Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tiocfaidh mise isteach ag an phointe sin agus beidh deireadh leis na ceisteanna ansin. Tá beagáinín díomá orm nach n-aithnítear an ghéarchéim maidir leis an Ghaeilge. Tugaim moladh don Roinn ó thaobh an dul chun cinn atá déanta, ach nuair a bhreathnaítear ar an tráchtaireacht a tháinig os ár gcomhair ón Choimisinéir Teanga, tá súil agam go bhfuil sé léite ag chuile ball den Roinn. Níl aon dabht go bhfuil géarchéim anseo.

Tá moltaí áirithe déanta ag an Chomisinéir. I measc na moltaí tá trí mhórmholtaí. Ba mhaith liom tuairim an Aire Stáit ar cad atá le déanamh aige maidir leis an trí phríomhmholtaí a chloisteáil. Ceann amháin de na moltaí ná go mbeadh "polasaí nua earcaíochta a fheidhmiú ina sonrófar íosmhéid foirne le Gaeilge d'eagraíochtaí stáit". Téann sé ar aghaidh agus deireann sé go bhfuil gá le "monatóireacht neamhspleách", taobh amuigh den Rialtas, "a dhéanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuairisciú rialta chuig Coiste Oireachtais". Leanann sé ar aghaidh le moladh "go dtosófaí ag éabhlóidiú ó chóras scéimeanna teanga chuig córas rialachán." Tuigim go nglacann an tAire Stáit le sin.

Is é an tríú mholadh ná "go bhforbrófaí plean cuimsitheach do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, bunaithe ar thaighde gairmiúil." Is iad sin trí mhórmhóltaí i measc moltaí eile. Is é seo an dara tráchtaireacht riamh ó bunaíodh oifig an Choimisinéara. Níor tháinig an Comisinéir os ár gcomhair gan machnamh a dhéanamh. Is é seo an t-aon tráchtaireacht ar an teanga. An fhreagróidh an tAire Stáit na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Muimhneacháin agus, ar an leibhéal ginearálta sin, cad é freagra na Roinne don Tuarascáil seo ón Choimisinéir Teanga?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.