Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir le ceist an Teachta Ó Muimhneacháin ó thaobh na mbóithre áise, i dtús báire beimid ag plé leithdháileadh aon airgead breise go luath i mbliana. Mar shampla, beidh airgead Leader i gceist. Más rud é go bhfuil sé ar fáil, beimid ag breathnú laistigh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ina hiomlán agus beimid ag smaoineamh ar scéimeanna leithéid í scéim na mbóithre áise nó scéim éigin maidir le bóithre. Níl cinneadh déanta ar sin go fóill. Ó thaobh an chéad bhliain eile, beimid ag iarraidh airgid. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil ráiteas sa chlár Rialtais go mbeidh breis airgid don LIS. Beimid ag iarraidh breis airgid d'infreastruchtúr sa Ghaeltacht. Beidh bóithre laistigh de sin freisin. Beimid ag déanamh é sin.

Ó thaobh phleananna oideachais agus na múinteoirí breise, níl sé sin leagtha amach go fóill. Is ceist don Roinn Oideachais agus Scileanna go príomhá í. Tá a fhios agam go bhfuil cúig bliana ag na scoileanna chun an athrú seo a dhéanamh. Nílim cinnte. B'fhéidir go bhfuil níos mó dul chun cinn déanta i rith na coicíse ná mar atá ar eolas agam faoi láthair. B'fhéidir gur ceist í sin don Roinn. Níl a fhios agam an raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna os comhair an Choiste chun na rudaí seo a phlé. B'fhéidir gur smaoineamh é sin. Tá a fhios agam go mbeidh níos mó acmhainní ar fáil ó 2018. Nílim cinnte an bhfuil an cinneadh déanta go fóill maidir le breis múinteoirí agus acmhainní.

Ó thaobh cheisteanna an Chathaoirligh, casaim go minic leis an Choimisinéir Teanga, go hoifigiúil agus taobh amuigh do chruinnithe foirmiúla freisin. Pléitear na rudaí seo. Táimid ar aon intinn maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus, mar is eol don choiste, táimid go léir ag obair le chéile chun brú ar aghaidh leis na rudaí seo. Tá an taighde a rinne an Coimisinéir Teanga fíor-tábhachtach. Chuir mé fáilte roimh an obair a rinne sé nuair a fhoilsíodh é. Phlé m'oifigigh é leis an Choimisinéir cheana féin. Ní bheidh mé ina aghaidh. Beidh mé ag caint leis arís go gairid chun é seo a bhrú chun cinn.

Ó thaobh an chóras earcaíochta, beidh é seo á chlúdach agam sa Bhille nua. Pléadh an tábhacht a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar an phróiseas earcaíochta leis an choiste. Tá an-obair déanta, mar a dúirt mé, ag feidhmeannaigh mo Roinn le feidhmeannaigh ó chuile Roinn eile, chun an rud seo a bhrú ar aghaidh. Táimid go léir ar an leathanach céanna ó thaobh an tábhacht a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.