raibh na daoine maithe á dtógáil uainn. Bhraith muid go raibh muid tar éis jab maith a dhéanamh le daoine a chur chun cinn. Caitheann daoine tosú in áit éicint. Ó thaobh fhorbairt tallainne, cad iad na riachtanais atá ag na stáisiúin? An iad láithreoirí, teicneoirí nó lucht eagarthóireachta is mó atá ag teastáil? Cén sórt tallann atá ó na stáisiúin agus cad é an bealach is fearr chun é sin a fhorbairt? Cén cineál foghlama a bhíonn i gceist? An ag foghlaim ar na gcnaipí agus ar an micreafón a bhíonn i gceist? An bhfuil deiseanna traenála ann a bhíonn siad in ann a chur ar fáil do dhaoine? Cén chaoi a n-oibríonn siad sin?

Tá na stáisiúin luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá cuid acu ar a laghad. Níl a fhios agam an raibh Raidió na dTreabh ar an bhfód nuair a bhí an straitéis á scríobh, ach bhí an samhail ann b'fhéidir go mbeadh a leithéid ann. Cén plé atá déanta ag Roinn na Gaeltachta nó an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, fiú, ó thaobh an róil atá le himirt ag na stáisiúin ó thaobh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Cuireadh iontas orm le deireanas nuair a labhair mé leis an Aire, an Teachta Denis Naughten, sa Seanad. Chuir mé ceist air maidir leis an bplé atá ar siúl idir an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus Roinn na Gaeltachta. Ní dóigh liom go raibh cruinniú ná plé ar bith eatarthu. Bheadh sé spéisiúil é a fháil amach. Sílim go bhfuil na stáisiúin luaite go sonrach sa straitéis, mura bhfuil dul amú orm. Cinnte tá an raidió pobal luaite mar choincheap. An raibh plé ar bith ag aon am leis na stáisiúin maidir leis an ról atá le himirt acu, na hacmhainní a theastódh agus mar sin de?

Ó thaobh na raidiónna pobail eile atá ar an bhfód nach bhfuil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, tá sampla iontach againn féin thiar i gConamara - Connemara Community Radio. Faigheann sé sin maoiniú eile ó fhoinsí eile. An bhfuil na stáisiúin seo ábalta teacht i dtír ar na foinsí sin? Muna bhfuil, cén fáth? An constaic Gaeilge atá ann? An bhfuil sórt bac orthu cur isteach ar na foinsí sin de bharr go bhfuil siad ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge? An bhfuil an cineál leibhéil mhaoinithe a fhaigheann siad siúd i gcomhréir? Ó thaobh na n-oileán de, fuair muid amach le deireanas go raibh na comhlachtaí forbartha pobail - na comharchumainn ar na hoileáin - faoi mhíbhuntáiste mar gheall go raibh siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Bhí an t-airgead a bhí siadsan ag fáil níos lú ná an t-airgead a bhí ag an dream a bhí ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ar na hoileáin eile. Bheadh sé spéisiúil fáil amach an bhfuil na stáisiúin anseo inniu faoin croimeasc céanna ó thaobh na Gaeilge de. An bhfuil siad ag fáil ráta níos lú maoinithe de bharr go bhfuil siad ag craoladh trí Ghaeilge? An bhfuil siad ag fáil níos mó? An féidir leo teacht i dtír ar na cistí sin a bhíonn ar fáil acu sin?

Mr. Fergus Ó hÍr:

Maidir le Brexit, sin an cheist nach bhfuil freagra ag duine ar bith air. Ní shílim go gcuirfidh sé isteach orainn maidir leis an chraolacháin. Táimid ag craoladh i mBéal Feirste agus ar bhealach trasphobail. Maidir leis an chraolachán agus an obair laethúil atáimid ag déanamh, ní shílim go mbeidh mórán tionchar chuige sin. Maidir le maoiniú agus Foras na Gaeilge agus cad é mar atá sé sin ag dul ag obair amach i ndiaidh Brexit, sin ceist. B'fhéidir go mbeidh an freagra ag an choiste seachas mise.

Mr. Eoghan Ó Néill:

Is dócha go gcuirfidh sé isteach ar rudaí ar nós na scéime a bhí againn le daoine a chur ar fud na hEorpa. Tá cuid mhór neamhchinnteachta ag an phointe seo. Mar shampla, bhí muid páirteach i scéim ina raibh daoine ag dul ón stáisiún seo againne go dtí an Ostair agus go dtí Tír na mBascach ag amharc ar an obair atá ar bhun acusan. Cad é an chinnteacht atá ann faoi sin amach anseo? Beagán seans go mbeidh sé ann. Maidir le daoine atá ag déanamh Erasmus agus a bhíonn ag obair linn, ag an phointe seo tá an oiread sin neamhchinnteacht ann. Is cinnte go bhfuil sé ag cur le neamhchinnteacht.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Bhí muid ábalta cúpla scéim a aimsiú le Raidió na Life agus cúpla stáisiún sa Spáinn, i dTír na mBascach agus araile agus comhoibriú a dhéanamh leo. Beidh muidne gearrtha amach as sin ach beidh Raidió na Life go fóill istigh sa chóras. Tá rudaí beaga mar sin ag dul ar aghaidh, ach beidh le feiceáil. Níl sé iomlán soiléir go bunúsach cad é an tionchar a bheidh ag Brexit orainn.

Maidir le comhoibriú, bíonn muid ag comhoibriú go rialta le Raidió na Life ó thaobh malartú cláir, ag déanamh comhchraoladh ar ócáidí agus, in amanna, ag déanamh traenála agus araile. Tá sé sin ag dul ar aghaidh go leanúnach. Táimid i gcónaí ag caint faoi bhealaí eile chun é sin a neartú. Sílim go mbeadh sé an-mhaith agus bheadh muid breá-sásta cibé comhoibriú agus gur féidir linn a dhéanamh a dhéanamh leis an stáisiún i nGaillimh. Má tá siad ábalta teacht go Béal Feirste, bheadh fáilte mhór rompu. Go háirithe i gcomhthéacs an áit úr a bheith oscailte-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má íocann sibhse as, is dócha nach mbeidh drogall orthu.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go n-amharcaimid air seo. Mar a dúirt gach duine, is bealach an-mhaith é ó thaobh costas de. Tá muidne ábalta seirbhís iomlán a sholáthar ag céatadán den chostas atá ag dul chuig na háiteanna eile.

Níor mhaith liom an coiste a bhuaireamh le figiúirí. Má amharcann muid ar Radio nan Gàidheal in Alban, tá sé ag obair le thart ar £6 milliún sa bhliain. Tá Radio Cymru ag obair le £18 milliún sa bhliain. Táimidne ag déanamh an méid céanna ar níos lú ná £250,000. Tá caighdeán ard ann agus táimid ag tabhairt rudaí breise sa mhéid is go bhfuilimid ag ligean don phobal teacht isteach. Is stáisiún pobail muid sa fíorchiall. Is féidir bualadh ar an doras. Tarlaíonn sé go minic go dtagann daoine isteach, tugann muid traenáil dóibh agus ansin déanann siad craoladh. Bogann cuid mhaith de na daoine sin ar aghaidh isteach sna meáin cumarsáide eile. Tá liosta mór fada de dhaoine a thosaigh linn atá anois ag obair leis an BBC, Raidió na Gaeltachta, NÓS agus áiteanna eile ar fad. Is bealach isteach sna meáin cumarsáide é do chuid mhaith daoine. Tá luach breise mór ansin. Is rud tábhachtach é sin. Leis an gcomhoibriú, táimid ábalta an taithí atá ag Raidió na Life a thabhairt isteach agus ár dtaithí féin a chur thart.

