Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Ms Bernadette Mullarkey:

An féidir liom rud éigin a chur le sin? Oibrím sa mhargaíocht agus is é an t-aon rud amháin a dhéanaimid i margaíocht ná dul ar an dtaobh eile den chuntair agus an cheist a chur cén chaoi a fheiceann an custaiméir na rudaí seo. Céard atá ag teastáil ón gcustaiméir? Na rudaí atá ag teastáil uaidh, sin na rudaí atá orm a dhíol dó. An chaoi agus an angle atá tugtha againn agus atáimid ag iarraidh a thógáil ar an gcoiste seo ná go caithfimid fáil amach cad atá ag teastáil ó na daoine, na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bheidh orthu an tseirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus céard atá le dhéanamh. Is féidir le haon duine plean teanga a scríobh. D'fhéadfadh Ms Ní Chonghóile é a dhéanamh, os rud é go bhfuil an cúrsa déanta aici. Mar sin féin, muna bhfuil sé ag freagairt ar céard atá ag teastáil ó na daoine atá orthu an tseirbhís a chur ar fáil, níl aon gá leis. Sin an tús, an lár agus an deireadh don chaoi ina dhéanaimid agus ina leanfaimid ar aghaidh leis an stádas dátheangach seo a bhaint amach. Ós rud é go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge le fáil, má chasann mé féin, nó turasóir nó duine éigin eile isteach i siopa, oifig nó bialann in áit nach bhfuil an tseirbhís ar fáil, beidh an duine isteach in ann a rá nach bhfuil aon Ghaeilge aige nó aici ach seo an áit ina bhfuil an tseirbhís ar fáil. Sin an chaoi ba chóir do dhaoine oibriú le chéile chun é sin a bhaint amach.