Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní aontaím go bhfuil géarchéim ann. Tá deacrachtaí ann agus tá sé sin soiléir. Ach, tá na pleananna agus an fhoireann againn chun dul ar aghaidh, an straitéis a chur i bhfeidhm agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus a fhoilsiú ar an bpróiseas earcaíochta. Tá an-obair déanta ag an stiúrthóir don Ghaeilge atá ag dul thart agus ag casadh le feidhmeannaigh ó chuile Roinn chun na rudaí seo a phlé. Caithfimid a bheith dearfach faoi sin. Bhí siad sásta casadh linn. Mar a luaigh mé leis an gCathaoirleach, rinne an coiste seo réamh-obair ar sin nuair a chuir sé an questionnaire go chuile Roinn faoin bpróiseas earcaíochta agus feidhmeannaigh i chuile Roinn. Is rud maith é sin agus déanfaidh sé difríocht.

Ag tús an chruinnithe i bhfreagra ar cheist Theachta Tóibín, luaigh mé go gcaithfimid a bheith dearfach faoi na daoine óga atá in ann Gaeilge a labhairt agus faoin méid Gaelscoileanna atá trasna na tíre. Táimid ag tacú leo. Bíonn fadhbanna ó thaobh spáis de agus bíonn deacrachtaí ag daoine dul isteach iontu, ach táimid ag tacú leo. B'fhéidir go gcaithfimid níos mó a dhéanamh. Caithfimid a bheith dearfach faoin obair atá déanta inár nDáilcheantar féin ó thaobh an infreastruchtúir oideachais de. Tá a fhios agam go raibh ról ag chuile polaiteoir sa Dáilcheantar i gcur i bhfeidhm a leithéid den Ghaelscoil nua in Órán Mór, Gaelscoil de hÍde, Gaelscoil Mhic Amhlaidh agus Coláiste na Coiribe. Tá infreastruchtúr deas nua ag na páistí chun Gaeilge a fhoghlaim ann. Freisin, don chéad uair riamh tá plean oideachais don Ghaeltacht againn. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur an polasaí sin i bhfeidhm. Beidh deacrachtaí ann, go mórmhór ar imeall na Gaeltachta agus i mo cheantar féin, agus beidh cinneadh le déanamh i Maigh Cuilinn, Bearna, Baile Chláir na Gaillimhe agus áiteanna mar sin ar an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm agus dul i dtreo oideachais lán-Ghaeilge.

Mar shampla, ó thaobh na Gaeltachta, tá 56,000 gasúr ag dul chuig an Ghaeltacht gach bliain agus táimid ag tacú leo. Déanann sin rud tábhachtach ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh gheilleagar na gceantar, toisc go dtacaímid leis na mná tí. Tá pleananna againn. Tá infheistíocht agus breis acmhainní curtha ar fáil. Tá na pleananna teanga fíor-tábhachtach agus táimid ag leanúint ar aghaidh leo. Mar is eol don choiste, tá níos mó le déanamh. Beidh orainn breis acmhainní a fháil chuile bliain as seo amach freisin chun na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.