Táimid ar an Idirlíon ar www.raidiofailte.com. Tiúnáil isteach. Táimid ag caint le Ofcom faoi láthair faoi dul ar ardán digiteach. Go dtí seo, bhí sé an-chostasach le dul ar cheann de na h-ardáin digiteacha seo le bheith ar stáisiún teilifíse, raidió trádálach agus araile. Tá Ofcom ag obair ar ardán úr atá i bhfad níos saoire fá choinne raidió pobail, agus táimid ag caint leis fá dtaobh de sin ag an bpointe seo. Níl Ofcom soiléir faoin toradh a bheidh ar na cainteanna atá ag dul ar aghaidh nó fiú an teicneolaíocht a bhaineann leis, ach táimid ag amharc ar sin. Idir an dá linn, táimid ag sruthú ar an Idirlíon.

Maidir le tallann a fhorbairt, mar a luaigh mé, déanann muid traenáil leis an IBF. Tá an IBF ag íoc as cúrsaí traenála agus déanann muidne cúrsaí traenála go rialta. Tá ceann ag dul ar aghaidh faoi láthair. Tagann daoine isteach, déanann siad an cúrsa linn agus téann cuid acu ar aghaidh ag craoladh. Tá sé an-mhaith mar bhealach le daoine le Gaeilge a tharraingt isteach i gcomhluadar Gaelach agus le bheith ábalta obair ar an nGaeilge agus rudaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Táimid ag ofráil na rudaí sin. Táimid ag obair leis na scoileanna áitiúla, na grúpaí óige áitiúla agus na ranganna atá ag dul ar aghaidh ar fud Bhéal Feirste. Bíonn daoine istigh agus ag tabhairt amach eolais fá dtaobh de. Tagann daoine isteach agus déanann siad traenáil. Arís, níl siad uilig ag dul ar aghaidh le bheith ag obair le RTE, BBC, Raidió na Gaeltachta nó cibé rud. Déanann cuid acu é fá choinne an craic. Táimid ag freastal ar gach aoisghrúpa. Tá an duine is óige 16 bliana d'aois. Tá an duine is sine 86 bliana d'aois agus ní chailleann sí lá. Tagann sí isteach agus déanann sí seó gach seachtain.

5:40 pm

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An í sin Clara?

Mr. Fergus Ó hÍr:

Sin Clara Ní Ghiolla. Tá clú agus cáil uirthi i mBéal Feirste. Is bean ó Bhaile Átha Cliath í, ach tá aithne aici ar gach duine ó Martin Luther King - d'obair sí leis - suas go dtí anois. Ní chuirfeadh sé iontas orainn dá siúlfadh sí isteach an doras le ceisteanna crua a chur ar na baill uilig. Bíonn Clara ag craoladh linn. Is ócáid í di teacht isteach agus an Ghaeilge a úsáid. Bhí sí os comhair comhdháil ag pointe amháin agus bhí daoine ag dul thart ag rá cá dtig a bhfuil daoine éagsúla ag craoladh nó ag déanamh le raidió pobail. Thiontaigh sí agus dúirt sí go dtugann an stáisiún uair a chloig di a bheith ag caint gan duine ar bith ag cur isteach uirthi. Is é sin an fáth a bhíonn sí ann. Tá cuid mhaith ann. Tá níos mó ná forbairt tallaine ann. Tá daoine ansin mar go bhfuil siad ag baint sult as an nGaeilge agus an féidearthacht de bheith ag craoladh.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ní raibh plé foirmiúil againn le Raidió na Gaeltachta. Bíonn muid ag obair agus ag comhoibriú leis ar ócáidí áirithe. Mar shampla, cúpla bliain ó shin bhí lá domhanda raidió UNESCO. Rinneamar comhchraoladh le Raidió na Life agus Raidió na Gaeltachta ón stáisiún s'againne. Ag ócáidí eile bíonn muid ag comhoibriú le chéile. Bíonn muid thíos ag an Oireachtas ag déanamh craoladh seachtrach. Bhí cineál comhoibriú i gceist ansin. Níor shuígh muid síos chun an rud sin a phlé. Is smaoineamh maith-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Roinn na Gaeltachta a bhí i gceist agam.

Mr. Fergus Ó hÍr:

No. Ní raibh sin pléite.

Mr. Eoghan Ó Néill:

Ní dóigh liom go bhfuil an Tuaisceart insan Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an bhfuil?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sílim go bhfuil an craoltóireacht luaite agus go bhfuil raidió pobail luaite. Tá mé den tuairim go bhfuil Raidió Fáilte luaite fiú-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag an bpointe seo, an bhfuil aon duine eile le ceist ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Roinn? An cheist atá curtha-----

Mr. Cuan Ó Seireadáin:

Ní raibh aon teagmháil déanta linn faoi sin. Freagra simplí.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ní raibh muide ar an bhfód.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sibh anois. Gabh mo leithscéal, chuir mé isteach ar an bhfinné.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Níl a fhios agam an raibh na ceisteanna dírithe ormsa nó-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir le haon fhinné ceist a fhreagairt.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Níl ach ceist amháin eile fágtha faoi fhoinsí eile airgid. Tá sé deacair foinsí eile airgid a shaothrú. Bíonn muidne ag déileáil le stáisiúin pobail i Sasana, san Alban agus áiteanna mar sin. Bíonn deacrachtaí acu uilig. Mar gheall ar an teanga, bíonn níos mó deacrachtaí againn. Má táimid ag iarraidh fógraí agus rudaí mar sin, tá sé an-deacair. Níl an Ghaeilge ag an gcuid is mó de dhaoine thart orainn. Tá líon na nGaeilgeoirí sa chathair ag fás, ach ó thaobh na ngnónna agus araile-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Abair go raibh raidió pobail i Huddersfield. An bhfuil fáil acu sin ar chistíocht áirid craolacháin agus an bhfuil fáil ag Raidió Fáilte cur isteach ar an gciste céanna de bharr gur chraoladh raidió pobail atá i gceist?

Mr. Fergus Ó hÍr:

An t-aon chiste taobh amuigh de chiste an fhorais ná an ceann ag Ofcom. Tá sé an-bheag. Tá na staitisticí agam sa doiciméid. Tá 238 stáisiúin aige. Sa bhabhta deireanach, fuair 28 stáisiún méid áirithe airgid. An meán-mheád a bhfuair siad ná £13,000. Caithfear cur isteach air gach bliain. Ní féidir brath air. Má fhaightear é bliain amháin, tá an féidearthacht ann go dtabharfaidh sé é do dhream éigin eile don bhliain dar gcionn. Ní féidir stáisiúin a thógáil ar an gcineál maoiniú sin. Maidir le foinsí eile cosúil leis an gComhairle Ealaíona nó Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, is féidir cur isteach orthu sin agus déanann muid sin. Faigheann muid airgead ar feadh tréimhse agus ansin imíonn sé. Tá duine amháin a bhí fostaithe againn suas go dtí b'fhéidir mí ó shin. Tá an t-airgead sin anois imithe ó fhoinse i mBéal Feirste. Táimid anois ag lorg áit éigin le hairgead a fháil leis an bpost sin a choinneáil. Is streachailt leanúnach é. Bíonn Máire Nic Fhionnachtaigh ag obair ar sin lá i ndiaidh lae le hairgead a fháil chun na postanna a choinneáil. Is streachailt laethúil é i ndáiríre leis an rud a choinneáil.

Ms Máire Nic Fhionnachtaigh:

Is é an easpa leanúnachais a bhaineann le sin agus an méid oibre breise a chuireann sé orainn agus muid chomh gnóthach is atáimid an rud a dhéanann deacair é. Is fiúntach an t-airgead breise sin, ach níl aon leanúnachas leis. Tá an riarachán a bhaineann leis trom. Is príomhdheacracht é sin. Níl a fhios agam caidé atá Conamara ag déanamh, ach b'fhéidir gur chóir dúinn labhairt leo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad fhéin ag streachailt, sílim, ach tá-----

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Más féidir liom an pointe a dhéanamh, tá Raidió na Life mar bhall de Craol, an scáth-eagraíocht náisiúnta do na stáisiúin raidió pobail. Nuair a deirim náisiúnta, táim ag caint ar an bPoblacht. Tá breis agus 20 ball stáisiúin. Breathnaíonn muid i dtreo Raidió Pobail Chonamara agus a leithéid Near FM in iar-thuaisceart Bhaile Átha Cliath mar eiseamláir den chineál ruda a dhéanann raidió pobail. Bíonn éagsúlachtaí ann. Táimidne ag freastal ar phobal teanga áit go bhfuil na stáisiúin pobail eile ag freastal ar cheantair áitiúla ar leith. Ceann de na deacrachtaí a fheiceann muidne ó thaobh na gcistí maoinithe a oibríonn na stáisiúin seo leo ná go mbíonn siad dírithe go minic ar scéimeanna a bhaineann le daoine faoi mhí-bhuntáiste soceacnamaíochta a thabhairt ar ais chun na hoibre nó dírithe ar obair le hinimircigh. Tá grúpaí daoine mar sin nach bhfuil b'fhéidir an oiread sin ionadaithe acu i bpobal na Gaeilge, cé go bhfuil obair á dhéanamh ag Raidió na Life, aisteach go leor, le hinimircigh. Tá cúpla clár againn i dteangacha inimircigh.

