Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Ms Bríd Ní Chonghóile:

D'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh cúpla ceist maidir le Gaillimh le Gaeilge thar an 30 bhliain. An dtugaimid faoi deara aon difríocht ón lá a thosaigh Gaillimh le Gaeilge agus an lá agus an áit ina bhfuilimid inniu? Caithfidh mé a rá ó mo thaithí a bheith ag obair le gnólachtaí, nuair a thosaigh mise amach sa bhliain 1997 go raibh sé beagnach níos deacra dul i bhfeidhm ar ghnólachtaí, go raibh meon difriúil ann agus go raibh sé difriúil ag an am sin. Anois, tá sé athraithe go hiomlán. Cuirtear fáilte roimh an teanga. Tugaimid faoi deara chomh maith go bhfuil gnólachtaí ag leanúint le sampla TK Maxx. Tháinig sé go Gaillimh agus ní raibh baint ar bith againn leis, ach thug sé féin suas an teanga. D'úsáid sé comharthaíocht dhátheangach agus nuair a chuireamar an ceist ar na daoine bainteach leis cén fáth, dúirt siad go raibh siad ag teacht go Gaillimh agus gur cathair dátheangach í. Nuair a fheicimid an t-athrú meoin sin, tá fhios againn go bhfuilimid ag déanamh rud éigin ceart.

In aon thaighde a rinne Gaillimh le Gaeilge le cúpla bliain anuas, b'fhéidir gurbh é an taighde ar luach na Gaeilge do chathair agus Chontae na Gaillimhe an ceann is mó acu. Cuirtear an ceist i gcónaí ar dhaoine an bhfuil fiúntas ag baint leis an teanga. An bhfuil sé réalaíoch? Freagraíonn 90% de dhaoine go bhfuil buntaiste leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta ceannach isteach sa bhfís atá ag Ghaillimh le Gaeilge. Muna mbeadh, ní bheadh am againn dul thart ag rá go bhfuil sé seo go maith, mar a dúirt an Chathaoirleach, muna bhfeiceann siad iad féin é.

Sa taighde deireanach a rinneamar i dtreo stádas dátheangach do Chathair na Gaillimhe, dúirt 53% de mhuintir na cathrach go raibh comharthaíocht dátheangach nó comharthaíocht i nGaeilge in úsáid acu agus dúirt 67% acu gur úsáid siad stáiseanóireacht Ghaeilge no dátheangach. Táimid ag iarraidh é seo a mhéadú an t-am ar fad. Ó thaobh an mheoin, tá sé dearfach, tá an dea-thoil ansin agus tá muidne chun tógáil ar sin. Ach mar a dúirt seanchara liom uair amháin, Peadar Ó Flatharta, murar thuig leat chuile duine a thabhairt leat, tabhair leat na daoine a thuig agus oibrigh leo sin. Sin an meon atá ag Ghaillimh le Gaeilge.

Maidir leis an stádas dátheangach go praicticiúil, luaigh an Cathaoirleach é ó thaobh chúrsaí margaíochta de go bhfuil muidne ag plé le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bhí 20 gnó istigh ar an ngradam anuraidh, 11 dóibh sin as an nua. An t-aon fáth gur chuir siad isteach ar an ngradam ná an stádas dátheangach agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cheap siad gurbh é seo a sheans, an bealach gur féidir leo dul i bhfeidhm ar nithe cultúrtha na cathrach leis an nGaeilge. Mar sin, tá sé mar spreagadh do dhaoine. Tá go leor obair le dhéanamh, níl aon dabht, leis an stádas dátheangach seo a dhéanamh bailí i súile na ndaoine, ach is tús é. Tá muidne ag díríu aird mhuintir na Gaillimhe. Tá an chathair seo uathúil agus difriúil. Caithfimid é seo a choinneáil agus a dhaingniú, agus sin bealach amháin leis an stádas seo a bhronnadh orthu.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is straitéis é. Ní fiú domsa bheith ag caint sa seomra seo mar go bhfuil sé cloiste go minic cheana agam, ach níl mé ag rá aon rud nach bhfuil ráite cheana. Cuirfidh mé mar sin é. Tá maoiniú di. Tá stráitéis againn agus is straitéis maith í. Ar ndóigh, tá dúshlán ag baint léi agus ní bheidh Gaillimh le Gaeilge ag cur chuile eilimint den stráitéis i bhfeidhm. Beimid ag cur na nithe a bhaineann go sonrach linn i bhfeidhm chomh maith agus a thuig linn leis na hacmhainní atá ann.

An bhfuilimid ag plé le daoine sa chontae nó sa Ghaeltacht? Níl, de bharr cheal acmhainní. Má thagann duine éigin ó Chontae na Gaillimhe chugainn, go hoifig Ghaillimh le Gaeilge, ag lorg aistriúcháin nó ag lorg comhartha, ní chuirimid ó dhóras iad, ach ní théimid amach ina ndiadh. Tá neart le dhéanamh againn díreach le cathair na Gaillimhe féin agus an obair agus na spriocanna atá ann le cur i bhfeidhm. Is dóigh liom, maidir le bailte eile mórthimpeall na tíre, nach bhfuil aon fáth nár féidir leo tógáil ar an obair atá ar siúl i gcathair na Gaillimhe. Thosaigh muid amach ag taispeáint don lucht gnó, agus do gach duine, an fiúntas eacnamaíochta atá bainte leis an teanga. Is mise i mo Ghaeilgeoir. Má fheiceann mise comhartha thuas i mBaile Átha Cliath i nGaeilge, nó i bPort Láirge nó in aon áit eile, rachaidh mé isteach agus ceannóidh mé táirge. Is breá leis na turasóirí é. Déanann sé bailte agus cathracha uathúil agus níl aon fáth, leis an tacaíocht chuí, nach bhféadfadh na bailte sin tógáil ar an méid atá déanta ag cathair na Gaillimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.