Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Teastaíonn uaim díriú isteach ar scéim na mbóithre áise an athuair. Tá dianphlé déanta uirthi arís agus arís eile. Is é seo an píosa is tábhachtaí de chóras bóithre na tíre. Déileáileann an scéim leis an chéad cúpla slat a tiománann daoine ar maidin agus píosa deireanach don bhóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal ag deireadh an lae. Is píosaí bóthair iad ar a mbíonn daoine i gcónaí. Tá geallúint sa chlár Rialtais go gcuirfí airgead ar fáil i gcomhar an local improvement scheme, LIS. Sin iad na bóithre céanna ar fud na tíre. An féidir leis an Aire Stáit an uirlis nó geallúint sin a úsáid, nuair a théann sé i dtreo an Aire Airgeadais, chun cinntiú go gcuirfí airgead ar fáil i gcomhar scéim na mbóithre áise agus na bóithre áitiúla sna ceantair Gaeltachta? Tá an gealltanas sin sa chlár Rialtais.

Mar gheall ar na pleananna a bheidh na scoileanna ag cur le chéile, tá pobail na scoileanna éagsúla ar fud na tíre go léir ag díriú isteach ar chinneadh a dhéanamh chun dul sa tóir orthu agus conas a chuirfidh siad iad i bhfeidhm. Ceann de na rudaí atá le feiscint ná go bhfuil múinteoirí breise le cur ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích. Cathain a bheidh na múinteoirí sin á gcur ar fáil? Tógfaidh sé thart ar bhliain sular chuirfí na pleananna le chéile. An bhfuil sé i gceist go mbeadh na múinteoirí sin ar fáil i 2018 nó 2019? Cathain a bheidh siad ar fáil? Beidh thart ar 30 dóibh ann. Conas a scaipfí na múinteoirí sin i measc na scoileanna go léir a bheidh á lorg? Táim cinnte go mbeidh roinnt mhaith de na scoileanna sa tóir orthu. Conas a scaipfí na múinteoirí sin i measc na scoileanna go léir?