Go ginearálta, ní oireann na critéir a bhaineann leis na scéimeanna sin dúinn. Lena gceart a thabhairt do na stáisiúin pobail eile, b'fhéidir go mbíonn siadsan ag breathnú orainne agus iad in éad ar an maoiniú atá ar fáil dúinn ó Fhoras na Gaeilge. Bíodh agus gur mhaith linne i gcónaí níos mó a fháil, deirimid i gcónaí go bhfuilimid buíoch as ucht an mhaoinithe sin ón bhforas.

5:50 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe. Táim buíoch as an gcur i láthair. Bhí an-suim agam ann agus tá an-chuid eolais ann. Idir an cur i láthair i dtosach agus na ceisteanna atá freagraithe ag na finnéithe, tá an-chuid de na pointí a theastaigh uaim a dhéanamh luaite cheana féin, go háirithe maidir leis an idirlíon agus an craoladh ar an idirlíon. Ba mhaith liom díriú isteach más féidir ar an srian sin de 5 km. An bhfuil a leithéid de shrian ar chraoltóirí eile? Ar athraíodh é in aon áit? Ar síneadh amach é go dtí 10 km nó 20 km? An bhfuil sé ann i gcomhar gach éinne? Cad é an seans gur féidir é a shíneadh amach?

Luaigh Raidió na dTreabh go mbeadh brú breise orthu i dtreo an tsamhraidh. Cén fáth? Cé hiad na craoltóirí? Cé atá ag cur na cláir le chéile? An mic léinn iad nó cé atá ann? Ní féidir liom a thuiscint go díreach cad atá ar siúl ansin. Luaigh dream éigin, ní chuimhin liom cé hiad, go raibh comhoibriú le lucht na Polainne agus dreamanna éagsúla. N'fheadar cé acu na finnéithe a bhí ann. Bheadh an-suim agam soiléiriú cad go díreach atá ar siúl ansin. Is rud an-mhaith é agus tá deis iontach ann.

Ms Emma Ní Chearúil:

Maidir leis an gcraoladh ar líne, is ar líne go príomha a bhíonn Raidió na dTreabh. Tá go leor deiseanna ann é sin a fhás agus a fhorbairt. Sílim gurb é sin ceann de na rudaí is fearr faoin raidió. Is meán faoi leith é. Cé go bhfuil an trealamh agus an teicneolaíocht ag athrú, go bunúsach is é an croí céanna a bhíonn aige. Mar shampla, tá dráma raidió Gaeilge forbartha ag Rónán Mac An Iomaire. Tá iTunes ar fáil agus is féidir cláracha a chur suas ansin freisin. Tá suas le b'fhéidir 300 duine ag éisteach le na podchraoltaí a bhíonn á chur ar fáil s'againne. Ag an am céanna, is fiú fós bheith ar FM. Ní bhíonn daoine i gcónaí in aice le ríomhaire, i gcónaí le fón nó pé rud.

Táimid ag obair i gcomhar le TG Lurgan, Coláiste Lurgan agus Mícheál Ó Foighil. Ag baint leasa as an trealamh atá againn, bhí siad in ann aip a fhorbairt. Tá sé sin ar fáil. Is féidir é a chur ar fhón, é a oscailt agus éisteacht leis am ar bith. Tá sé an-áisiúil, ach arís de cheal airgid ní féidir le chuile dream é sin a dhéanamh.

Maidir leis an samhradh, is ormsa an locht sin. Bíonn mise ag obair in Áras na nGael, áit ina bhfuil an stiúideo bunaithe. Ag am lóin nó i ndiaidh na hoibre, bím ann i gcónaí, ach níl faoi láthair. Arís-----

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Tá brú ann freisin ó thaobh mic léinn a bheadh ag obair ann.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An iadsan a chuireann cláracha le chéile?

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Bheadh go leor mic léinn ón gcoláiste ag cur cláracha i láthair. Tá siad sin imithe don samhradh.

Ms Emma Ní Chearúil:

Nuair a bheidh an stáisiún níos forbartha agus nuair a bheidh 100 duine seachas 30 ag obair linn, ní bheidh an tionchar chomh mór céanna. Faoi láthair agus muid ag fás, is fadhb í sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad fostaithe lán-aimseartha atá ag Raidió na dTreabh?

Ms Emma Ní Chearúil:

Níl aon duine fostaithe ar chor ar bith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon duine.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Níl duine ar bith. Níl aon airgead againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An obair dheonach atá i gceist?

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Obair dheonach uilig atá ann.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Tógfaidh mise an pointe faoi inimircigh. Is dócha gurb é sin an pointe a luaigh an Teachta maidir le lucht na Polainne.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh dream éigin é ach ní chuimhin liom cén stáisiún a bhí ann. B'fhéidir go bhfuil an rud céanna ar siúl ag cúpla stáisiún.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Ó thaobh Raidió na Life de, luaigh mé go mbíonn muid ag obair le hinimircigh. Tá cúpla clár ar an stáisiún i dteangacha iasachta. An t-aon riail atá againn maidir le céatadán teanga ná nach gcraolfar níos lú ná 90% de chláracha an stáisiúin i nGaeilge riamh mar is é sin an chúis gur bunaíodh an stáisiún. Ach, tá áit ann do chláracha i dteangacha eile. Faoi láthair, tá clár againn i Spáinnis, i bPortaingéilis na Brasaíle agus Gaeilge á mheascadh isteach leis, i gCatalóinis agus muid ag déanamh naisc leis an mionteanga ansin, agus i roinnt de theangacha Ghána. Tá teangacha éagsúla sa Ghána agus tá láithreoir a chuireann clár i láthair i roinnt de theangacha na tíre sin. Bíonn sé sin ag athrú thar na blianta. Thar na blianta, bhí cláracha eile againn i bPolainnis. Ar nós na gcraoltóirí Gaeilge, tagann agus imíonn daoine. Ní hé go bhfuil aon rud struchtúrtha ar leith i gceist, is díreach scéal ó bhéal go béal é agus an clú atá ar an stáisiún. Tuigeann daoine gur féidir leo dul i dteagmháil linn agus go bhfuil an deis ann dóibh clár a chur i láthair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is amhlaidh go bhfuil sibh ag tarraingt an dream sin i dtreo na Gaolainne agus ceol Polainneach á chraoladh, an ea?

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Tá na cláracha den chuid is mó curtha i láthair ag na láithreoirí ina dteangacha féin. Braitheann sé ar an duine. Mar shampla, is bean ón Bhrasaíl a d'fhoghlaim Gaeilge sa Bhrasaíl a chuireann clár i láthair i bPortaingéilis na Brasaíle, atá an-difriúil ó Phortaingéilis na Portaingéile. Meascann sí Gaeilge isteach ann. Is clár dátheangach é i bPortaingéilis agus i nGaeilge. Is eiseamlár amach is amach í siúd. Sa chlár atá againn i Spáinnis, is Spáinnis amháin an meán cumarsáide sa chlár sin. Sa chlár i gCatalóinis, toisc an nasc leis an mionteanga, tá an-spéis léirithe ag an láithreoir sa Ghaeilge. Mar sin, úsáideann sé frásaí ar nós "Fáilte romhaibh isteach go dtí an clár". Ansin leanann sé ar aghaidh i gCatalóinís. B'fhéidir gur mhaith le Niamh Ní Shúilleabháin beagáinín níos mó a rá faoi sin.

