Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh:

Ba chóir domsa na ceisteanna a fhreagairt ar dtús, os rud é go raibh an Cathaoirleach ag caint faoin ollscoil agus an cinneadh an dheineadar maidir le Gaeilge a bheith ag an uachtarán nua a cheapfar níos déanaí i mbliana. Aontaímse go pearsanta go hiomlán leis an Teachta Ó Cuív. Bhí díomá mór orm féin go ndearnadar an cinneadh seo. Bhí mé ag súil leis mar tá a fhios agam an chaoi ina bhfuil an gnó ar fad ag dul san ollscoil. Níl mé gan dóchas i gcónaí go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Tá mé ag súil go mbeidh. Níl aon chinnteacht ann nach mbeidh. Tá díomá orm faoi sin ar fad.

Ar an dtaobh eile den scéal, san Acht a cuireadh in áit an Acht 1929 nuair a bhí Teachta Ó Cuív sa Rialtas, is é sin Acht 2006, tá alt a leagan amach go gcaithfidh cur chun cinn an oideachais trí Ghaeilge a bheith mar thosaíocht i ngach plean straitéiseach a bheidh ag an ollscoil amach anseo. Tá cosaint beag ansin. B'fhearr i bhfad, measaim féin, bheith cinnte go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán. Pé acu tá Gaeilge ag an uachtarán nó nach bhfuil, tá sé de dhualgas reachtúil ar an ollscoil oideachas tríú leibhéil trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Ní hé sin an scéal ar fad ach beidh sé ann. Tá an dualgas reachtúil orthu é sin a dhéanamh. Muna ndéanann siad é, beidh sé faoin Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi. Tá díoma orm, ach níl mé gan dóchas. Tá an-shúil agam go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Feicimid.

Déanfaidh mé pointe amháin eile agus ansin fágfaidh mé an chuid eile faoin gcathaoirleach, Bernadette Mullarkey. Bhí ceist ag na baill go léir faoin stádas dátheangach. Aontaím go hiomlán. Ní haon mhaitheas declaration a bheith ann go bhfuil stádas dátheangach ag cathair na Gaillimhe. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi. Nuair a bhíomar ag obair go dlúth le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar a bhíomar, chuireamar an-bhéim ar an ngá go mbeadh coiste stiúrtha ann chun an togra seo a chur chun cinn.

Níor chuireadh an coiste stiúrtha seo ar bun go fóill ach táimid ag leanúint orainn ag cur brú ar an gcomhairle cathrach an coiste stiúrtha seo a chur ar bun ar a mbeidh ballraíocht ag chomhairleoirí na cathrach, eagraíochtaí Gaeilge sa chathair agus na hinstidiúidí sa chathair, agus bhí comhráite againn leis an bpríomhfheidmeannach. Tarlóidh an coiste seo agus beidh sé mar dhualgas air cinntiú nach declaration gan bhrí atá ann, a rá gur cathair dátheangach í, ach go bhfuil togra ann é seo a chur chun cinn. Tá brú ar leith orainn de bharr go bhfuil Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ag teacht go luath. Tá mé féin an-dhóchasach go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach de Ghaillimh mar Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus, ón ár dtaobhanna de, táimid lán-sásta bheith i lár an togra seo. Beidh Gaillimh le Gaeilge ag tiomáint an stádas seo mar chuid den choiste stiúrtha. Tá sé mar aidhm againn le fada an lá stádas dátheangach a bhaint amach do chathair na Gaillimhe. Tá se sórt bainte amach againn anois. Tá an fógra déanta - seo í cathair na Gaillimhe. Táimid lán-sásta a rá go bhfuilimid 100% mar chuid lárnach den rud seo a chur chun cinn. Sin an dá phointe gur mhaith liom féin freagra a thabhairt orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.