Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Glacfaidh mise le roinnt de na ceisteanna mar bhí mé ag plé le Raidió Rí-Rá ón tús agus b'fhéidir go líonfadh Niamh Ní Chróinín na bearnaí ó thaobh céard atá ag tarlú faoi láthair.

Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh treoirlínte ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus na rudaí eile a bheadh tábhachtach dá mbeadh muid ag dul ar aghaidh go lánaimseartha ar FM. Tá an ceart aige ach leis an gceadúnas DAB atá againn, mar shampla, tá díolúintí againn ó na riachtanais maidir le nuacht ar an stáisiún. Is é an bunús leis sin ná go bhfuil muid ag tabhairt eolas agus nuacht faoi phobal na Gaeilge agus faoi shaol na Gaeilge. B'fhéidir nach bhfaighfeá a leithéid ar chuid mhaith de na stáisiún eile a bheadh faoi cheadúnas ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Mar sin, tá bealaí timpeall ar na rudaí sin. Dá mbeadh muid ag dul ar aghaidh ar FM agus dá mbeadh maoiniú le fáil ag Raidió Rí-Rá, go bhfios dom, bheadh ar Thithe an Oireachtais labhairt faoi sin agus teacht suas le meicníocht chun go bhféadfadh sin a tharlúint freisin. Ní bhraithim gur deacracht é sin . Braithim gur chineál rud atá ann a bheadh teicniúil ach éasca a dhóthain a chur tríd. Is rud bunúsach é. D'fhéadfaí sa treoir céanna rudaí a chur isteach a dhéanfadh cinnte de nach mbeadh aon treoirlínte mar ualach a athródh an bunrud atá Raidió Rí-Rá ag iarraidh a dhéanamh agus é sin seirbhís chairt stáisiún a chur ar fáil.

Ó thaobh Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus céard atá ar fáil, tá an ciste fís agus fuaim atá ar fáil dírithe ar chláir faoi leith a dhéanamh nó ar shraith chláir cainte faoi rudaí éagsúla. I ndáiríre níl sé in oiriúint don chineál oibre atá ar siúl againn. Bíodh sin ann agus tá se go maith go bhfuil sé ann do na stáisiúin ann. Bíonn Raidió na Life in ann tairbhe a bhaint as agus tá sé sin go maith, ach is maoiniú faoi leith atáimid ag caint faoi sa chomhthéacs seo a bheadh ag teacht go díreach ón gceadúnas teilifíse.

I ndáiríre, go bhfios dom, íoctar an costas tarchur le RTE ar pháipéar amháin. Íocann Raidió na Gaeltachta, mar shampla, an t-airgead le RTE chun craoladh ar an gcóras tarchur atá ag RTE. B'fhéidir go bhfuil sé ar pháipéar nó eile, ach tá sé scríte go bhfuil an íocaíocht céanna i gceist. B'fhéidir go mbaineann sé seo le rialacha na hEorpa nó rud éigin eile, ach shamhlóinn go gcaithfear a léiriú ar pháipéar ar aon nós cad as a bhfuil an t-airgead ag teacht. Más rud é go raibh RTE in ann é a chur ar fáil saor in aisce dúinn, fós bheadh gá a scríobh go raibh an t-airgead ag teacht ó áit éigin, ach sílim go bhfuil sé sin indéanta.

Luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill an straitéis 20 bliain. Tá sé seo luaite sa straitéis. Táimid an-sásta leis an gcabhair atá faighte againn ó Roinn na Gaeltachta go dtí seo. Tá na hoifigigh agus na hAirí Stáit tar éis cabhrú le forbairt an stáisiúin. Fiú amháin an comhrá a bhí againn maidir leis an tionscadal dhá bhliain a bhí againn maidir le bainisteoir lánaimseartha, thuig siad go bhfuilimid ag iarraidh é seo a bhogadh lasmuigh de Roinn na Gaeltachta. Tá tuairim láidir agus leanúnach againn nach cóir go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag íoc as gach rud a bhaineann leis an teanga. Ní dhéanann sé sin aon chiall. Ba chóir go mbeadh na Ranna eile ag glacadh lena bhfreagracht maidir leis sin.

Níl aon fhadhb againn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Dá mbeadh clár nó dhó dírithe ar dhaoine óga, d'fhéadfaimid é sin a dhéanamh. Is soláthar an-éagsúil é Raidió Fáilte agus Raidió na Life, áfach, mar tá siad ag freastal ar an bpobal ina iomlán. Tuigeann muid é sin. Ach ní hé sin le rá nach bhféadfaí rud éigin a dhéanamh leo. Is soláthar agus stáisiúin éagsúla atá i gceist, áfach.