Ms Niamh Ní Shúilleabháin:

Is é sin é i ndáiríre. Déanann siad an-iarracht agus cuireann siad suim sa teanga. Níl aon chúrsaí nó aon rud den chineál sin ar siúl againn go praiticiúil ó lá go lá leo, ach bíonn siad ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim agus bíonn siad ag cur ceisteanna orainn mar gheall ar bheannachtaí agus a leithéid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist ann faoin srian 5 km.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Taobh amuigh den Ghaeilge, táimid faoi láthair ag craoladh i bPolainnis. Tá seó amháin dátheangach sa Ghaeilge agus Spáinnis. Thar na blianta, bhí teangacha eile ag dul amach chomh maith. Chomh maith leis sin, cuireann muid ranganna Gaeilge amach dírithe ar theangacha áirithe. Chuireamar ranganna Gaeilge-Spáinnis, Gaeilge-Fraincis, Gaeilge-Polainnis agus araile amach. Shíl muid ag an tús go raibh muid ag cur rang Gaeilge amach do dhaoine le Polainnis. D'fhoghlaim muid go raibh muid ag cur rang Polainnis amach do Ghaeilgeoirí mar go raibh an dá dhream ag éisteacht agus ag foghlaim. Bhí sé sin an-mhaith. Bhí cineál spin-off ann nár smaoinigh muid fá dtaobh de. Tá sé sin ag dul ar aghaidh go rialta.

Maidir leis an diabhal 5 km, mar a dúirt mé, is riail Ofcom atá ann seachas rud atá dleathúil. Is féidir le Ofcom an riail sin a athrú más maith leo. Tá sé athraithe acu in Alban i gcuid de na hoileáin ansin mar gheall go bhfuil an pobal scartha. Táimidne ag déanamh an argóint céanna gur pobal scartha é pobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá pobal i mBéal Feirste ar ndóigh, ach tá daoine taobh amuigh de Bhéal Feirste atá ag iarraidh an pobal a thógáil agus táimidne ag iarraidh freastal orthu siúd. Tá an argóint céanna ann. Táimid ag labhairt le Ofcom go leanúnach. Chuir siad próiseas comhairliúcháin amach thart ar sé mhí ó shin. Tháinig siad ar ais roinnt seachtaine ó shin ag rá go bhfuil siad sásta achomharc a dhéanamh an mbeimid ábalta craoladh giota beag níos faide. Ach, mar a dúirt mé, ní bheidh athrú suntasach ar an limistéar craolacháin. B'fhéidir go mbeidh muid ag craoladh cúpla míle níos faide ná mar atá muid ag craoladh faoi láthair, ach níl Ofcom chun ligean dúinn craoladh i gceantar mór den Tuaisceart. Is é sin an rud atá cuid mhaith daoine ag iarraidh. Rinneamar suirbhé cúpla bliain ó shin ar na grúpaí Gaeilge ar fud na Sé Chontae. Bhí 22 grúpa a tháinig ar ais ag rá go raibh siad ag iarraidh go mbeadh Raidió Fáilte le cluinsint sna ceantair s'acu siúd.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén chúis nach ligean Ofcom do Raidió Fáilte é sin a dhéanamh?

Mr. Fergus Ó hÍr:

Sílim go mbaineann sé leis na stáisiúin trádála. Níl siad ag iarraidh orainn a bheith ag cur isteach ar na stáisiúin mhóra eile. I mbealach éigin, tá sé níos fusa do Ofcom a rá go bhfuil srian de 5 km ar gach stáisiún raidió pobail in áit plé scartha a dhéanamh le gach grúpa chun srian 20 km, 8 km nó cibé a eagrú leo.

Tá sé níos fusa riail amháin a bheith ann do gach dream. Sin an riail atá ann do gach staisiún pobail, ach amháin do chúpla staisiún in Albain. Mar a dúirt mé, tá muidne ag brú ar Ofcom chun an riail a athrú le tamall fada. Sílim go bhfuil sé buartha go mbunófar fasach. Má thugann sé eisceacht dúinn, beidh gach dream ag iarraidh teacht isteach. Ní shílim go mbeadh sé chomh deacair sin.

6:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Raidió Fáilte srianta go dtí 5 km amháin nó an féidir leis craoladh i spotaí in áiteanna difriúla agus iad a nascadh le chéile, cosúil leis na hoileáin?

Mr. Fergus Ó hÍr:

Chuir muid plean leithéid í sin os comhair Ofcom. Ní thiocfadh linn sin a dhéanamh, mar tá sé ag iarraidh go dtabharfadh stáisiún pobail guth do phobal áitiúil, rud atá ciallmhar go leor. Caithfidh grúpa áitiúil é sin a dhéanamh. Ba sin an smaoineamh a bhí ar chúl an áit úr atáimid ag tógáil. Is é an t-ainm atá ar an áit úr ná Líonra Uladh, mar bhí muidne ag iarraidh go mbeidh líonra de stáisiúin pobail Gaeilge ann ar fud na Sé Chontae, nó níos faide más féidir.

Is é ár dtaithí gur bealach iontach é raidió pobail le pobal a spreagadh, leis an Gaeilge a spreagadh agus araile. Bhí muidne ag iarraidh go mbeadh seans ag grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste an rud céanna a dhéanamh. An chéad bhealach chun an seans seo a thógáil dóibh ná go mbeadh muidne ag craoladh níos faide sa dóigh agus go mbeadh na pobail sin ábalta muid a chluinsint agus ionchur a bheith acu sa rud. Sin an rud is simplí. Is é an bealach eile ná go gcaithfidh gach grúpa cur isteach faoi choinne ceadúnais dóibh féin. Beadh siad cineál neamhspleách ach is féidir linn a bheith ag comhoibriú leo. Tá sé casta.

Faoin chóras atá ag Ofcom, níl cead ag grúpaí i gceantair áirithe cur isteach faoi choinne ceadúnais gach babhta. B'fhéidir go mbeadh cead ag Londain cur isteach i dtréimhse amháin, bheadh cead ag tuaisceart Sasana cur isteach an céad tréimhse eile, agus go mbeadh cead ag Tuaisceart na hÉireann cur isteach ina dhiadh sin. B'fhéidir go gcaithfear fanacht trí bliana go dtí go dtagann sé ar ais go dtí an ceantar, má thagann. Tá an cineál rud a mholann Ofcom an-chasta.

Ó thaobh an airgeadais, Foras na Gaeilge agus an pointe a luaigh Mr. Ó Fiannachta, tá an sceim raidió pobail an-mhaith agus táimid an-bhuíoch de. Tá muidne agus Raidió na Life istigh sa chóras. Ceann de na rudaí a bhí muidne a dhéanamh ná bhí muidne ag iarraidh grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste a spreagadh agus cuidiú a thabhairt dóibh staisiúin ina gceantair féin a bhunú. Is é an mhíbhuntáiste leis sin, má éiríonn linn stáisiún a thógáil in áit éigin, ansin, go tobann, tá an stáisiún nua i gcomórtas linn faoi choinne airgid. Níl ach grúpa amháin sa Tuaisceart agus grúpa amháin sa Deisceart. Fiú go bhfuil muid an-bhuíoch as an rud, sílim go gcaithfidh siad athamharc ar sin. Ba chóir go gcinnteofar, má tá stáisiún eile i nGaillimh, nó áit éicint eile, atá ag iarraidh rudaí, go mbeadh airgead ar fáil dá leithéid agus nach mbeadh níos lú airgid ag Raidió na Life nó ag Raidió Fáilte mar gheall air. Is é an pointe céanna a rinne Mr. Ó Néill. Caithfear níos mó airgid a chur isteach sa phota sa dóigh agus go mbeimid ábalta na stáisiúin eile agus na pobail sna ceantair eile a spreagadh, mar is uirlis iontach raidió pobail le grúpa pobail a spreagadh.

