Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Ms Niamh Ní Chróinín:

Maidir leis an bhfógraíocht, cinnte táimid ag súil le fógraíocht a chur ar an stáisiún. Tá sé sin tosaithe againn. Bhí an chéad fhógra oifigiúil againn i mí na Nollag. Mar sin, bheadh muid cinnte in ann airgead a bhailiú sa tslí sin. Maidir leis an stáisiún a bheith cineál i bhfolach, tá sé toisc nach bhfuil sé ar FM. Nuair a éisteann daoine leis an raidió, is dócha go n-éisteann siad leis an raidió ar FM roimh aon rud eile. Téann muid go b'fhéidir 20 nó 25 coláiste samhraidh gach bliain agus bíonn caint ann ó Chonradh na Gaeilge agus ó Raidió Rí-Rá. Téann muid go scoileanna agus déanann muid ceardlanna. Ó bheith ag freastal ar choláistí samhraidh agus scoileanna, cuireann sé ionadh orm in amanna go bhfuil a fhios ag gach duine céard é Raidió Rí-Rá agus go n-aithníonn siad an branda. Más rud é go raibh sé ar FM, braithim go mbeadh a fhios ag níos mó daoine óga faoi cheana féin.

Chomh maith le sin, cabhraíonn na meáin shóisialta go mór linn agus níos mó ná aon rud eile, b'fhéidir. Thosaíomar sraith físeán an tseachtain seo caite. Shroich físeán trí nóiméad de lad óg ag canadh as Gaeilge 6,000 duine laistigh de chúpla nóiméad. Tá tionchar an-mhór agus deis an-mhór dul i bhfeidhm ar dhaoine sa tslí sin.

Maidir le comhoibriú le stáisiún eile, mar a luaigh Julian de Spáinn, cinnte bheadh muid sásta comhoibriú. Braithim go bhfuil Raidió Rí-Rá an-éagsúil ó Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Tá sé éasca iad a chur sa chatagóir céanna toisc go bhfuil na stáisiúin ar fad ag craoladh trí Ghaeilge. Braithim go bhfuil Raidió Rí-Rá níos cosúil le 2FM, Spin 103.8, Red FM agus na stáisiúin sin ar fad. Tá cruth an stáisiúin cosúil leo, ach amháin go bhfuil sé as Gaeilge. Más rud é go raibh clár in oiriúint á chraoladh ag Raidió na Life nó Raidió Fáilte, bheadh sé iontach é a chraoladh ar Raidió Rí-Rá. Ní fheicim fáth nach bhféadfadh muid stiúideo a roinnt ó am go chéile más rud é go raibh daoine i mBéal Feirste ag iarraidh craoladh a dhéanamh i mBaile Átha Cliath agus go mbeadh socruithe déanta.

Níl na figiúirí againn do líon na ndaoine atá ag éisteacht ar DAB nó ar an aip. Ó thosaigh an stáisiún in 2008, tá na figiúirí ar líne ag fás gach bliain. Do 2016, bhí 11,112 duine ag éisteach ar líne sa mhí. Bhí 9,576 ag éisteacht in 2015 agus bhí 7,327 ag éisteacht in 2014. Tá fás de 2,000 duine ann gach bliain agus tá an fás sin leanúnach. Tá sé sin díreach don chraoladh ar líne. Más rud é go rabhamar ag tógáil an aip agus an DAB san áireamh, bheadh an figiúr sin i bhfad níos airde chomh maith.