Ó thaobh tarchur ó Thuaidh, cuimsíonn an €1.1 milliún na Tríocha-dó Contaetha. Sin an t-eolas atá againn.

Tá an ceart ag an Teachta Tóibín go bhfuil an tseirbhís i bhfolach, ach rud spéisiúil atá ann ná go bhfuil an t-eolas atá ag daoine óga faoi Raidió Rí-Rá, fiú go bhfuil sé i bhfolach, dochreidte. B'fhéidir go labhródh Niamh Ní Chróinín a thuilleadh faoi seo.

Nílimid ar an JNLR nó na rudaí sin le fáil amach ce mhéad duine atá ag éisteacht linn. B’fhéidir go mbeidh Niamh Ní Chróinín in ann labhairt beagáinín faoin lucht éisteachta atá againn. Ní féidir linn é a mheas ó thaobh DAB de mar nach bhfuil aon figiúirí ann. Ní féidir linn é a mheas ar an aip. Is áit í sin atáimid ag samhlú go bhfuil go leor daoine ag éisteacht leis. Is féidir linn é a thomhais ar an Idirlíon agus tá na figiúirí sin ag Niamh Ní Chróinín.

Maidir le comhairle Raidió na Gaeltachta, bhuaileamar le RTE agus bhí Raidió na Gaeltachta mar chuid den toscaireacht sin cúpla bliain ó shin maidir le forbairt an stáisiúin. Bhí spéis acu rud faoi leith a dhéanamh, is é sin, an clár atá aontaithe anois agus atá ag craoladh le dhá bhliain anuas. Is dul chun cinn a bhí ansin. Chun an fhírinne a rá, níor tháinig aon ghrúpa chugainn ag rá gur bhreá leo níos mó ná sin a dhéanamh. Táimid an-shásta go ndearnamar an méid sin ag an bpointe seo.

Maidir leis an dteagmháil atá againn leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, lorgaíomar cruinniú leis roimh an Nollaig nuair a thosaigh sé. Dúradh linn dul ar aghaidh go dtí an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne. Tá Roinn na Gaeltachta cheana féin ag tacú linn. Mar sin, i ndáiríre, caithfimid dul anois go dtí an tAire sinsearach. Mar a dheirimid, is cinneadh Rialtais a bheadh i gceist, ach cinneadh a mbeidh cabhair ó Thithe an Oireachtais ag teastáil uaidh freisin. Dá mbeadh gach duine ag tarraingt le chéile, ar nós a rinneadh le TG4, d’fhéadfaí seo a chur ar bun ar chostas an-íseal, ach go bhfeicfeadh an tAire reatha an fís sin. Ba mhaith linn bualadh leis chun é sin a chur os a chomhair.

Maidir le na hoifigigh sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, tá siad tar éis a bheith an-tacúil le cúpla bliain anuas. Táimid ag labhairt le cuid de na hoifigigh sin le cúpla bliain agus tá siad tar éis an fhorbairt atá ag teacht ar an stáisiún a fheiceáil de réir a chéile. Tá siad ag breathnú ar bhealaí go bhféadfadh muid dul chun cinn a dhéanamh. Sílim gur chinneadh níos airde ná sin atá ann, mar go mbeidh cinneadh polaitiúla ag teastáil má tá sé le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Maidir leis an gcomhchoiste cumarsáide, sílim go raibh Niamh Ní Chróinín páirteach i gcomharliúchán a thosaigh siad le déanaí faoi thodhchaí cumarsáide na tíre. níor mhaith linn a bheith ag fanacht ar thoradh nuair atá rud éigin réidh againn cheana féin. Mar a dheireann Niamh Ní Chróinín, tosóidh rudaí ag titim as a chéile arís sa samhradh mar go mbeidh daoine ag imeacht agus eile. Níl an leanúnachas ann agus beimid ag tógáil arís, in ionad a bheith, mar a bhí an Teachta Tóibín ag rá, ag cur an scéal amach níos mó go bhfuilimid ann. Níos mó ná sin, táimid i gcónaí ag atheagrú arís agus ní chóir dúinn a bheith ag déanamh é sin. Ba chóir dúinn bogadh ar aghaidh agus dul os comhair an phobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.