Tá an fhadhb céanna ag dul ar aghaidh faoi na chultúrlainn faoi láthair. Tá siad ag iarraidh cultúrlainn úra a oscailt, rud atá fíor-mhaith, ach tá siad ag bagairt go mbeadh airgead tugtha ó chultúrlainn i mBéal Feirste agus i nDoire. Níl mórán céille leis sin. Teastaíonn níos mó airgid sa phota leis na rudaí a spreagadh sna ceantair eile. Gabh mo leithscéal, tá mé giota beag as an ábhar.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tiocfaidh mé ar ais arís. Cuirim fáilte roimh an Seanadóir Ó Donnghaile.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Ní bhall den choiste mise so go raibh maith agat as mé a ligean isteach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé deas tú a fheiceáil.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag leanúint cuid den chur i láthair ón oifig. Aontaím leis an méid atá ráite ag Mr. Ó hÍr ó thaobh infheistíochta mar tá an cás mar an gcéanna leis na cúltúrlainne ó Thuaidh faoi láthair. Le cur leis an méid atá ráite aige ó thaobh Raidió Fáilte agus an cheannródaíocht atá léirithe aige, tá i bhfad níos mó ná seirbhísí craoltóireachta i gceist leis an tseirbhís atá curtha ar fáil aige. Tá seanaithne agam ar Raidió Fáilte. Cé go bhfuil pribhléid agam níl mé chun ainm ar bith a luath. Is cuimhin liom fadó daoine áirithe ag craoladh go mídhleathach. Thuig siad an tábhacht a bhain leis an teanga a chur chun tosaigh agus an tseirbhís sin, an t-aitheantas sin agus an t-idirghníomhú sin a thabhairt do phobal na Gaeilge, le seirbhís nó áis ar bith eile a bheith againn ó lá go lá. Tá an raidió, an ceol, an cur i láthair, an caint, an tseirbhís nuachta agus díospóireacht a ligean sin ann, ach chomh maith leis sin tá an traenáil agus an spás sin chun teacht le chéile-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aithne ag an tSeanadóir orm ach cuirtear ceisteanna amháin ag an phointe seo.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seans go mbeadh díomá ag an Chathaoirleach orm. Cé go bhfuil siad píosa difriúil, is rud thar a bheith dearfach faoi na grúpaí ar fad ná an dóigh a bhaineann siad úsáid as an tseirbhís ar-líne. Aithním go rialta agus go minic anois agus me ó Dheas cúpla lá sa tseachtain an dóigh a chuirtear bac ar seirbhísí craoltóireachta áirithe, leithéid í TG4. Ní féidir linn seirbhísí áirithe a fháil ó Thuaidh. Dar ndóigh ní féidir linn seirbhísí ó Thuaidh a fháil ó Dheas. Má tá an clár Gaeilge "Blas" ar Raidió Uladh, ní féidir liom éisteacht leis an phodcast san oifig i mBaile Átha Cliath.

Cén cineál plean fádtearmach ó thaobh fhorbairt seirbhísí ar-líne a bhfuil á ullamh ag na finnéithe agus cén tábhacht a bhaineann leis sin? Cén sórt infheistíochta atá na finnéithe ag cur i dtaca le h-apps agus na meáin sóisialta, ar bhonn airgeadais nó praicticiúla nó ar bhonn pleanála agus straitéiseach? Cé go n-aithním an pointe a rinne na finnéithe ó thaobh an raidió, FM agus a leithéid, go fadtéarmach, caidé an plean atá ag na finnéithe chun seirbhísí a chur ar fáil ar-líne?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é líon an lucht éisteachta maidir leis na trí stáisiún? Maidir le Gaillimh agus na raidió eile, cad mar gheall ar Raidió na Gaeltachta? Cad iad na difríochtaí?

Mr. Cuan Ó Seireadáin:

Is ceist mhór í an cheist faoi líon na n-éisteoirí-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Bhí mé beagnach críochnaithe. Tá sé imithe as mo cheann. Tiocfaidh mé ar ais leis an rud eile. Níl ach an dá rud sin ó mo thaobh.

Mr. Cuan Ó Seireadáin:

Níl figiúirí cruinn ag éinne de líon na n-éisteoirí do na stáisiúin Gaeilge go ginearálta, fiú Raidió na Gaeltachta. Níl a fhios againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén t-eolas atá ann?

Mr. Cuan Ó Seireadáin:

Tá eolas sa ráiteas a chuireamar isteach chuig an choiste faoin iarratas a rinneamar chun stáidéar a dhéanamh ar líon na n-éisteoirí. Ní rabhamar ábalta teacht ar an maoiniú chun é sin a dhéanamh. Ba bhreá linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar líon na n-éisteoirí agus an cineál éisteoirí atá againn i Raidió na Life, ach faoi láthair nílimid ábalta teacht ar an eolas sin.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Tá an fhadhb céanna againn. Ní dhéanann an dream a dhéanann na figiúirí sin iad do staisiúin pobail sa Tuaisceart. Tá obair déanta againn. Tá roinnt suirbhéanna déanta againn i measc ár sprioc-lucht éisteachta. Sa dhaonáireamh is déanaí, dúirt thart faoi 43,000 duine i mBéal Feirste go raibh Gaeilge acu. De réir na suirbhéanna a rinne muidne, faighimid go mbíonn thart ar 70% - téann sé suas nó anuas - ag éisteacht linn go rialta. Is é an cur síos ar "go rialta" ná ar a laghad uair amháin sa tseachtain. Sin an cur síos atá ag Ofcom ar "go rialta" nó "regularly". Faighimid go mbíonn 70% ag éisteacht linn go rialta. Má ghlactar 70% de 40,000, faightear 28,000 a mbíonn ag éisteacht linn go rialta. Is é sin chomh cruinn agus is féidir linn a bheith fadúda. Tá sé deacair ó thaobh eolais agus caint na ndaoine. Cuireann sé iontas orainn amanta an méid daoine a mbíonn ag éisteacht. Téitear amach agus bíonn daoine ag éisteacht. Chomh maith leis sin, tá daoine ag éisteacht linn ar-líne ar fud an domhain. Faighimid aischothú ó gach cearn den domhan ó dhaoine a bhíonn ag éisteacht linn.

6:10 pm

Ms Emma Ní Chearúil:

Tá míbhuntáiste sa gcaoi go bhfuilimid ag craoladh ar líne agus toisc nach bhfuil ach oibrithe deonacha againn. Bímid ag craoladh idir 5 p.m. agus 7 p.m.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dhá uair sa lá.

Ms Emma Ní Chearúil:

Yes. Ach ciallaíonn sé sin mura bhfuil daoine ina suí ag ríomhaire idir 5 p.m. agus 7 p.m., agus is iondúil nach mbíonn, nach bhfuil siad chun éisteacht linn go réadúil. Tá figiúirí againn. Nuair a bhímid ag craoladh, bíonn a fhios againn go bhfuil 20, 60 no 100 duine ag éisteacht linn ag an am ach feictear go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag éisteacht leis na podcraoltaí, toisc go bhfuil siad ar fáil le linn na seachtaine agus gur féidir éisteacht leo am ar bith. Níl sé sin mar an gcéanna le staisiúin FM toisc nach bhfuilimid ag craoladh le linn an lae agus nach bhfuilimid ar fáil ar bhealach níos áisiúla. Bheadh sé sin difriúil.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Tá suas le 300 duine ag éisteacht le cuid de na podcraoltaí. Sin clár amháin. Má thugtar 200 mar mheánfhigiúr, is é sin 400 éisteoir sa lá thar an dá uair. Má mhéadaítear é seo faoi chúig don tseachtain, is é sin an líon daoine a n-éistíonn leis na cláir. B'fhéidir nach bhfuil siad ag éisteacht leo beo, ach tá siad ag éisteacht ar aon chaoi.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud le rá maidir le Raidió na Gaeltachta?

