Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte ar na finnéithe. Tá mé ag ceapadh go bhfuil aithne agam orthu ar fad. Tá mé curtha faoi agallamh ag roinnt acu roinnt uaireanta agus bhí mé curtha in aghaidh an bhalla go rialta. Is maith ann iad leis é sin a dhéanamh. Tréaslaím an obair ar dtús, go háirid an dream atá ar an bhfód le tamall maith de bhlianta. Tá obair na gcapall déanta acu ag treabhadh as an ngort céanna ach is breá an rud an obair nua atá le feiceáil i nGaillimh ó thaobh na hiarrachtaí atá ar bun an stáisiún a chur ar bun ansin. Molaim go mór iad as an obair sin. Níl sé éasca, go háirid nuair nach bhfuil na pingneacha ann. Tá roinnt ceisteanna agam. Bíonn an Cathaoirleach ag cur brú orm go gcaithfidh mé ceisteanna a chur. Mar sin, tá riar ceisteanna agam.

Ó thaobh na Feirste, an mbeidh tionchar ag Brexit ar an stáisiún? Má tá, cén tionchar a bheidh i gceist leis sin? Díreach ó thaobh comhoibriú leis na heagraíochtaí eile, an ceangal le Ofcom agus b'fhéidir an ceangal leis an Irish Language Broadcast Fund, ILBF, nó aon rud mar sin, an mbeidh tionchar ar bith ag Brexit ar an stáisiún ó thaobh maoinithe de nó maidir le comhoibriú, craoladh go praiticiúil nó i dtaobh an teicneolaíocht agus mar sin de?

Idir na stáisiúin ar fad, cén deiseanna comhoibriú atá ann? Cén chaoi is féidir leo oibriú as lámh a chéile? An bhfuil siad ábalta saineolas, trealaimh, daoine agus cláir a roinnt? Céard is féidir a dhéanamh? An féidir leo teacht le chéile ó thaobh traenála agus mar sin de? An bhfuil deis ann le fóram a chur le chéile ansin?

Tá aon duine atá ag craoladh ar FM, agus beidh siad le cúnamh Dé go luath, teoranta ó thaobh FM. Cén craoladh atá ar bun ar an Idirlíon? Is iomaí duine anois nach bhfuil an raidió ar an seandéanamh acu agus a bhíonn ag éisteacht ar an Idirlíon, ar an ríomhaire nó ar an bhfón póca. Cén deiseanna a thugann sé sin do na stáisiúin? An bhfuil siad ar fad ag craoladh ar an Idirlíon? An bhfuil baic nó constaicí leis sin chomh maith céanna?

Ó thaobh tallann a fhorbairt, tá a fhios agam gur luaigh Raidió na Life go mbíonn an tallann á sciobadh uathu ach b'fheidir gur dea-chomhartha é sin. Nuair a bhí muide ag obair ar Ros na Rún fadó, ghlac muid mar shórt dea-chomhartha é go raibh na daoine maithe á dtógáil uainn. Bhraith muid go raibh muid tar éis jab maith a dhéanamh le daoine a chur chun cinn. Caitheann daoine tosú in áit éicint. Ó thaobh fhorbairt tallainne, cad iad na riachtanais atá ag na stáisiúin? An iad láithreoirí, teicneoirí nó lucht eagarthóireachta is mó atá ag teastáil? Cén sórt tallann atá ó na stáisiúin agus cad é an bealach is fearr chun é sin a fhorbairt? Cén cineál foghlama a bhíonn i gceist? An ag foghlaim ar na gcnaipí agus ar an micreafón a bhíonn i gceist? An bhfuil deiseanna traenála ann a bhíonn siad in ann a chur ar fáil do dhaoine? Cén chaoi a n-oibríonn siad sin?

Tá na stáisiúin luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá cuid acu ar a laghad. Níl a fhios agam an raibh Raidió na dTreabh ar an bhfód nuair a bhí an straitéis á scríobh, ach bhí an samhail ann b'fhéidir go mbeadh a leithéid ann. Cén plé atá déanta ag Roinn na Gaeltachta nó an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, fiú, ó thaobh an róil atá le himirt ag na stáisiúin ó thaobh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Cuireadh iontas orm le deireanas nuair a labhair mé leis an Aire, an Teachta Denis Naughten, sa Seanad. Chuir mé ceist air maidir leis an bplé atá ar siúl idir an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus Roinn na Gaeltachta. Ní dóigh liom go raibh cruinniú ná plé ar bith eatarthu. Bheadh sé spéisiúil é a fháil amach. Sílim go bhfuil na stáisiúin luaite go sonrach sa straitéis, mura bhfuil dul amú orm. Cinnte tá an raidió pobal luaite mar choincheap. An raibh plé ar bith ag aon am leis na stáisiúin maidir leis an ról atá le himirt acu, na hacmhainní a theastódh agus mar sin de?

Ó thaobh na raidiónna pobail eile atá ar an bhfód nach bhfuil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, tá sampla iontach againn féin thiar i gConamara - Connemara Community Radio. Faigheann sé sin maoiniú eile ó fhoinsí eile. An bhfuil na stáisiúin seo ábalta teacht i dtír ar na foinsí sin? Muna bhfuil, cén fáth? An constaic Gaeilge atá ann? An bhfuil sórt bac orthu cur isteach ar na foinsí sin de bharr go bhfuil siad ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge? An bhfuil an cineál leibhéil mhaoinithe a fhaigheann siad siúd i gcomhréir? Ó thaobh na n-oileán de, fuair muid amach le deireanas go raibh na comhlachtaí forbartha pobail - na comharchumainn ar na hoileáin - faoi mhíbhuntáiste mar gheall go raibh siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Bhí an t-airgead a bhí siadsan ag fáil níos lú ná an t-airgead a bhí ag an dream a bhí ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ar na hoileáin eile. Bheadh sé spéisiúil fáil amach an bhfuil na stáisiúin anseo inniu faoin croimeasc céanna ó thaobh na Gaeilge de. An bhfuil siad ag fáil ráta níos lú maoinithe de bharr go bhfuil siad ag craoladh trí Ghaeilge? An bhfuil siad ag fáil níos mó? An féidir leo teacht i dtír ar na cistí sin a bhíonn ar fáil acu sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.