Mr. Maitiú Ó Coimín:

An é an chaoi a bhfuilimid difriúil leis atá i gceist agat?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Feictear rudaí. Nuair a bhunaíodh Raidió na dTreabh, níor bhreathnaíomar go raibh easnamh ann ó thaobh raidió nó nach raibh Raidió na Gaeltachta ag déanamh a jab. Dar linn, nílimid in iomaíocht le Raidió na Gaeltachta. Is staisiún muid atá dírithe-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud breise é.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Is rud breise é. Táimid dírithe ar phobal Gaeilge Chathair na Gaillimhe seachas ar cheantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam go mbíonn stuif náisiúnta air freisin - cláir dá leithéid "Cormac ag a Cúig". Feictear dom gur stáisiún eile muid. Ní chuireann Galway Bay FM isteach ar Raidió na Gaeltachta chomh mór sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ach ag cur ceist ar Mr. Ó Coimín.

Ms Emma Ní Chearúil:

Is ardán éagsúil muid freisin, toisc go bhfuilimid ag cruthú deiseanna agus ag tabhairt deiseanna do chraoltóirí nua nó do chraoltóirí eile nach bhfuil le cloisteáil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sainspéis ann agus go bhfuil ábhair éagsúla againn nach mbeadh ag stáisiún náisiúnta.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Rud amháin deiridh - ní stáisiún tráchtála muid. Níl duine ar bith fostaithe sa rud ach an oiread. Ní dóigh linn go bhféadfaí stáisiún pobail a chur i gcomparáid le stáisiún tráchtála ar bith. Ar bhealach dairíre is ainmhithe éagsúla iad. Sin mar atá sé le Raidió na dTreabh agus Raidió na Gaeltachta.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Chun pointe an Chathaoirligh faoi Raidió na Gaeltachta a thógáil, bunaíodh Raidió na Gaeltachta as gluaiseacht pobail a bhí ag troid ar son cearta teanga - cainteoirí dúchais Gaeilge na Gaeltachta. Is é an rud atá difriúil fúinn go léir anseo ná go bhfuilimid ag craoladh i gceantair cathracha. Mar sin, bíonn Raidió na Gaeltachta dírithe don chuid is mó ar phobal logánta Gaeltachta fiú go mbíonn roinnt clár a dhíríonn ar chainteoirí Gaeilge go náisiúnta freisin, mar a luaigh Mr. Ó Coimín. Tá an líon is mó cainteoirí Gaeilge laethúla sa Stáit, nó in aon chontae sa tír, i mBaile Átha Cliath. Chun breathnú ar na figiúirí, luadh thart ar 14,000 i nDaonáireamh 2011. Níl na figiúirí agam do 2016 go fóill. Má chuirtear é sin i gcompáraid le thart ar 20,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht, feictear go bhfuilimid ard ó thaobh Baile Átha Cliath de, ach níl na hacmhainní céanna againn. Tá Raidió na Gaeltachta faoi infreastruchtúr RTÉ. Tuigimid go bhfuil Raidió na Gaeltachta faoi bhrú é féin, ach tá muidne go léir ag feidhmiú ar phinginí i gcomparáid leis.

Mr. Fergus Ó hÍr:

An féidir liom teacht ar ais ar an phointe a luaigh an Seanadóir Ó Donnghaile faoi pleananna ó thaobh apps agus araile? Mar a luaigh mé, tá muidne ag tógáil áit úr. An plean atá ann ná táimid ag amharc chun tosaigh go mbeidh raidió go fóill tábhachtach i gceann deich nó 20 bliain. Táimid ag glacadh go mbeidh na meáin sóisialta bogtha ar aghaidh go dtí leibhéal nach bhfuil fhios againn. Tá muidne airdeallach go mbeidh traenáil ar fáil sna scileanna úra seo san áit úr ina mbeimid. Is é ceann de na dóigheanna ina bhfuilimid ag iarraidh daoine óga a tharraingt isteach ná na scileanna sin a fhorbairt agus leis na happs. Mar atá fhios againn uilig, bíonn níos mó eolais ag cuid de na daoine óga a thagann isteach ar cuid de na rudaí sin ná mar atá againn féin. Táimid airdeallach air sin agus go bhfuil ardáin eile ann don Ghaeilge anois. Tá muidne ag iarraidh go mbeidh na scileanna sin ag daoine óga sa dóigh agus go mbeadh siad ábalta na hardáin sin a úsáid. Táimid airdeallach air sin. San fhoirgneamh úr a bheas againn i mbliana, beimid ag díriú ar an traenáil sin, chomh maith leis an traenáil raidió. Tá na scileanna atá ann intrasnaithe nó exchangable. Is féidir iad a úsáid do chuid mhaith ardán difriúla.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist bheag ghasta agam. Ó thaobh an pointe sin faoin 5 km agus an stuif ó Ofcom, bheadh tuilleadh eolais ag Mr. Ó hÍr air seo ná mar atá agamsa. Nach bhfuil rud éigin i gComhaontú Aoine an Chéasta ó thaobh craoltóireachta agus ó thaobh craoltóireachta trí mheán na Gaeilge? Nílim cinnte an raibh sé i gComhaontú Aoine an Chéasta: b'fhéidir go raibh sé i gceann de na comhaontaithe eile. An féidir linn argóint a dhéanamh le hOfcom nach mbaineann sé sin le Teilifís na Gaeilge, mar a dtugadh air i 1998, amháin? Nach bhfuil cineál prionsabail ann sa Chomhaontú sin, do Thuaidh agus Theas, atá thar a bheith tábhachtach maidir le Breatimeacht faoi láthair? An bhfuil argóint ann gur chóir go mbeadh seirbhísí ar nós Raidió Fáilte, agus seirbhísí raidió eile mar is comhaontú uile-Éireann é, ar fáil ar bhonn níos leithne ná an 5km mar atá leagtha síos? Sin an argóint a dhéanaimid le RTÉ agus TG4 nuair a chuireann siad bac ar na cluichí sacair agus rugbaí mór le rá. Cuireann Sky agus seirbhísí eile bac ar na cluichí siúd. Má tá duine éigin ag iarraidh suí síos sna Sé Chontae agus amharc ar chlár teilifíse a chraoladh le linn na seachtaine ar TG4, cuirtear bac ar an tseirbhís sin. Deireann sé nach bhfuil an clár ar fáil sa tír sin nó rud éigin seafóideach cosúil le sin. An féidir le Mr. Ó hÍr cur leis sin?

Mr. Fergus Ó hÍr:

Maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta, luaitear go mbeadh TG4 go háirithe ar fáil ar fud na Sé Chontae agus is beagnach mar sin atá. Ní bhaineann sé le craolachán eile. Tá uirlis eile a úsáideann muid - Cairt Eorpach na dTeangacha Mionlaigh. Shínigh Rialtas an Ríocht Aontaithe an chairt i 2001. Baineann cuid de sin leis na meáin cumarsáide agus meáin cumarsáide na mionteangacha. Tagann sin isteach le Brexit. Beidh fadhb againn nuair a thagann Brexit. Ní bheidh tionchar aici. Ní bheimid ábalta dul chuig an chairt. Níl sé chomh láidir mar uirlis. Rinneadh neamhaird sa Tuaisceart ar chuid de na rudaí a bhí le déanamh sa chairt sin mar gheall ar na fadhbanna ansin le rudaí áirithe a bhaineann leis an teanga agus araile. Tá a fhios agam go bhfuil an naimhdeachas ag éirí níos laige ach tá rudaí ag bogadh ar aghaidh. Mar gheall air sin, bíonn fadhbanna nuair a thagann an coiste saineolaithe isteach le hamharc ar caidé mar atá na ceantair ag comhlíonadh a ndualgais faoin gcairt. Tháinig siad isteach sa Tuaisceart. Ní raibh sé sásta leis an méid a bhí déanta. Níor éirigh linn mórán dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé measartha lag. Deir sé gur chóir go mbeadh an mionteanga le cluinsint, ach ní deireann sé cén áit, nó cé chomh fada nó cén uair, so tá sé measartha lag. Rinneamar iarracht sin a úsáid mar uirlis leis an pointe a dhéanamh le hOfcom ach, go dtí seo, níor éirigh linn. Ba mhaith linn rud amháin a phlé leo go díreach. Glactar leis go bhfuil bogadh éigin de dhíth but ní shílim go mbeidh siad ag bogadh fada go leor. Beidh troid nó argóint nó plé eile agus brú eile de dhíth.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ndéanfaidh na finnéithe soiléiriú ar phointe amháin? Nuair a raibh siad ag caint faoin líon daoine a bhíonn ag éisteacht leis na stáisiúin éagsúla, an é nach bhfuil na comhlachtaí nó na heagraíochtaí éagsúla ag bailiú aon figiúirí i gcomhair raidió pobail nó an gcaitheann siad iad go léir isteach le chéile in aon figiúir amháin?

B'fhéidir nach bhfuilid á bhailiú in aon chor.

6:20 pm

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Bheadh cur amach ag formhór an phobail ar fhigiúirí an Joint National Listenership Research, JNLR. Clúdaíonn an taighde sin cainéil RTE agus na stáisiúin raidió tráchtála amháin. Fágtar stáisiúin pobail as an áireamh go huile is go hiomlán. Tá sé deartha le haghaidh sceidealú fógraíochta ar na stáisiúin agus is ar mhaithe le fógraíocht a dhíol le fógróirí a chuirtear na figiúirí le chéile go príomha. Ní dhéantar aon stáisiún raidió pobail sa tír a chur san áireamh sna figiúirí sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an bpointe sin, tá an fhadhb chéanna ag Raidió na Gaeltachta agus TG4 chomh maith. I gcuid mhaith den taighde, tomhaistear an tír trí chéile agus pioctar daoine ar fud an oileáin. Cé go bhfuil dlús daonra sna ceantair Gaeltachta, ní thógtar san áireamh sin má tá Nielsen nó a leithéidí sin ag piocadh na bhfigiúirí. Piocann siad, mar a deireann siad féin, "random sample" ar fud na tíre. Ní hionann sin agus pobal na Gaeilge mar tá pobal na Gaeilge in áiteanna áirid níos lú ach tá níos mó de sna ceantair Gaeltachta. Ní thógtar é sin san áireamh i bhfigiúirí Nielsen. Ní thugtar pictiúr cruinn d'aon cheann de na stáisiúin Gaeilge. Is fadhb leanúnach í gurb fhiú breathnú air.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ní bhfuair muide deis cúpla cheist a chur an Seanadóir a fhreagairt.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir libh an deis a thapú anois.

Ms Emma Ní Chearúil:

Maidir le foinsí maoinithe eile, tá fáinne fí i gceist lenár gcás toisc nach bhfuil mórán maoiniú ar fáil do stáisiúin nach bhfuil ag craoladh ar FM cheana féin. Is stáisiún FM a bhíonn á mhaoiniú acu. Toisc nach bhfuil an t-airgead againn é sin a bhaint amach, níl muid i dteideal maoinithe agus mar sin níl aon deis forbartha ann dúinn faoi láthair i ndáiríre. Le bheith beagán níos dearfaí, maidir le forbairt tallaine, táimid iontach sásta leis an gcaoi atá na ceardlainn agus an traenáil ag teacht le chéile dúinn. Ag an tús ní raibh ann ach mise ag déanamh traenála ar fhoireann nach raibh taithí aici. Tá an t-ádh linn go bhfuileamar gar go maith go TG4 agus Raidió na Gaeltachta, mar tá craoltóirí, léiritheoirí agus láithreoirí dá gcuidse anois ag obair linn. Beidh siadsan ag cur an chéad bhabhta ceardlanna eile ar fáil. Tá súil agam go gcuireann sé sin leis an gcaighdeán atá againn.

Maidir le deiseanna comhoibrithe, táimid ag comhoibriú le Flirt FM ón tús ag déanamh clár-mhalartú leo agus ag cur cláracha Gaeilge ar fáil do na stáisiúin áitiúla nach bhfuil cláir Gaeilge acu faoi láthair. Táimid ag obair le Raidió na Life ón tús, fiú ón gcomhairle a thug siad dúinn. Táimid i dteagmháil le Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá freisin. Táimid ag iarraidh imeacht craolta a chur ar fáil le linn bliain na Gaeilge ionas go mbeidh comhchraoladh 24 uair an chloig idir na stáisiúin uilig. Sílim gur mór an rud é sin agus go bhfuil an féidearthacht ann é a dhéanamh. Anuas ar sin arís, toisc go bhfuilimid ag obair le daoine ina leithéidí Raidió na Gaeltachta agus in áiteanna eile, tá tuairisceoirí againn le tuairisc.ieagus le NÓS, a dhéanann léiriú ar chuid de na cláracha siamsaíochta nó a chuireann scéalta nuachta agus mar sin de ar fáil. Ar an gcaoi sin, tá pobal iontach againn agus tá na féidearthachtaí uilig ann, seachas na deiseanna maoinithe sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil dualgas áirithe ar na stáisiúin eile ar nós Galway Bay FM go gcaithfear méid áirid cláracha a chraoladh trí mheán na Gaeilge. An bhfuil deiseanna ag stáisiúin na bhfinnéithe cláracha a dhéanamh dóibh siúd agus a dhíol dóibh le go mbeadh siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin BAI mar sórt soláthar cláir? Ar bhreathnaigh na finnéithe ar sin?

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Níl taithí dhíreach agamsa ag feidhmiú laistigh d'aon stáisiún tráchtála. Ag brath ar fhianaise starógach - anecdotal evidence - an rud a chloisimid ná go dtarraingítear láithreoirí isteach sna stáisiúin sin le clár Gaeilge a dhéanamh sa graveyard shift agus go n-íoctar pinginí leo. Go bhfios dom, mar gheall ar na coinníollacha atá acu, ní fhéadfaidís clár a cheannach ó stáisiún raidió pobail. Bíonn muidne, mar stáisiún pobail, ag comhoibriú le stáisiúin pobail eile ar fud na tíre ag déanamh malartú clár mar a dhéanann muid le Raidió Fáilte agus le Raidió na dTreabh. Cuireann muidne cláracha dár gcuid féin ar fáil do stáisiúin raidió pobail eile, mar shampla, Raidió Pobail Chonamara. Mar shampla, bíonn bailiúchán de na hagallaimh is fearr ón tseachtain, "Scoth na Seachtaine", déanta againne. Roinntear é sin leis na stáisiúin pobail ar fud na tíre. Maidir le deiseanna rudaí a dhíol, ní fhacthas dúinn riamh go raibh deis ann ioncam a thuilleadh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dualgas chomh maith, mar a thuigim, ar Raidió na Gaeltachta méid áirithe cláracha a cheannach ón earnáil neamhspleách. Níl a fhios agam an bhfuil deis ansin. Tá iar-chraoltóirí de chuid an raidió anois ag díol cláracha ar ais le Raidió na Gaeltachta ar théamaí áirid, faoi chúrsaí oideachais ach go háirid. Sílim go bhfaightear an maoiniú ón BAI. B'fhéidir gur fiú comhráití a bhunú idir na finnéithe mar thrí eagraíocht le Raidió na Gaeltachta le féachaint an bhfuil na finnéithe ábalta cabhrú leo. Ní féidir le Raidió na Gaeltachta féin na cláracha a dhéanamh. Tá dualgas air dul taobh amuigh den teach le méid áirid a dhéanamh. B'fhéidir gur foinse maoinithe a bheadh ansin do Raidió na Life ó thaobh chláracha a ghiniúint, a chur i dtabhall a chéile agus a dhíol lena leithéidí Raidió na Gaeltachta, má tá an deis sin ann.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Bhí muide i dteangmháil le stáisiún tráchtála sa gceantar. Níor léirigh siad mórán spéise ionann ó thaobh sholáthar cláir, áiseanna a roinnt nó rud ar bith mar sin. Ní heol dom go bhfuil clár Gaeilge ag aon stáisiún tráchtála sa cheantar s'againne faoi láthair. Níl a fhios agam cé na féidearthachtaí atá ansin.

Mr. Fergus Ó hÍr:

Níl aon stáisiún tráchtála ag craoladh i nGaeilge nó ag craoladh clár Gaeilge sa Tuaisceart. Mar chuid den scéim ag Irish Language Broadcast Fund, ILBF, nó Scáileán Thuaisceart Éireann, atá ag maoiniú cúrsaí traenála linn, an aontú atá ann ná go mbíonn ar a laghad 50 clár déanta faoin scéim sin agus go mbeidh siad á ofráil go stáisiúin eile. Déanann muid sin. Má tá duine ar bith ag iarraidh cuid acu a úsáid, tá siad ann.

Maidir leis an BAI, d'fhéadfaí athrú beag a dhéanamh ar an gcóras sin a bheadh ina chuidiú ollmhór dúinn. Sa dóigh a oibríonn an BAI faoi láthair, caithfidh craoltóir a bheith sa 26 Chontae. Ní leor dúinne seó a dhéanamh don BAI agus é a chraoladh ar Raidió Fáilte. Caithfimid craoltóir eile a fháil áit éigin sa Phoblacht. Bheadh sé go maith dá dtiocfadh linn an riail bheag sin a athrú ionas go mbeadh muidne ábalta a bheith mar chraoltóir de seóanna an BAI agus iad a ofráil go stáisiúin eile sa chuid eile den tír. Dá mbeadh an t-athrú beag sin ann, bheadh foinse eile airgid againn a bheadh níos fusa le haimsiú. B'fhéidir gur féidir leis an gcomhchoiste rud éigin a dhéanamh maidir le sin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go bhféadfadh an coiste cuireadh a thabhairt don BAI teacht os ár gcomhair agus an cheist sin a phlé agus na ceisteanna eile a bhaineann le craoladh trí mheán na Gaeilge, dualgais an BAI agus na deiseanna atá ann a phlé. Lena cheart a thabhairt don BAI, tá cuid mhaith tacaíochta tugtha aige do chraoltóirí éagsúla le roinnt blianta anuas.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ba mhaith linne go mór go labhródh an coiste leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge faoin gceist mhaoinithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an rud. Pléifidh muid na hábhair sin. Bhí mé chun achomharc nó summary a dhéanamh anois maidir leis na rudaí atá ordaithe ag na finnéithe. Rud amháin ná Foras na Gaeilge agus na critéir atá ann maidir le hairgead. Tá sé ráite ag Raidió na dTreabh nach féidir níos mó ná dhá scéim raidió-----

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Faoi láthair, tá dhá scéim raidió pobail ann. Tá ceann do na Sé Chontae nó do Bhéal Feirste-----

Mr. Fergus Ó hÍr:

Ceann do na Sé Chontae agus ceann do-----

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Ceann do na Sé Chontae agus ceann do na 26 Chontae. Má fhanann cúrsaí mar atá faoi láthair, dá gcuirfeadh muid isteach ar an scéim an chéad uair eile in 2018 don bhliain 2019 agus dá n-éireodh linn, ciallódh sé sin go mbeadh Raidió na Life gan maoiniú.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh na dreamanna eile thíos leis.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Nílimid ag iarraidh sin. An argóint atá againne agus an rud gur mhaith linn ná go mbeadh an deis ag aon dream. Nílimid ag iarraidh go ndéarfadh Foras na Gaeilge go mbeadh ceann ann do Chorcaigh, Gaillimh agus Luimneach. Ní shin atá uainn. Dá dtiocfadh dream chun cinn sna ceantair sin, mar a tháinig muide chun cinn i nGaillimh, táimid ag iarraidh nach mbeadh an bac sin ann agus go mbeadh sé níos éasca an t-airgead a chur ar fáil dóibh níos sciobtha. Mar a dúirt mé, táimid ar an bhfód le bliain anois agus níl aon airgead tagtha isteach. Tá sé fíor-dheacair. Níl Emma Ní Chearúil san oifig níos mó. Tá an samhradh ag teacht. Tá sé fíor-dheacair an rud a rith. Mar a luaigh Emma Ní Chearúil, toisc nach bhfuilimid ar FM, ní féidir linn cur isteach ar chistí eile do stáisiúin eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigimid. Pléifidh muid na hábhair agus tabharfaidh muid aon chabhair gur féidir linn a thabhairt do na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach acu. Níl sé éasca. Léargas iontach a bhí ann dúinne. Níl a fhios agam faoi na baill eile, ach ní raibh an t-eolas uilig agam ar chor ar bith. Léargas cuimsitheach a bhí ann. Pléifidh muid é.

Gan dabht, bhí smaoineamh maith ag an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir leis an BAI.

6:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula dtabharfadh muid an BAI agus an Roinn isteach, is fiú dúinn léargas a fháil ó Raidió na Gaeltachta agus RTÉ maidir lena bhfuil ar bun acu sin ó thaobh chraoladh trí mheán na Gaeilge ach go háirithe-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Pléifidh muid é agus déanfaidh muid cinneadh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sé sin tábhachtach sula dtagann an Roinn isteach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a tharlaíonn, tá cruinniú agam amárach le Foras na Gaeilge. Is féidir liom an rud sin a ardú amárach. Beimid mar choiste ag scríobh chuig Foras na Gaeilge go foirmiúil freisin. Is é sin é, muna bhfuil aon rud eile.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Ba mhaith liom an bhéim a leagadh ar an bpointe gur fiú breathnú ar an gceadúnas teilifíse-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Bhí sé sin marcáilte agam.

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

-----le feiceáil an bhfuil céatadán ann go bhféadfaí a leithdháileadh ar na stáisiúin radió pobail Gaeilge ach go háirithe, mar táimid ag déanamh jab den scoth ag cur an Ghaeilge chun cinn.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gceist sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aire faoi sin. An bhfuil aighneachtaí curtha ar aghaidh ag na finnéithe chuige sin?

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Tá ár n-aighneacht curtha isteach chuig an gcomhchoiste seo. Is é seo an chéad cháipéis fhoirmeálta atá curtha le chéile againn faoi sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mé dearmad air sin. Go raibh maith agat. Is dócha go bhfuil polasaí ag teastáil ón Rialtas maidir le raidió pobail uilig. Is é sin an rud atá in easnamh i ndáiríre.

Mr. Fergus Ó hÍr:

An bhfuil Mr. Ó Fiannachta ag moladh é a chur isteach sa scéim pobail?

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Ní hea. Bheadh sé go huile agus go hiomlán scoite amach ón scéim raidió pobail. An rud atá á ghlacadh againne leis ná go bhfuil teorann leis an méid gur féidir le Foras na Gaeilge a dhéanamh. Táimidne buíoch don fhoras, mar atá Raidió Fáilte, ach mar atá ráite againn, má chuireann Raidió na dTreabh isteach ar mhaoiniú ón scéim, leis na hacmhainní reatha atá ag an bhforas, bheadh brú mór ar an scéim. Tá brú orainne mar atá, agus má táimid ag iarraidh an stáisiún a fhorbairt, agus measaimid go bhfuil sé ar cheann de na heagraíochtaí Gaeilge is bisiúla atá ann, agus tá gá le maoiniú ó fhoinsí eile. Bheadh sé go hiontach dá gcuirfí le pota an fhorais do na stáisiúin phobail, ach measaimid go bhfuil bealaí eile le breathnú ar mhaoiniú chomh maith taobh amuigh den fhoras.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh Raidió na dTreabh i dteagmháil le haon Aire nó an bhfuil iarratas curtha isteach acu?

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Scríobh muid chuig an Aire Stáit sa Roinn Gaeltachta anuraidh.

Ms Emma Ní Chearúil:

Bhíomar i dteagmháil leis an Roinn Gaeltachta ar dtús ag fiosrú mar gheall ar mhaoiniú nó deiseanna maoinithe. Chuir siad i dtreo Fhoras na Gaeilge muid agus tháinig muid ar an scéim ar an gcaoi sin.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

An t-iar-Aire Stáit, Teachta Joe McHugh, a bhí ann an uair sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an Roinn i dtreo an fhorais sibh.

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Is ea.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le na finnéithe. Slán abhaile leo. Beidh sos beag againn.

The joint committee suspended at 6.42 p.m., went into private session at 6.47 p.m. and adjourned at 6.53 p.m. sine die.